Rosaí Nic Cárthaigh ceaptha ina hoifigeach pleanála teanga i Múscraí 

Tá bean as Cúil Aodha ceaptha ina hOifigeach Pleanála Teanga do Limistéar Pleanála Mhúscraí 

Rosaí Nic Cárthaigh ceaptha ina hoifigeach pleanála teanga i Múscraí 

Tá Rosaí Nic Cárthaigh ceaptha ina hOifigeach Pleanála Teanga i Múscraí.

Bhí Nic Cárthaigh, arb as Cúil Aodha di, ina comhordaitheoir ar phlean teanga Mhúscraí a fhad is a bhí an plean á ullmhú idir 2016 agus 2017. 

Bhí baint aici le coistí áitiúla éagsúla sula ndeachaigh sí i mbun oibre mar chomhordaitheoir ar an phlean teanga. 

Ag labhairt di le Tuairisc.ie , dúirt Grett O’Connor, bainisteoir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí, go raibh an comharchumann “thar a bheith sásta” go mbeadh fáilte á cur roimh Rosaí Nic Cárthaigh mar Oifigeach Pleanála Teanga ag deireadh na míosa. 

Dúirt O’Connor go raibh Nic Cárthaigh lárnach in ullmhú an phlean agus go raibh sí “sár-oilte agus cáilithe dá ról nua”. 

“Is í Rosaí a bhí ag plé leis na coistí pobail, na cumainn agus na grúpaí Gaeilge agus an plean á chur le chéile agus is iontach go bhfuil duine chomh oilte léi i réimse na pleanála teanga ceaptha chun an plean teanga a chur i bhfeidhm,” a dúirt O’Connor. 

Chaith Nic Cárthaigh roinnt blianta ag obair mar Oifigeach Óige le hÚdarás na Gaeltachta. 

Léiritheoir agus stiúrthóir teilifíse ab ea í sula ndeachaigh sí leis an obair i réimse na pleanála teanga. 

Cuirfidh sí tús lena post úr ar an 26 Samhain.

13 plean teanga sa Ghaeltacht atá ceadaithe ó cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012. Dhá bhliain go leith ó shin a sheol Coiste Pleanála Teanga na Ceathrún Rua a bplean teanga chuig Údarás na Gaeltachta, an chéad phlean teanga a seoladh chuig an Údarás. 

Faoin gcóras pleanála teanga, tá plean teanga le cur i bhfeidhm i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá beirt oifigeach pleanála teanga ceaptha go dtí seo, Micheál Mac Aoidh, atá freagrach as Plean Teanga Chloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh, agus Dónall Ó Cnáimhsí atá ceaptha ina oifigeach pleanála teanga i nGaoth Dobhair.

Fág freagra ar 'Rosaí Nic Cárthaigh ceaptha ina hoifigeach pleanála teanga i Múscraí '