Rogha ‘Leabhra Feabhra’

Tá an fhéile nua Leabhra Feabhra faoi lán seol ag na Gaeil i gCéin. Leis an scéal seo, tá liosta de na leabhair atá á moladh do Leabhra Feabhra ag Alan Titley agus Anna Heussaf don chlár Cormac ag Cúig ar RTÉ RnaG

Póstaer Leabhra Feabhra

Tá an grúpa Na Gaeil i gCéin, atá lonnaithe sa Bhruiséil, ag iarraidh traidisiún nua a chur ar bun do na Gaeil.

Bunaithe ar fhéilte eile a chéiliúrtar i dtíortha eile san Eoraip atá Leabhra Feabhra. An sprioc atá léi ná Gaeil a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh trí leabhar a bhronnadh ar a chéile mar bhronntanas ar Lá ’le Bríde.

Labhair Tuairisc.ie le hAislínn Nic Ruairí, aistritheoir a oibríonn sa Bheilg agus duine le lucht bunaithe Leabhra Feabhra, faoin bhféile nua.

“Ní smaoineamh úrnua é seo, ar ndóigh; tá féilte mar seo i dtíortha eile fosta – ag lucht na Catalóinise, mar shampla. Ach smaoinigh muid gur dheas an smaoineamh é ceann a chur ar bun don Ghaeilge freisin.

“Ceannaíonn tú bronntanas do chara leat, nó duine de do mhuintir nó do chomhghleacaí nó éinne is mian leat. Is bronntanais iontacha iad na leabhair agus go háirithe leabhair Ghaeilge,” a deir Nic Ruairí.

Ceann de na fadhbanna is mó a bhaineann le cur le líon na ndaoine a léann leabhair Gaeilge ná ‘easpa eolais’, a deir an t-aistritheoir.

“Tá cairde agamsa, cuir i gcás, agus tá Gaeilge acu ach ní léann siad mórán sa Ghaeilge mar nach bhfuil siad eolach ar na leabhair atá ar fáil nó ar na siopaí inar feidir a gceannach agus mar sin de.

Is deas a rud é moladh a fháil, ó tá an leabhar seo go maith, b’fhiú duit é a léamh,” a deir sí.

D’eascair ‘Leabhra Feabhra’ as smaoineamh a tháinig chun cinn ag cruinniú den Chlub Leabhar a bhíonn á eagrú ag Na Gaeil i gCéin.

suíomh idirlín tógtha ag an ngrúpa ach is ar na meáin shóisialta den chuid is mó a dhéantar poiblíocht ar an bhfeachtas agus féadfar teacht air ar Facebook agus Twitter.

“Tá leathanach Facebook againn agus tá neart daoine air agus, ar ndóigh, tá muid ar Twitter anois freisin agus tá roinnt plé ar an dá leathanach go dtí seo.

“Tá mé ag déanamh go bhfuil 500 duine ar an leathanach Facebook anois, mar sin is léir go bhfuiltear ag léiriú spéise ann. Tá moltaí déanta ag an bpobal ar na leathanaigh agus tá súil agam go ndéanfar a thuilleadh,” a deir Nic Ruairí.

Tá tacaíocht tugtha ag Raidió na Gaeltachta agus litríocht.com don fheachtas agus tá Na Gaeil i gCéin ag súil go dtacóidh siopaí leabhar agus an pobal i gcoitinne leis freisin.

Bhí lucht bunaithe an fheachtais i dteagmháil le roinnt siopaí leabhar ach go dtí seo níl aon fhreagra faighte acu uathu. Níl aon bhaint ag Leabhra Feabhra le haon eagraíocht stáit agus táthar ag iarraidh go mbeidh an gnáthphobal páirteach ann.

“Ní bhaineann Leabhra Feabhra linne (Na Gaeil i gCéin) amháin ach le hachan duine a bhíonn ag léamh i nGaeilge nó ar féidir leis léamh i nGaeilge,” a deir Nic Ruairí.

