‘Róluath do phlód múinteoirí agus daltaí ag meascadh i scoileanna’ 

Deir an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh rátaí scaipthe an Covid-19 ró-ard faoi láthair d’oscailt iomlán na scoileanna

‘Róluath do phlód múinteoirí agus daltaí ag meascadh i scoileanna’ 

Dr Colm Henry. Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Caithfidh laghdú mór teacht ar líon na gcásanna den Covid-19 sa phobal sula n-osclófar na scoileanna ar fad, a deir an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Agus é faoi agallamh ar Morning Ireland ar RTÉ ar maidin, dúirt an Dr Henry, go gcaithfeadh rátaí scaipthe an choróinvíris a bheith i bhfad níos ísle sa tír sula dtosódh plód múinteoirí agus daltaí ag meascadh le chéile i scoileanna. 

Dúirt Henry go raibh súil aige go dtabharfaí tosaíocht don oideachas riachtanais bhreise. “Tubaiste” is ea é, dar leis gur faoi scoileanna dúnta atá an chaint arís agus “a fhios againn ón gcéad ráig an méid dochair a rinneadh do pháistí”.

“Rinneadh an-dochar go háirithe do pháistí sna chéad bhlianta scoile agus iadsan a bhí ag freastal ar an tseirbhís riachtanais speisialta,” a deir an Dr Henry. 

“Níl aon duine ag iarraidh go mbeadh scoileanna dúnta ar feadh achar fada mar a bhí faoin gcéad dianghlasáil, ach tá na rátaí scaipthe ró-ard faoi láthair, deich n-uaire níos airde ná mar a bhí siad i dtús mhí na Nollag. 

“Caithfidh siad a bheith i bhfad níos ísle sular féidir linn contúirt bhreise a chruthú agus daoine ag plódú agus ag meascadh i scoileanna,” a dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE. 

Dúirt sé go raibh súil aige go gcuirfear an bhéim ar ghnéithe faoi leith den oideachas “go háirithe daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu mar is measa a chuireann an dianghlasáil isteach orthusan.”

Bhí an Roinn Oideachais ag iarraidh go bhfillfeadh daltaí a raibh riachtanais faoi leith acu agus a n-oidí ar scoil inné ach níor ghlac na ceardchumainn leis an bplean. 

Bhí cainteanna ar siúl arís inné idir an Roinn Oideachais agus ceardchumainn an INTO agus Fórsa féachaint an bhféadfaí teacht ar bhealach leis an tseirbhís oideachais speisialta sin a chur ar fáil arís.

Dúirt an tAire Ardoideachais, Simon Harris, inné go gcaithfí na sonraí faoi scrúdú Ardteistiméireachta na bliana seo a chur ar fáil roimh dheireadh mhí Feabhra. 

“Ní leor a rá go reáchtálfar iad, caithfear plean mionsonraithe do na scrúduithe a fhoilsiú a thabharfaidh muinín do na daltaí, na tuismitheoirí agus foireann na scoileanna,” a dúirt an tAire. 

Dúirt sé go raibh an tAire Oideachais ag obair go dian ar son na ndaltaí agus teastaíonn uaithi féin agus ón Rialtas go reáchtálfaí scrúdú na hArdteiste i mbliana. 

“Ach caithfear na mionsonraí faoin bplean sin a chur ar fáil,” arsa Harris. Dúirt sé go mbeadh an Rialtas ag breathnú ar shrianta agus cosaint sláinte ag cruinniú an tseachtain seo chugainn agus go mbeifí “níos soiléire” ansin faoi chúrsaí oideachais. 

Dúirt Harris go raibh na ceardchumainn ag iarraidh go mbeadh an scrúdú ann, ach nár mhór cuimhneamh go bhfuil “strus agus imní” ar dhaltaí.

Fág freagra ar '‘Róluath do phlód múinteoirí agus daltaí ag meascadh i scoileanna’ '