‘Roinnt deiseanna’ ag scoileanna Gaeltachta ionadaíocht a bhaint amach ar bhord nua – Aire

Beidh deis ag scoileanna Gaeltachta áit a fháil ar Bhord COGG trí Údarás na Gaeltachta agus trí cheardchumainn na múinteoirí a bhfuil ainmniúcháin acu, a deir an tAire Oideachais, Jan O' Sullivan

 Jan O'Sullivan. Pictiúr:  Laura Hutton/Photocall Ireland
Jan O’Sullivan. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Beidh ‘roinnt deiseanna’ ag scoileanna Gaeltachta ionadaíocht a bhaint amach ar bhord nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), a deir an tAire Oideachais Jan O’Sullivan

Bhí an tAire ag freagairt ceist Dála ó Charlie McConalogue (FF) faoi chur le chéile Bhord COGG agus faoin ionadaíocht a dhéanfaí ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna na Gaeltachta air.

Chuir an Teachta Dála ceist ar an Aire chomh maith faoin athbhreithniú ar a bpolasaí oideachais don Ghaeltacht atá ar bun i láthair na huaire freisin.

Thug an tAire Oideachais le fios go mbeidh deis ag scoileanna Gaeltachta áit a fháil ar Bhord COGG trí Údarás na Gaeltachta a ainmneoidh beirt bhall agus trí cheardchumainn na múinteoirí a bhfuil ainmniúchán chomh maith acu..

Beidh dháréag ar bhord nua COGG agus tá ainmniúcháin á lorg i láthair na huaire don bhord. Beidh beirt ó Ghaelscoileanna Teoranta ar an mbord chomh maith le hionadaithe ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, Foras na Gaeilge agus an Comhairle na Scrúduithe agus Measúnachta i dTuaisceart Éireann.

“If teachers from Gaeltacht schools seek to have representation through the above organisations, they will have a significant and valued voice on the new board,” a dúirt an tAire O’Sullivan.

Léireodh imní agus míshástacht faoi leagan amach an Bhoird nua nuair a fógraíodh na sonraí ina thaobh toisc nach raibh aon chinnteacht ann go mbeadh ionadaíocht Ghaeltachta air.

Fág freagra ar '‘Roinnt deiseanna’ ag scoileanna Gaeltachta ionadaíocht a bhaint amach ar bhord nua – Aire'