‘Róise & Frank’ ainmnithe don phríomhdhuais ag na gradaim IFTA, seacht n-ainmniúchán faighte ag scannáin Ghaeilge

Tá beirt as scannáin Ghaeilge ainmnithe sa rannóg don ‘Banaisteoir is Fearr’ ag gradaim IFTA na bliana seo

‘Róise & Frank’ ainmnithe don phríomhdhuais ag na gradaim IFTA, seacht n-ainmniúchán faighte ag scannáin Ghaeilge

Beidh scannán Gaeilge san iomaíocht don duais don scannán is fearr ag Gradaim IFTA [Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann] don dara bhliain as a chéile.

Bliain ó d’éirigh le scannán Gaeilge, An Cailín Ciúin, an phríomhdhuais a fháil ag na gradaim den chéad uair, tá ainmniúchán faighte ag Róise & Frank don ‘Scannán is Fearr’.

Beidh an scannán Gaeilge san iomaíocht le leithéidí The Banshees of InisherinThe Wonder agus Aisha don mhórghradam.

Sé cinn d’ainmniúcháin do Ghradaim IFTA 2023 atá faighte ag Róise & Frank, scannán faoi bhaintreach mná a chreideann go bhfuil a fear céile tagtha ar ais i gcruth gadhair.

Tá Rachael Moriarty agus Peter Murphy ainmnithe sa rannóg don ‘Stiúrthóir Scannáin is Fearr’ agus tá ainmniúchán faighte ag an mbeirt freisin don ‘Script Scannáin is Fearr’.

Ainmníodh Bríd Ní Neachtain, atá sa phríomhpháirt sa scannán, sa rannóg don ‘Banaisteoir is Fearr’. Tá ainmniúcháin faighte freisin do Róise & Frank ag Pádraig O’Neill don ‘Dearadh Léiriúcháin’ agus ag Colm Mac Con Iomaire sa rannóg ‘Ceol’.

Tá gradaim idirnáisiúnta agus léirmheasanna moltacha faighte ag Róise & Frank, a taifeadadh i nGaeltacht Phort Láirge agus a maoiníodh faoi scéim Cine4.

Tá ainmniúchán faighte ag scannán Gaeilge eile, Tarrac, a maoiníodh faoin scéim chéanna. Beidh Kelly Gough, a bhí sa phríomhpháirt sa scannán, san iomaíocht le Bríd Ní Neachtain sa rannóg don ‘Banaisteoir is Fearr’

Tarrac suite i nGaeltacht Chiarraí mar a bhfilleann iníon abhaile chun cuidiú lena hathair agus é ag téarnamh ó thaom croí.

Tá an cainteoir líofa Gaeilge Úna Ní Dhonghaile i measc na ndaoine a fuair ainmniúchán do Ghradaim IFTA 2023 chomh maith agus í ainmnithe sa rannóg ‘Eagarthóireacht’ as an obair a rinne sí ar an scannán Death on the Nile.

Fuair The Banshees of Inisherin, a taifeadadh ar dhá oileán Ghaeltachta, 11 ainmniúchán do ghradaim na bliana seo, níos mó ná aon scannán eile. Fuair an tsraith teilifíse Bad Sisters dosaen ainmniúchán.

Bronnfar Gradaim IFTA 2023 ag searmanas speisialta ar an 7 Bealtaine.

Cuireann an BAI, Fís Éireann agus TG4 maoiniú ar fáil don scéim Cine4 agus rinne Ardstiúrthóir an stáisiúin teilifíse comhghairdeachas inniu le lucht Róise & Frank agus Tarrac.

“Is aitheantas iad na seacht n-ainmniúchán seo don chaighdeán atá sna scannáin idir aisteoireacht, agus scannánaíocht,” a dúirt Alan Esslemont.

“Bhí scannáin Ghaeilge d’ardchaighdeán le feiceáil i bpictiúrlanna agus ag féilte scannáin go rialta sa bhliain 2022 agus is iontach an rud é go bhfuil TG4 agus Cine4 lárnach san earnáil scannánaíochta in Éirinn agus ar fud an domhain.”

Tagann na hainmniúcháin is deireanaí do scannáin Ghaeilge sna sála ar ghaiscí An Cailín Ciúin, a bhuaigh ocht gcinn de ghradaim IFTA anuraidh agus atá ainmnithe do ghradam Oscar. Dúirt Esslemont go bhfuil “athrú ó bhonn” tagtha ar earnáil scannánaíochta na hÉireann dá bharr.

Bhí dea-scéal eile ann do TG4 an tseachtain seo agus naoi n-ainmniúchán faighte ag cláir de chuid an stáisiúin do Ghradaim Theilifíse RTS 2023 [Royal Television Society].

Ainmníodh an scannán Doineann sa rannóg ‘Drámaíocht’ agus an clár Cumasc: Seisiúin sa Black Gate don chlár Siamsaíochta is fearr.

Dhá chlár, Cois Móire agus An Diabhal Inti, a ainmníodh sa rannóg ‘Sraith Fhíorasach’ agus Cyril Cusack: Lár An Stáitse a ainmníodh don ‘Clár Fíorasach’ is fearr.

Sa rannóg ‘Spórt’, fuair an clár Anton O’Toole – Finscéal de Shaol GAA agus an t-eagrán de Laochra Gael faoi Terence McNaughton ainmniúcháin agus tugadh aitheantas freisin do An Buachaill Gealgháireach agus Bagatelle – Ómós do Liam Reilly sna rannóga ‘Sainchlár Fíorasach’ agus ‘Siamsaíocht Fhíorasach’.

Fógrófar na buaiteoirí tráthnóna Dé Máirt an 28 Márta ag ócáid in Óstán an Galmont i nGaillimh.

Fág freagra ar '‘Róise & Frank’ ainmnithe don phríomhdhuais ag na gradaim IFTA, seacht n-ainmniúchán faighte ag scannáin Ghaeilge'

  • Muireann

    Mór an trua nach bhfuil gradam ann don Ainmhí is Fearr. Frank, an madra, go hiontach sa scannán mar a bhí an chliar iomlán. Sár-scannán agus ardú croí!