Rósanna do Iemanjá

Rósanna – is breá le bandia Afra-Bhrasaíleach na mara iad. Inné, thug na céadta míle Brasaíleach ofráil di

Hijmans_DiaDois_2

Drumaí á mbualadh. Boladh cumhra labhandair ag meascadh le boladh an tsáile. Éadaí bána agus gorma ar chách. Brat rósanna ar an bhfarraige.

Inné i gcathair Salvador in oirthuaisceart na Brasaíle, thug na céadta míle duine ofráil do Iemanjá, bandia Afra-Bhrasaíleach na farraige, mar a dhéanann siad gach bliain ar an 2 Feabhra – bíodh reiligiún Afra-Bhrasaíleach acu nó ná bíodh.

Rósanna – is breá le Iemanjá iad. Rósanna bána, rósanna dearga, rósanna buí, nó cinn a bhfuil dath gorm curtha orthu. Ach caitear seodra agus cumhra labhandair isteach ina cuid tonnta freisin mar chomharthaí grá, ómóis agus buíochais. Súil ag na creidmhigh go dtabharfaidh bandia na mara cosaint agus cabhair dóibh ina saol.

Tugann iascairí Rio Vermelho – ceantar i gcathair Salvador a mheabhródh Bóthar na Trá i nGaillimh do dhuine – na creidmhigh amach ar an Atlantach ina mbáid bheaga. Amhail is faide amach ón gcósta a thugtar na bronntanais do Iemanjá, is ea is lú an seans go dtabharfaidh na tonnta ar ais chuig an trá iad. Comhartha a bheadh ansin, a chreidtear, nár ghlac Iemanjá leo.

An té a dteastaíonn uaidh úsáid a bhaint as seirbhís seo na n-iascairí, caithfidh sé seasamh i scuaine ar feadh uaireanta fada an chloig chun a bhronntanas a thabhairt dóibh. Beag an t-iontas, mar sin, gur fearr i bhfad le go leor daoine a n-ofrálacha a thabhairt do Iemanjá iad féin. Caitheann siad a mbrontanais isteach san fharraige ó charraigeacha nó ón trá, ag súil go dtabharfaidh an taoille amach iad.

Meas ar an timpeallacht ag méadú

Tá cónaí orm féin i bhfoisceacht scread asail de cheantar Rio Vermelho agus ní chaillfinn féile Iemanjá ar ór ná ar airgead. Tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil athrú dearfach ar ghné lárnach den fhéile le blianta beaga anuas: tá an meas ar an timpeallacht ag méadú.

Tráth dá raibh, ní raibh drogall ar bith ar na creidmhigh a gcuid rósanna a chaitheamh isteach san fharraige agus an cumhdach plaisteach inar díoladh iad fós orthu. Ach le bliain nó dhó anuas, táthar tagtha ar an tuiscint go mb’fhéidir go bhfuil dóthain ábhar plaisteach in uiscí Iemanjá mar atá.

Anois, díoltar na rósanna gan aon chlúdach plaisteach orthu in aon chor agus tá laghdú suntasach ag teacht ar líon na mbuidéal cumhráin atá á gcaitheamh san fharraige.

Tá creidmhigh ann fiú amháin nach dtugann bronntanas do Iemanjá ar chor ar bith. Caitheann siad an lá ag bailiú bruscair ar an trá, ag tabhairt ómóis do bhandia na mara ar an gcaoi sin.

Hijmans_DiaDois_1

Hijmans_DiaDois_3

Fág freagra ar 'Rósanna do Iemanjá'