‘Roinnt daoine beaga le guthanna móra’ is cúis leis an ‘diúltachas’ faoi chúrsaí peile – Éamonn Fitzmaurice

Deir bainisteoir Chiarraí go bhfuil tráchtairí peile áirithe rófhada ag plé leis an gcúram go mb’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil siad bréan de dá bharr

‘Roinnt daoine beaga le guthanna móra’ is cúis leis an ‘diúltachas’ faoi chúrsaí peile – Éamonn Fitzmaurice

Tá ráite ag bainisteoir fhoireann peile Chiarraí Éamonn Fitzmaurice gur “mionlach” a mbíonn an-ghleo acu is cúis leis an meon diúltach atá á nochtadh faoi chúrsaí caide faoi láthair.

“Ní aontaím leis an rud agus is dóigh liom go bhfuil roinnt daoine an-diúltach ach mionlach atá ann is dóigh liom,” a dúirt sé.

Ag labhairt dó leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Fitzmaurice go bhfuil tráchtairí peile áirithe rófhada ag plé leis an gcúram go mb’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil siad bréan de dá bharr.

“Tá a fhios againn go bhfuil sé ann, bíonn daoine ag rá linn go raibh an duine seo nó an duine siúd ag tabhairt amach, ach ní aontaím leis. Is dóigh liom go bhfuil an-chuid diúltachais ann ó roinnt daoine beaga a bhfuil guthanna móra acu agus gur féidir leo an dioscúrsa sin a chasadh i slite áirithe.

“Seans go bhfuil an-chuid dos na daoine sin go bhfuil siad sa rud rófhada, cuid acu tá siad ann le breis is tríocha bliain agus b’fhéidir go bhfuil siad bréan den rud. Níl a fhios agam an mbíonn na daoine óga nua ann, an mbíonn siadsan chomh diúltach san,” a dúirt  Éamon Fitzmaurice.

Dúirt Fitzmaurice go mbíonn cluichí “iontacha” agus cluichí nach mbíonn “rómhaith” ann sa pheil.

“Bímse ag féachaint ar an-chuid cluichí, le cúpla lá anuas táim ag féachaint ar an-chuid de Chill Dara; tá imreoirí an-mhaith acu, tá siad lán de scil, tá siad aclaí, tá siad cruinn, ní dhéanann siad mórán botún. Tá cruinneas ann ó thaobh na dteaicticí. Ní dóigh liom go raibh sé sin ann 20 bliain ó shin, is cinnte nach raibh sé ann 40 bliain ó shin.

“Níl a fhios agam, níl a fhios agam cad atá ag teastáilt ó dhaoine. Seans go bhfuil rudaí nach bhfuil iontach [ann] nuair a bhíonn dhá fhoireann ag imirt i gcoinne a chéile agus nuair a bhíonn an dá fhoireann an-chosantach, ní fhéachann sé sin go hiontach, ach mar a deirim, i gcónaí bhí cluichí ann nach raibh go hiontach, i gcónaí bhí cluichí an-mhaith ann.

“Mar a deirim,  an deireadh seachtaine seo caite, cheapas go raibh an dá chluiche a bhí ann an-mhaith. Bhí 1-17 againn agus ag Muineachán agus bhí scór mór sa chluiche eile leis.”

D’fhág an comhscór idir Ciarraí agus Muineacháin i gCluain Eois an tseachtain seo caite go bhfuil deis go fóill ag foireann na Ríochta cáiliú do chluiche leathcheannais na hÉireann.

Chun go n-éireodh leo sin a dhéanamh, chaithfidís an bua a fháil ar Chill Dara an deireadh seachtaine seo i gCill Airne agus chaithfeadh an Ghaillimh an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán i mBóthar na Trá.

D’aontaigh Fitzmaurice nach raibh a mbuille aimsithe ag an bhfoireann ó thús chomórtas an tSár-Ochtair.

“Níor imríomar in aon chor i gcoinne na Gaillimhe. Bhíomar níos fearr an tseachtain seo caite, ach nílimid ag imirt chomh maith is a bhíomar i gCúige Mumhan. Fós, níl a fhios againn cén chúis atá ag baint leis sin, is dócha go bhfuil roinnt daoine ag cur milleáin ar an bhfreasúra, ach fós is dóigh liom go mbeadh an taispeántas a bhí againn thíos i bPáirc an Chrócaigh maith go leor chun buachtaint ar an-chuid foirne in Éirinn.

“Ach níl sé sin tugtha chun cinn againn ó shin. Fós, tá a fhios againn féin laistigh den champa go bhfuilimid an-chóngarach dó, agus táimid chun leanúint ar aghaidh ag iarraidh na rudaí cearta a dhéanamh agus tiocfaidh sé.”

Dúirt sé go raibh Ciarraí “fós ag troid”, go raibh “taithí iontach” á fáil ag a imreoirí óga go léir agus go mbeidís “ullamh” do chluiche leathcheannais na hÉireann sa chás go mbeadh rith an ráis leo an deireadh seachtaine seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Roinnt daoine beaga le guthanna móra’ is cúis leis an ‘diúltachas’ faoi chúrsaí peile – Éamonn Fitzmaurice'

  • Jamie Ó Tuama

    An ceart ar fad ag Fitzmaurice anseo. Seo alt a scríobh mé féin ar an ábhar céanna:

    https://wp.me/p752VT-hG

  • Pádraig

    Tá Fitzmaurice ann ró fhada.Tá an ceart ag na seanfhondúirí faoi chaighdeán na peile.Tá sé thar am na rialacha a athrú agus an bhéim a chur ar na bunscileanna mar breith ar an liathróid ard,an pheil a bhualadh ón lámh agus srian a chur ar an gcispheil.Muna ndéantar rud éigin go tapa beidh deireadh leis an gcód

  • Carraig

    Aontaím. Cluiche ceannais na Mumhan mar shampla…cluiche éachtach maith. Thar a bhfaca tú riamh. Bhí gach uile rud beo ann: scil, luas lasrach, sármheabhair, teannas, coimhlint ghéar, crógacht, ardaigeantacht, comhimirt iontach, fearúlacht agus faobhar. Bíodh an fheamainn ag ‘lucht an diúltachais’. Fágaimis iad siúd ag féachaint síos ar a n-imleacán. Ò mo mhìle pardún agaibh mheas mé gur ag trácht ar na camáin a bhí Fitzie (hí hí).