‘Rónán Beo @3’ le filleadh ar RnaG, ach uair sa tseachtain a bheidh sé feasta

Beidh clár nua ceoil uair sa tseachtain freisin ag an gcraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí mar chuid de sceideal an fhómhair

‘Rónán Beo @3’ le filleadh ar RnaG, ach uair sa tseachtain a bheidh sé feasta

Beidh ceann de na cláir is iomráití riamh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta le cloisteáil arís ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an fómhair seo agus Rónán Beo @3, le filleadh i ndiaidh sos nach mór bliana.

Ach is clár seachtainiúil seachas clár laethúil a bheidh i gclár tráthnóna Rónáin Mhic Aodha Bhuí as seo amach.

Bhí Rónán Mac Aodha Bhuí ar shos ón obair ó dheireadh na bliana seo caite ach tá sé le cloisteáil arís an samhradh seo ar mhíreanna nuachta an stáisiúin agus ar an gclár Barrscéalta.

Mar chlár irise seachtainiúil dhá uair a chloig gach Aoine a fhillfidh Rónán Beo @3 ar an 8 Meán Fómhair.

Bhíodh Rónán Beo @ 3 le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta cúig lá sa tseachtain ar feadh i bhfad agus thuill cur chuige fuinniúil lán beochta éisteoirí dílse agus mórán gradam don chlár féin agus dá láithreoir.

Beidh clár nua ceoil ag Mac Aodha Bhuí, freisin mar chuid de sceideal an fhómhair — Manglam Ceoil, a chraolfar oíche Shathairn.

Ar an gclár seo casfaidh an craoltóir Conallach a rogha ceoil as an tír seo agus as tíortha eile.

Is é Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí a bheidh ar an aer ó Luan go Déardaoin ag 3pm.

Beidh sceideal iomlán an fhómhair á fhógairt go luath ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuirfear tús leis an sceideal sin Dé Luain, an 4 Meán Fómhair.

Fág freagra ar '‘Rónán Beo @3’ le filleadh ar RnaG, ach uair sa tseachtain a bheidh sé feasta'

  • Bríd & Cuideachta

    Muid chomh sásta anseo i gCois Fharraige go mbeidh Rónán Beo arais arís!

  • eoghan ONeill

    Nuair a bhí Rónan@3 agus Cóisir cheoil Dhónail ina dhiaidh agus ansin Cormac @5 ní raibh a sárú ar staisiún ar bith – iontach a chlos go bhfuil sé ag filleadh – no pasarán!

  • Pádraig

    Is iontach an scéal le cloisteáil go bhfuil Rónán Beo @ 3 ag filleadh. Ar ndóigh, bíonn Rónán beo ag a trí gach uile lá go fóill ach ní bhíonn an deis ag Gaeil na cruinne cluas a thabhairt le héisteacht dó i gcónaí. Cuirfidh an clár go mór le deireadh na seachtaine ón 8/9/17 ar aghaidh! Na Gaeil abú!

  • Seán Ó Corráin

    Scéal ar dóigh go mbeidh Rónán ar ais ar RnaG

  • Breathnóir

    Cuirim fáilte fosta roimh fhilleadh Rónáin ar R na G. Tá sé ar dhuine de na craoltóirí is fuinniúla sa tír, i nGaeilge nó i mBéarla…

  • Sean mac carthaigh

    Braithimid uainn é. An bearna mór líonta. Scoith de chaoltóir tá an t ádh linn

  • An Grádach

    Iontach!

  • Johnny Giles

    Is é Rónán Mac Aodh Buí an duine ba mhó a mealladh mé ar an gcannuint Tír Chonail.Ba ceart go bhfuil sé ar ais mar a bhí leis a clár dhá uair an chloig chuile lá seachtainiúl.Ní thuigim an bheart seo ar corr ar bith.Nílim sásta!

  • Donncha

    Is breá liom a chloisteál go mbeidh Rónán ar ais ar an aer leis an gclár beo ar an Aoine chomh maith le clár ceoil ar an Satharn. Bhraitheamar uainn é.

  • Darach

    Thar barr! Is fada muid ag fanacht lena chloisteáil arís!