‘Roinnt ceisteanna crua’ le cur ar lucht an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge in agallamh beo ar líne

Tá agallamh beo le lucht an fhoclóra nua á reáchtáil anocht ag Gaelchultúr i gcomhpháirt le Tuairisc.ie, agallamh a chraolfar beo ar leathanach Facebook an dá dhream ag 7pm

‘Roinnt ceisteanna crua’ le cur ar lucht an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge in agallamh beo ar líne

Tá agallamh beo á reáchtáil anocht, a bhfuil faoi an pobal a chur ar an eolas faoin fhoclóir nua Béarla-Gaeilge, Concise English-Irish Dictionary.

Tá an t-imeacht á reáchtáil ag Gaelchultúr i bpáirt le Tuairisc.ie, agus craolfar an t-agallamh beo ar leathanach Facebook an dá dream ag 7pm.

Beidh Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúr, Éamonn Ó Dónaill, i mbun cainte le Príomh-Eagarthóir an fhoclóra nua, Pádraig Ó Mianáin agus le bainisteoir tionscadail an togra, Cormac Breathnach.

Déanfar plé le linn an agallaimh ar an obair mhór atá déanta ó cuireadh tús le tionscadal an fhoclóra fiche bliain ó shin agus díreofar freisin ar chuid de na cinntí a bhí le déanamh ag an fhoireann, go háirithe ó thaobh na gramadaí de.

Le linn an chraolta, beidh deis ag an lucht féachana ceisteanna a chur ar an bheirt foclóirithe agus tuairimí a nochtadh maidir leis an fhoclóir trí thráchtanna a fhágáil faoin fhíseán ar Facebook.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Éamonn Ó Dónaill go raibh “tábhacht thar na bearta” ag baint le tionscadal an fhoclóra nua toisc gurb é an chéad fhoclóir dá leithéid ó foilsíodh an foclóir deireanach Béarla-Gaeilge seasca bliain ó sin.

“Tá sé tábhachtach an t-éacht atá déanta ag foireann an fhoclóra a cheiliúradh agus aird an phobail a tharraingt ar a saothar.

“Le linn an agallaimh le Pádraig agus Cormac, tá sé i gceist agam labhairt leo faoin obair mhór atá déanta ag foireann an fhoclóra ó cuireadh tús leis an tionscadal fiche bliain ó shin agus fiafraí díobh faoin éifeacht a bhí ag an obair dhian a bhí le déanamh acu ar a saol, go háirithe le bliain nó dhó anuas agus an brú ag géarú orthu,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Dónaill, údar na sraithe leabhar gramadaí Gaeilge gan Stró, go mbeidh “roinnt ceisteanna crua” aige do lucht an fhoclóra maidir leis “na difríochtaí” atá idir an foclóir agus an Caighdeán Oifigiúil ó thaobh rialacha gramadaí de.

Dúirt Ó Dónaill go raibh “béim láidir” á cur ar úsáid an fhoclóra sna cúrsaí a bhíonn á reáchtáil ag Gaelchultúr/Coláiste na hÉireann agus go mbíonn a thoradh sin le feiceáil sa dul chun cinn a dhéanann na mic léinn sa Ghaeilge.

“Tá sé feicthe againn go dtagann feabhas an-mhór ar chaighdeán Gaeilge na mac léinn idir tús agus deireadh an chúrsa agus measaim féin go bhfuil baint ag focloir.ie, agus na háiseanna luachmhara eile ar líne, leis an dul chun cinn sin a dhéanann na mic léinn.”

Cé gur bhreá le Ó Dónaill an t-agallamh a dhéanamh os comhair lucht féachana in ionad Gaelchultúr i mBaile Átha Cliath, dúirt sé go raibh “buntáistí móra” ag baint le himeacht dá leithéid a dhéanamh ar líne toisc foghlaimeoirí na Gaeilge a bheith “i ngach cearn den domhan”.

“Tá sé riachtanach úsáid a bhaint as an teicneolaíocht le déanamh cinnte nach ndéanann muid faillí sna daoine sin,” a dúirt Stiúrthóir Oideachais Gaelchultúr.

Anuraidh reáchtáil Gaelchultúr sraith agallamh ar líne Deiseanna Duitse, faoi dheiseanna fostaíochta in earnáil na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Roinnt ceisteanna crua’ le cur ar lucht an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge in agallamh beo ar líne'