Ról nua do Canning in aghaidh Thiobraid Árann, na Conallaigh sa tóir ar bhua eile

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar chluichí móra an lae inniu, Tiobraid Árann v Gaillimh san iomáint agus Dún na nGall v Muineachán sa pheil

Joe Canning. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tiobraid Árann v Gaillimh – Staid Semple, 1.30pm (Beo ar TG4)

Agus iománaithe na Gaillimhe ag iarraidh a dtríú cluiche as a chéile a thabhairt leo tráthnóna, tá a gcéilí comhraic fós ag fanacht ar a gcéad bhua i Sraith Iomána na bliana seo.

Ní drochscéal ar fad é ag Tiobraid Árann. Ar comhscór a chríochnaigh an dá chluiche a bhí acu go dtí seo ach beidh Liam Sheedy ag iarraidh an bua a fháil inniu chun an spreagadh atá ag teastáil ón bhfoireann a thabhairt di.

D’aimsigh Jason Forde an buille comhscóir do Thiobraid Árann in aghaidh Chorcaí an lá cheana ach táthar ag brath rómhór ar a chuid pocanna saora. Tháinig 57% de scóranna Thiobraid Árann sa tsraith go dtí seo ó chamán Forde, 0-24 den 0-44.

Caithfidh na himreoirí eile an fód a sheasamh ach bhí cosantóirí na Gaillimhe an-mhaith in aghaidh Luimnigh an deireadh seachtaine seo caite agus d’fhéadfadh lá crua eile a bheith i ndán do thosaithe Thiobraid Árann.

Tá Daithí Burke ainmnithe ar fhoireann na Gaillimhe inniu den chéad uair i mbliana agus an sárchosantóir ar ais sa líne lánchúil. Beidh a thaithí ag teastáil agus beirt ógánach, Darren Morrissey agus TJ Brennan, chaon taobh don Bhúrcach. An rud is suntasaí faoi fhoireann seo na Gaillimhe ná go bhfuil Joe Canning ainmnithe i lár na páirce. D’éirigh go maith le fear Phort Omna san ionad sin nuair a tugadh isteach é in aghaidh Luimnigh agus d’fhéadfaí é a fheiceáil ann níos minice i mbliana.

Seo deis do roinnt tosaithe dul i bhfeidhm ar an mbainisteoir agus seans á thabhairt do Jason Flynn, Conor Cooney agus Kevin Cooney inniu.

Eoghan Bán Gallagher (sa lár), Hugh McFadden (ar chlé) agus Conor McManus (ar dheis). Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Dún na nGall v Muineachán – Páirc Uí Dhomhnaill, 5.00pm (Beo ar eir Sport)

Níl ach seachtain den séasúr peile nua caite ach tá cluiche tábhachtach cheana féin ag fir Mhuineacháin. Má chailleann siad in aghaidh Dhún na nGall, beidh Muineachán go mór i mbaol titim go dtí Roinn 2 den chéad uair ó 2013.

Cuireadh foireann óg chun páirce in aghaidh Ard Mhacha an tseachtain seo caite agus cé gur thugadar taispeántas maith den chuid is mó, fuair foireann Kieran McGeeney an ceann is fearr orthu i dtreo dheireadh na himeartha chun an bua a fháil.

Tháinig Conor McManus, Darren Hughes agus Kieran Hughes isteach mar ionadaithe ach is é Darren an t-aon duine den triúr a bhfuil taithí mhór aige atá ainmnithe ar an bhfoireann do chluiche an lae inniu.

D’fhág an taispeántas cumasach a thug Dún na nGall in aghaidh Thír Eoghain an tseachtain seo caite nach bhfuil an brú céanna orthu tráthnóna ach beidh Declan Bonner ag iarraidh áit sna babhtaí leathcheannais a chinntiú le bua inniu.

Bhí Michael Murphy, Paddy McBrearty agus Neil McGee ar fheabhas ar fhoireann na gConallach an deireadh seachtaine seo caite ach b’fhéidir go mbeadh an bainisteoir ag iarraidh tuilleadh a fheiceáil ó na fir timpeall orthu i gcluiche an lae inniu.

Níl ach péire de na seacht gcluiche sraithe is déanaí idir na foirne seo buaite ag Dún na nGall ach is iad rogha na coitiantachta tráthnóna.

Fág freagra ar 'Ról nua do Canning in aghaidh Thiobraid Árann, na Conallaigh sa tóir ar bhua eile'