RTÉ agus fear Sky News in adharca a chéile faoi Shaoirse Ronan agus na ‘British Isles’

Dúirt Richard Suchet le RTÉ Ten ar Twitter gur 'moladh' a bhí ann 'Briotanach' a thabhairt ar an aisteoir Éireannach

Saoirse Ronan
Saoirse Ronan

Tá ceacht teanga agus tíreolais tugtha ag foireann rannóg siamsaíochta RTÉ d’iriseoir Sasanach de chuid Sky News.

D’fhoilsigh RTÉ Ten alt níos túisce inniu mar gheall ar an scéal go ndúirt Richard Suchet ar fheaschán nuachta “I think we can take Saoirse Ronan as one of ours. She’s in Brooklyn, she’s nominated”.

D’fhreagair Suchet cuntas @RTE_TEN tráthnóna agus é ag maíomh gur “from the British Isles” atá Ronan, a rugadh i Meiriceá agus a tógadh i gContae Cheatharlach.

Ghabh cuntas @RTE_TEN buíochas le Suchet as an tacaíocht ach leag béim ar náisiúntacht an aisteora.

Chroch Suchet giolc eile inar mhínigh sé go mbreathnódh go leor Briotanach uirthi mar dhuine dá ndream féin agus mhaígh gur “moladh” a bhí ann ‘Briotanach’ a thabhairt ar an aisteoir Éireannach.

Is ansin a tugadh an ceacht teanga agus tíreolais don iriseoir Sasanach ar chuntas an chraoltóra Éireannaigh.

Ainmníodh Saoirse Ronan do ghradam Golden Globe dá ról sa scannán Brooklyn, a bunaíodh ar leabhar leis an údar Éireannach Colm Tóibín. Scéal Éireannach mná a chuaigh ar imirce sna 1950idí atá i Brookyln, agus tá Ronan mar rogha na coitianta do na Acadamy Awards i gceann míosa.

Fág freagra ar 'RTÉ agus fear Sky News in adharca a chéile faoi Shaoirse Ronan agus na ‘British Isles’'