Rogha nua ar Sheinnteoir TG4 – fotheidil Bhéarla, fotheidil Ghaeilge nó gan fotheidil ar bith

Tá na fotheidil roghnacha ar fáil ar Sheinnteoir TG4, ar an aip ar IOS, ar theilifíseáin chliste agus ar www.tg4.tv. ‘Is fada muid ag iarraidh an rogha áirithe seo a sholáthar,’ a deir Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Aschuir TG4

Subtitles

Tá an rogha anois acu siúd a bhíonn ag breathnú ar TG4 ar aip iOS an stáisiúin na fotheidil a mhúchadh agus iad ag féachaint ar chláir Ghaeilge nuachraolta.

Sa chás gur mhaith le duine fotheidil a fheiceáil ar an scáileán, féadtar fotheidil Ghaeilge nó Bhéarla a roghnú ar an leagan nua d’aip TG4.

Cuireadh an rogha ar fáil nuair a rinneadh uasdátú ar an aip le deireanas.

Is féidir freisin na cláir nuachraolta atá ar fáil ar Sheinnteoir TG4 a theilgean ar scáileán na teilifíse féin le leithéid na huirlise Chromecast.

“Cé gur maith le daoine áirithe fotheidil a bheith ar an scáileán agus iad ag féachaint ar ábhar TG4, tá daoine eile ar fearr leo uathu iad. Go dtí seo ba dhoiligh an dá dhream a shásamh ag an am céanna. Tá réiteach ar fáil anois ar an Seinnteoir. D’ábhar taifeadta a chraoltar den chéad uair as seo amach, má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe dó, is féidir iad sin a aimsiú ar an Seinnteoir,” a dúradh i bpreasráiteas ón stáisiún Gaeilge.

Tá súil ag TG4 go rachaidh na forbairtí seo chun tairbhe lucht féachana TG4 mar beidh cainteoirí líofa in ann féachaint ar an ábhar gan fotheidil, beidh daoine ar mhaith leo fotheidil Bhéarla a léamh in ann é sin a dhéanamh agus beidh cainteoir atá ag iarraidh a líofacht sa teanga a fheabhsú in ann na fotheidil Ghaeilge a úsáid.

“Is fada muid ag iarraidh an rogha áirithe seo le fotheidil a sholáthar, le freastal ar idir Ghaeilgeoirí líofa, fhoghlaimeoirí agus daoine ar mian leo fotheidil ar chúiseanna éagsúla. Is céim shuntasach í seo agus is maith linn a bheith tagtha chomh fada seo,” a dúirt Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Aschuir TG4.

Tá na fotheidil roghnacha seo ar fáil anois ar Sheinnteoir TG4 ar an aip ar IOS, ar theilifíseáin chliste agus ar www.tg4.tv d’aon ábhar réamhthaifeadta i nGaeilge a céadchraoladh ar TG4 ó thús na míosa seo. Is gá brabhsálaí Explorer 9 nó ina dhiaidh nó Windows 98 nó ina dhiaidh lena fheidhmiú.

Fág freagra ar 'Rogha nua ar Sheinnteoir TG4 – fotheidil Bhéarla, fotheidil Ghaeilge nó gan fotheidil ar bith'

  • padraig

    Go hiontach!

  • Seán Ó Drisceoil

    Cad is fiú é seo don gnáth dhuine ag breathnú ar chlár beo ar an teilifís?

  • Eithne

    Cén mhaith agus fón Android seachas iPhone agat nó tú ag féachaint ar an teilifís ar teilifíseán???