Rogha na Gaeilge le teacht ar shuíomh Iarnród Éireann

Faoi láthair, tá Gaeilge ar fáil mar rogha ar na hinnill ticéad i stáisiúin traenach na tíre ach ní féidir ticéid a ordú trí Ghaeilge ar an suíomh idirlín

Rogha na Gaeilge le teacht ar shuíomh Iarnród Éireann

Beifear in ann ticéid a cheannach trí mheán na Gaeilge ar shuíomh idirlín Iarnród Éireann faoi dheireadh na bliana seo chugainn.

Faoi láthair, tá Gaeilge ar fáil mar rogha ar na hinnill ticéad i stáisiúin traenach na tíre ach ní féidir ticéid a ordú trí Ghaeilge ar an suíomh idirlín.

Dúirt urlabhraí de chuid an chomhlachta le Tuairisc.ie go gcuirfear an tseirbhís ar fáil “le linn an dara leath den bhliain 2017” mar chuid den chlár ‘Customer First’ atá á chur i bhfeidhm i stáisiúin ar fud na tíre agus ar líne agus “a chuirfidh go mór le na háiseanna custaiméirí” atá ann faoi láthair.

Níl sé i gceist ag Iarnród Éireann leagan Gaeilge den suíomh iomlán a chur ar fáil fós. Ní bheifear in ann leathanaigh eile den suíomh, nach mbaineann le ceannach ticéad, a úsáid i nGaeilge. Níor thug an t-urlabhraí le fios do Tuairisc.ie cé acu an raibh nó nach raibh sé i gceist ag an gcomhlacht a leithéid de rogha a chur ar fáil.

Dúirt urlabhraí de chuid an chomhlachta le Tuairisc.ie i Meitheamh na bliana seo caite go gcuirfí “ina cheart go luath” an deacracht a bhain le síntí fada ar an suíomh idirlín nuair a bhíonn áirithintí á ndéanamh.

Réitíodh fadhb eile an uair sin a bhain le síneadh fada  ar na scáileáin a bhíonn ar na traenacha.

Go dtí sin, ní raibh córais an chomhlachta in ann gutaí a raibh síneadh fada orthu a thaispeáint i gceart ar thicéid, ríomhphoist ná ar na scáileáin os cionn na suíochán ar a bhfeictear ainm an duine ag a raibh an suíochán curtha in áirithe.

D’fheictí carachtair Áiseacha agus siombailí eile in áit na síntí fada i gcáipéisí a chuireadh Iarnród Éireann ar fáil. Bhain an fhadhb chéanna le litreacha áirithe i dteangacha eile ar nós umlaut na Gearmáinise (ü).

Fág freagra ar 'Rogha na Gaeilge le teacht ar shuíomh Iarnród Éireann'

  • AnRógaire

    Más mall is………..

    Comhluchtaí eile anois, lean an dea-shampla!