Roinnt Gael fágtha fós i gcluichí móra na hEorpa

Amárach i Staid Ashton Gate, Bristol, a thabharfaidh Racing 92 na Fraince faoi Exeter Shasana i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh

Roinnt Gael fágtha fós i gcluichí móra na hEorpa

Donnacha Ryan agus Simon Zebo. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Fiú murar éirigh le haon fhoireann ón tír seo cluiche ceannais Chorn na gCuradh a bhaint amach, cluiche a bheas á imirt amárach, ní hé sin le rá nach bhfuil aon suim ag lucht leanta rugbaí sna cluichí seo. Go deimhin, a mhalairt an cás.

Amárach i Staid Ashton Gate, Bristol, tabharfaidh Racing 92 na Fraince faoi Exeter Shasana i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh, comórtas a bhí ar athló de bharr an Covid-19 le breis agus sé mhí anois.

Ba iad na Laighnigh an t-aon fhoireann ón tír seo a bhain áit amach i mbabhtaí ceathrú ceannais an chomórtais shinsir ach theip orthu 25 -17 i gcoinne Saracens Shasana, curaidh an chomórtais.

Bhí Racing 92 róláidir do Saracens (19-15) sa gcluiche leathcheannais ina raibh beirt imreoirí de chuid na hÉireann agus na Mumhan thar a bheith lárnach in iarrachtaí na foirne as Páras: an t-imreoir dara rang Donnacha Ryan agus an lánchúlaí Simon Zebo.

Ní dóigh go mbeadh an lá le foireann na Fraince murach go raibh an bheirt imreoirí sin chomh héifeachtach is a bhí i gcluiche a bhí fíorfhisiciúil go deo óna thús. Is cinnte go mbeidh neart tacaíochta ag Racing sa tír seo de bharr na beirte seo a bheith leo. Mar sin féin, is cinnte freisin go bhfuil neart de lucht leanta dílis na Mumhan ag fiafrú cé a lig d’imreoirí chomh cumasach leo imeacht uathu thar sáile. Ceist mhaith go cinnte i gcás na Mumhan, foireann nár bhain fiú na babhtaí ceathrú ceannais amach.

Maidir leis an gcluiche féin is coimhlint atá ann idir an fhoireann atá ar bharr an Premiership i Sasana agus foireann atá sa tríú háit sa Top 14, comórtas na Fraince. Is buntáiste d’Exeter gur in Bristol, áit nach bhfuil rófhada as baile uathu, atá an cluiche á imirt ach seo é an chéad uair acu a bheith ag imirt i gcraobh an chomórtais seo. Ní hionann an scéal ag Racing, foireann a d’imir sa gcluiche ceannais in 2016 agus arís in 2018. Theip orthu an dá uair. Bhí go leor de na himreoirí céanna a bheas ag imirt do Racing amárach ar an bpáirc an lá sin in 2018, Ryan agus Zebo ina measc, lá ar cheil na Laighnigh an chraobh orthu. Níl mé cinnte an leor an taithí sin chun greim a fháil ar an ngradam is airde i gcás chlubanna na hEorpa.

Seans go mbeidh suim mhór ag leantóirí rugbaí Chúige Chonnacht i gcluiche ceannais Chomórtas an Dúshláin idir Bristol Shasana agus RC Toulon na Fraince, cluiche a bheas á imirt anocht i Staid Maurice David i ndeisceart na Fraince.

Ar phár ar aon chaoi, is ag na Francaigh atá na buntáistí ar fad roimh thús an chluiche seo. Mar sin féin, seans go mbeidh cúpla cleas dá chuid féin ag príomhchóitseálaí Bhristol, Pat Lam agus ag a chúntóir John Muldoon, an bheirt a threoraigh Cúige Chonnacht go dtí barr an Pro 14 in 2016. Beidh neart ag gleo ar a son in iarthar na hÉireann anocht.

Fág freagra ar 'Roinnt Gael fágtha fós i gcluichí móra na hEorpa'