Roghnaítear an Ghaeilge do níos lú ná 1 faoin gcéad de na hidirbhearta ar ATManna Bhanc na hÉireann

Dúirt urlabhraí ó Bhanc na hÉireann le Tuairisc.ie nach mbíonn súil ghéar á coinneáil ag lucht an Bhainc ar líon na n-idirbheart Gaeilge a dhéantar ar na meaisíní bainc

Roghnaítear an Ghaeilge do níos lú ná 1 faoin gcéad de na hidirbhearta ar ATManna Bhanc na hÉireann

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Is é an Béarla an teanga a roghnaítear do níos mó ná 99% de na hidirbhearta a dhéantar ar ATManna de chuid Bhanc na hÉireann, de réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie. Bíonn rogha idir an Ghaeilge agus an Béarla roimh chustaiméirí an Bhainc nuair a chuireann siad cárta dochair nó creidmheasa isteach sna hinnill.

Dúirt urlabhraí ó Bhanc na hÉireann le Tuairisc.ie nach mbíonn súil ghéar á coinneáil ag lucht an Bhainc ar líon na n-idirbheart Gaeilge a dhéantar ar na meaisíní bainc ach go bhfuil figiúirí ar fáil ó mhí na Samhna na bliana seo caite agus gur drochsheans go bhfuil méadú ná laghdú mór tagtha ar na figiúirí sin ó shin.

“Is é an Béarla an teanga a roghnaítear den chuid is mó. Roghnaítear an Ghaeilge do níos lú ná 1% de na hidirbhearta a dhéantar ar ár gcuid UMBanna. Baineann na figiúirí sin le heolas a bailíodh tuairim is bliain ó shin anois, ach táimid nach mór cinnte nach bhfuil aon athrú suntasach tagtha ar na figiúirí ó shin,” a dúirt an t-urlabhraí.

Ní raibh aon fhigiúirí ar fáil ó Bhanc na hÉireann faoi na háiteanna sa tír is mó a roghnaítear an Ghaeilge agus dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie go mbeadh sé “deacair go leor” eolas mar sin a bhailiú.

Is é Banc na hÉireann an t-aon bhanc in Éirinn a mbíonn rogha Ghaeilge ar fáil ar a chuid UMBanna. Bíonn rogha Ghaeilge roimh chustaiméirí de chuid Applegreen ar na UMBanna atá ina gcuid stáisiún peitril ar fud na tíre, ach níl aon bhaint acusan le haon bhanc faoi leith.

Thug Banc Uladh le fios do Tuairisc.ie dhá mhí ó shin nach raibh sé i gceist acu rogha Ghaeilge a chur ar fáil ar a gcuid UMB ‘faoi láthair’. Chlúdaigh an brúghrúpa Misneach meaisíní ATM de chuid Bhanc Uladh le greamáin ar a raibh scríofa ‘Banc Uladh: Rogha Gaeilge Anois!’ agus ‘Cearta Teanga = Cearta Daonna’ i mí Lúnasa.

Fág freagra ar 'Roghnaítear an Ghaeilge do níos lú ná 1 faoin gcéad de na hidirbhearta ar ATManna Bhanc na hÉireann'

  • AnRógaire

    Fianaise é seo don Bhanc, agus do phobal na gaeilge, nach mbeidh agus nach bhfuil éileamh ar sheirbhísí gaeilge. Is faoi phobal na gaeilge féin é seo a bhréagnú ach ní bheadh dóchas agam!

  • Dónall

    Deirtear linn go bhfuil tuairim is 80,000 cainteoirí laethúla Gaeilge sna 26 chontae. Sin rud beag níos lú ná 2% den daonra abhus agus tá seibhísí ATM eile ann. Mar sin cén t-iontas nach mbeadh ach 1% ag úsáid na seibhísí seo. DAS, níl rogha Gaeilge ar fáil sna 6 chontae áit a bhfuil sciair mhaith de chainteoirí na Gaeilge ina gcónaí.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Bhí Gaeilg ar na hinnill seo sa Ghaeltacht go dtí go dtáinig an ‘rogha úr’ lóisteála airgid isteach. Ó shin, níl Gaeilg ar bith ar na hinnill úra seo. Náireach amach is amach!

    Agus ar fiú gearán a dhéanamh leis an brainse áitiúil? An bhfuil guth ar bith ag na brainsí áitiúla ar chor ar bith? Cé leis a ndéántar gearáin na laetha seo??

    Cha dear an banc seo iarracht ar bith cuidiú le daoine an rogha Gaeilg a úsáid – faoi mar a rinne siad leis an rogha úr lóisteála. Nuair a feistíodh na cinn úra seo leis an rogha lóisteála, bhí duine den fhoireann ina s(h)easamh taobh leis an inneall ar feadh an lae agus iad ag táispeáint do dhaoine caidé’n dóigh leis an rud a úsáid. Faic déanta leis an rogha Gaeilge!

    Tá go leor teangacha difriúla ar na hinnill uilig ar mhór-roinn na hEorpa. Roghnaíonn tú brat na tíre agus leanann tú ar aghaidh. Brat Shasain don Bhéarla dar ndóighe…

    B’fhéidir go bhfeice muid an Polainnis ar cinn na tíre seo sula dtugtar aitheantas d’ár dteangaidh dúchais féin…