Roghanna ann do scrúdú cainte na Gaeilge ach cinneadh ag teastáil – ASTI

Táthar ag súil le soiléire go luath faoina bhfuil i ndán do scrúduithe na hArdteiste i mbliana

Roghanna ann do scrúdú cainte na Gaeilge ach cinneadh ag teastáil – ASTI

Ní mór don Rialtas daltaí a chur ar an eolas cibé an mbeidh scrúduithe cainte na Gaeilge agus na dteangacha eile ar siúl i mbliana, a deir Cumann na Meánmhúinteoirí.

Sa gcás go mbeidh, caithfear eolas a chur ar fáil faoin tslí ina reáchtálfar iad.

“Tá daltaí ag réiteach don bhéaltriail ó chian – tá seans fós ann go reáchtálfaí iad – ar líne nó sna scoileanna taobh thiar de scáileán peirspéacs,” a dúirt Ann Piggott, Uachtarán an ASTI.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney go mb’fhéidir go mbeadh soiléire ann amárach faoina bhfuil i ndán do scrúduithe na hArdteiste.

Beidh cruinniú cinniúnach ag Airí agus feidhmeannaigh shinsearacha tráthnóna chun an Ardteist agus an t-amchlár d’athoscailt na scoileanna a phlé.

Agus Coveney faoi agallamh ar Today with Claire Byrne ar RTÉ, dúirt sé go raibh rún ag an gcoiste moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais amárach. Dar leis go dtuigeann an Rialtas go maith an strus atá ar dhaltaí agus dá bharr go dteastaíonn uathu cinneadh a dhéanamh faoi na scrúduithe stáit níos túisce ná mar a rinneadh anuraidh.

“Teastaíonn uainn cinntí a dhéanamh i bhfad níos túisce i mbliana agus muid ag iarraidh an strus atá i dtithe de bharr na scrúduithe agus todhchaí na ndaltaí a mhaolú.”

Dúirt Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) go bhfuil siad féin ar son scrúduithe na hArdteiste a reáchtáil i mbliana.

Dúirt an TUI go raibh “an-amhras orthu an bhféadfaí rogha a thabhairt do dhaltaí idir scrúdú scríofa agus gráid ríofa”.

Dúirt an ASTI gurbh fhearr leosan go rachadh na scrúduithe stáit ar aghaidh an samhradh seo agus na páipéir scrúduithe leasaithe. Cé gurb é an scrúdú scríofa traidisiúnta ab fhearr leis an ASTI, dúirt an tUachtarán Ann Piggott go mbeadh páipéir leasaithe níos cothroime ó tharla an méid sin scolaíochta caillte ag daltaí.

Bhí imní ar an gceardchumann go bhféadfadh fadhbanna a bheith ag baint le rogha a bheith ag daltaí idir scrúdú scríofa agus gráid ríofa.

“Sa gcás go mbeadh grád le tabhairt do dhalta, bheadh imní orainn nach mbeadh aon spreagadh eile ag an dalta. An bhféadfadh sé tarlú nach bhfanfadh daltaí sa scoil go dtí mí na Bealtaine?

“Céard a dhéanfadh múinteoirí agus iad ag múineadh cúrsa na hArdteiste chomh maith? Má bhíonn rogha ann beidh go leor daltaí ann freisin a roghnóidh an scrúdú traidisiúnta. Bheadh sin an-dian orainne,” arsa Ann Piggot le Newstalk.

Dúirt Cathaoirleach Ghrúpa Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET, an tOllamh Philip Nolan go raibh Éire ar a bealach “go gasta go dtí an tráth go bhféadfaí scoileanna a athoscailt go cúramach céimnithe”.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan go bhféadfadh gur idir 200 agus 400 cás nua den Covid-19 in aghaidh an lae a bheadh againn faoi dheireadh mhí Feabhra.

Fág freagra ar 'Roghanna ann do scrúdú cainte na Gaeilge ach cinneadh ag teastáil – ASTI'