Ról na Gaeltachta in iarratas Gaillimh2020 le plé ag cruinniú anocht

Deir Gaillimh2020 go bhféadfadh tionchar mór a bheith ag an stádas, dá mbainfeadh Gaillimh amach é, ar an gcathair, ar an gcontae agus ar an nGaeltacht araon ó thaobh turasóireachta agus cultúir de

Udaras1

Déanfaidh an t-eagras ‘Gaillimh2020’, atá ag réiteach iarratas Chathair na Gaillimhe ar stádas Chathair Cultúir na hEorpa 2020, cur i láthair anocht in oifigí Údarás na Gaeltachta ina bpléifear an ról atá ag an nGaeltacht san iarratas.

Deir Gaillimh2020 go bhféadfadh tionchar mór a bheith ag an stádas, dá mbainfeadh Gaillimh amach é, ar an gcathair, ar an gcontae agus ar an nGaeltacht araon ó thaobh turasóireachta agus cultúir de.

Beidh Gaillimh2020 ag leagan amach “an chabhair atá ag teastáil ó mhuintir na Gaeltachta” roimh thuras na moltóirí ón Eoraip an samhradh seo chun an stádas a bhaint amach.

“Dá mbainfeadh Gaillimh an gradam amach in 2020, thiocfadh méadú ar líon na dturasóirí, feabhas ar dhearcadh mhuintir na Gaillimhe i leith an chultúir agus i leith an tsaoil. Teastóidh teacht le chéile agus comhoibriú chun é seo a bhaint amach. Is teideal Eorpach faoi leith é seo do Ghaillimh – don chathair ach go mór mór, don chontae freisin,” a dúirt urlabhraí Gaillimh2020.

Cruinniú príobháideach a bheidh i gcruinniú na hoíche anocht idir ionadaithe ón Údarás agus ó Ghaillimh2020.

Má éiríonn le hiarratas na cathrach, beidh Oireachtas na Gaeilge ar siúl i gCathair na dTreabh in 2020.

D’éirigh le foireann Gaillimh2020 a ghabháil tríd an mbabhta deiridh den chomórtas i mí na Samhna na bliana seo caite. Tá siad anois san iomaíocht leis ‘Na Triúr Deirfiúracha’, comhiarratas Phort Láirge, Chill Chainnigh agus Loch Garman, agus Cathair Luimnigh le bheith mar Chathair Cultúir na hEorpa.

Fógrófar buaiteoir an chomórtais i mí Iúil. Tharla sé faoi dhó cheana go raibh Cathair Cultúir na hEorpa in Éirinn. Ba ar Bhaile Átha Cliath a bronnadh an stádas i 1991 agus ar Chorcaigh in 2005.

Fág freagra ar 'Ról na Gaeltachta in iarratas Gaillimh2020 le plé ag cruinniú anocht'