Róisín Ní Eadhra ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide i Roinn na Gaeltachta

Tá aithne i bhfad agus i ngearr ar bhean na Ceathrún Rua mar gheall ar a cuid oibre mar iriseoir agus mar chraoltóir le RTÉ agus TG4

Róisín Ní Eadhra ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide i Roinn na Gaeltachta

Tá Róisín Ní Eadhra, an t-iarchraoltóir agus iar-iriseoir aitheanta as an gCeathrú Rua, ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide agus Meáin ag an Roinn Cultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Beidh an t-iar-iriseoir lonnaithe in oifig preasa na Roinne ina ceannáras ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath.

Beidh Ní Eadhra ag plé le cúrsaí cumarsáide i dtaobh chúraimí go léir na roinne ach beidh na meáin Ghaeilge go háirithe sásta go bhfuil cainteoir dúchais Gaeilge ceaptha sa phost is sinsearaí san oifig preasa.

Tá aithne i bhfad agus i ngearr ar Róisín Ní Eadhra mar gheall ar a cuid oibre mar iriseoir agus mar chraoltóir le RTÉ agus TG4.

Bhí sí 15 bliain ina hiriseoir nuachta le RTÉ. D’éirigh sí as cúpla bliain ó shin agus bhí sí ag obair mar shaoririseoir agus ag plé leis an margaíocht dhigiteach go dtí le déanaí. Chuireadh sí an clár irise agus cainte Róisín i láthair ar TG4.

As an gCeathrú Rua ó dhúchas di, tá sí pósta leis an abhcóide Mark O’Connell agus ceathrar clainne orthu.

Fág freagra ar 'Róisín Ní Eadhra ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide i Roinn na Gaeltachta'

  • AnRógaire

    Beidh sí fostaithe chun polasaí na Roinne/an rialtaias a chosaint.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An bhfuil teideal an ailt seo bréagach…?

    ‘…ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide agus Meáin ag an Roinn Cultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta.’..

    Post Béarla a bheas ann is cosúil – agus cúpla uair a chloig ag labhairt na Gaeilge do na meáin Ghaeilge. An mbeidh an Ghaeilg le feiceáil nó le cloisteáil ar na tograí/himeachtaí/fógraí uilig sa saol taobh amuigh den Ghaeltacht? – i gceantar an dátheangachais?

  • Eilís Uí Bhriain

    Bhain mé taithneamh as clár Róisín” at TG4 cúpla bhliain o shin,iontach. Bhí scil speisialta aici ag plé leis na haoinna éagsúla, déanfaidh sí jab maith sa phost nua.