An mbreathnóidh an PSNI agus a Phríomh-Chonstábla, Simon Byrne siar ar 2020 mar annus horribilis?
Gearán fíorthromchúiseach is ea ciníochas a chur i leith seirbhís póilíneachta. Bhí a fhios cheana féin nach raibh an chaoi ar láimhseáil an PSNI agóidí Black Lives Matter anuraidh thar mholadh beirte.
Anois tá Ombudsman na bPóilíní ag fiosrú líomhna go raibh cur chuige ciníoch i gceist. Fadhb ollmhór don PSNI is ea é go n-aireodh duine gorm go raibh póilíní claonta ina choinne ar bhonn cine agus má ghlacann an tOmbudsman leis go bhfuil bunús leis an líomhain beidh an tSeirbhís Póilíneachta i dtrioblóid ollmhór.
Rialaigh an tOmbudsman, Marie Anderson mí na Nollag seo caite go raibh an póilíniú ar na hagóidí i nDoire agus i mBéal Feirste tar éis mharú George Floyd in Minneapolis claonta agus éagórach. Ghabh an Príomh-Chonstábla leithscéal i ndiaidh a tuairisce.
Chinn an tOmbudsman ag an am sin áfach nach raibh an cur chuige bunaithe ar chine ná ar eitneachas.
Anois tá fiosrú nua fógartha ag oifig an Ombudsman de bharr gearáin nua a deir go raibh an cur chuige ciníoch i gcomparáid le láimhseáil shochraid an phoblachtánaigh Bobby Storey. Duine a ghlac páirt i léirsiú BLM i nDoire ar an 6 Meitheamh 2020 a rinne an gearán nua.
Líomhnaítear go raibh neamhréir fhollasach idir chur chuige na bpóilíní sa dá chás, maidir le caidreamh leis an lucht eagair agus forfheidhmiú an dlí.
Mhaígh an gearánaí gur chlaontacht ar bhonn cine í an neamhréir sin. Chinn an tOmbudsman go raibh sé de dhualgas uirthi fiosrú a dhéanamh ar an ngearán a rinneadh tamall gearr i ndiaidh fhógra na Seirbhíse Ionchúiseamh Poiblí nach gcuirfí an dlí ar bhaill shinsearacha de Shinn Féin faoina bpáirt i sochraid Storey.
D’éiligh na páirtithe aontachtacha go n-éireodh an Príomh-Chonstábla as oifig nuair a fógraíodh nach gcúiseofaí éinne. Chuir polaiteoirí aontachtacha an milleán ar na póilíní, beag beann ar cheisteanna faoi dhoiléire na srianta Covid-19 agus le teann frustrachais mar nach raibh aird dá laghad ag Sinn Féin ar an míshuaimhneas faoina neamhaird ar na srianta nuair a d’fheil sé dóibh.
Buille eile don mhuinín san PSNI agus go háirithe don Phríomh-Chonstábla Simon Byrne ab ea an chonspóid sin. I bhfianaise na guagachta sa pholaitíocht le cúpla seachtain anuas seans gur shíl Simon Byrne go raibh na sála tugtha leis aige an iarraidh seo. Ach is buille nua dó an cinneadh a d’fhógair an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí Dé Céadaoin nach gcúiseofar éinne den cheithre dhuine dhéag as a bpáirt sna léirsithe BLM anuraidh.
Ní éireodh le cúisimh a dúirt an tSeirbhís mar d’fhéadfadh na cosantóirí a mhaíomh go raibh cúis mhaith acu, faoi cheist shóisialta an-tábhachtach. Ina theannta sin bhí na léirsithe síochánta agus eagraíodh iad – le scaradh sóisialta, mascanna, díghalrán lámh – de réir na dtreoracha chun scaipeadh an víris a sheachaint. Dúirt an tIonchúisitheoir freisin go raibh ceisteanna faoi chur chuige neamhréireach an PSNI i leith léirsithe dhifriúla.
Nuair a d’eisigh an tOmbudsman a tuairisc faoi Nollaig go raibh cur chuige an PSNI claonta agus nár cuireadh cearta agóidíochta san áireamh, d’admhaigh an Príomh-Chonstábla go raibh dochar déanta don chaidreamh leis an bpobal dubh agus eitneach. Ní dochar go dtí é agus ní léir cé mhéad atá foghlamtha idir an dá linn. Tá ceist chasta le réiteach fós faoi fhíneálacha a ghearradh ar bhreis is trí scór duine a bhí páirteach sna hagóidí BLM; ní mór don chóras bealach a aimsiú chun iad a chealú agus a ghlanadh den taifead.
I bhfianaise na praisí seo tá na póilíní chun tascfhórsa a bhunú chun tuiscint agus caidreamh leis an bpobal dubh agus eitneach a fheabhsú. Is maith sin.
Ach sé an dúshlán mór don PSNI a chinntiú, ní hamháin nach bhfuil an fórsa ciníoch ach nach bhfuil aon amhras ann nach bhfuil siad ciníoch. Rómhinic a chloistear bhíomar ‘ciotach’ ach ní raibh ciníochas i gceist. Ní dhéanfaidh an leithscéal sin cúis feasta.
Fág freagra ar 'Rómhinic a chloistear bhíomar ‘ciotach’ ach ní raibh ciníochas i gceist'