Tharraing Leabhra Feabhra conspóid bheag ar na meáin shóisialta ag tús na seachtaine nuair a eisíodh póstaer poiblíochta ar a chuntais éagsúla.

‘Scríbhneoirí Éireannacha’ a bhí mar theideal ar an bpóstaer agus bhí dáréag scríbhneoirí le feiceáil air.

Cáineadh a laghad ban a cuireadh san áireamh ar an bpóstaer – ní raibh ann ach Mairéad Ní Ghráda.

Míníodh ar leathanach Facebook an fheachtais, áfach, gur “scríbhneoirí Gaeilge is mó cáil atá imithe ar shlí na fírinne a roghnaíodh”.

Dúradh go raibh ceisteanna cóipchirt ann faoi phictiúir de scríbhneoirí a mhaireann beo.

Mhínigh Nic Ruairí nár fágadh banscríbhneoirí ar lár d’aon turas.

“Sílim féin gur póstaer den scoth é dáiríre agus is dearthóir grafach a rinne é sin go deonach as a stuaim féin le cuidiú uainn a fuair na híomhánna. Is fíor nach bhfuil ach bean amháin ann agus tuigim nach maith an rud é sin, ach an rud atá ann ná go bhfuil súil againn go mbeidh póstaeir eile againn amach anseo.

“An rud a bhí ar an bpóstaer sin ná scríbhneoirí Éireannacha atá ar shlí na fírinne agus formhór na mbanúdar Gaeilge, maireann siad fós. Tá scríbhneoirí eile ann nach bhfuil ar an bpóstaer sin, idir fhir agus mhná, ach sílim gur iarracht iontach atá ann agus póstaer iontach deas atá ann,” a dúirt sí.

Níl an póstaer ar díol ag Leabhra Feabhra cé go bhfuil an-spéis léirithe ag a leantóirí ar na meáin shóisialta ann. Dúirt Aislínn gur faoin dearthóir féin, Jack Ó Drisceoil, a bheadh sé cinneadh a dhéanamh faoin é a dhíol.

Dúirt sí gur faoin dearthóir freisin é cé na daoine a bheadh le feiceáil ar aon phóstaer eile a d’eiseofaí.

Dúirt sí nach í tuairim an fheachtais nár cheart do Ghaeil a bheith ag léamh i dteangacha eile.

Cuireadh teachtaireachtaí amach ar Twitter ón gcuntas @LeabhraFeabhra a mhaígh gur “cóilíniú intinne” é a bheith ag léamh an Bhéarla.

“Nuair a léann tú Béarla, cuireann tú an coilíniú gallda i bhfeidhm ar d’intinn. Nuair a léann tú Gaeilge saorann tú í,” a dúradh i ngiolc amháin.

“Ceapann muid cinnte gur ceart do Ghaeilgeoirí a bheith ag léamh i nGaeilge, ach níl mise ag rá nár cheart a bheith ag léamh in aon teanga eile. Ní hé sin an rud atá muid ag iarraidh a chur amach, go mbeidh cosc ar dhaoine a bheith ag léamh i dteangacha eile,” a dúirt Aislínn Nic Ruairí.

Roghnaíodh 1 Feabhra don fhéile mar is dáta aitheanta é i bhféilire na nGael mar gheall ar Bhríd Naofa. Tá Leabhra Feabhra ag súil go mbeidh cúis eile ag na Gaeil cuimhniú ar an lá sin as seo amach.

Beartaíodh gan bacadh le scoileanna a tharraingt isteach sa scéal i mbliana.

“Bhí muid ag iarraidh don chéad bhliain gan nasc a dhéanamh leis na scoileanna ná le foghlaimeoirí. B’fhearr linn díreach a fheiceáil an mbeadh suim ag daoine ann; an leanfadh daoine é as a stuaim féin seachas brú a chur ar dhaoine leabhar a léamh ar scoil agus feicfidh muid amach anseo an féidir linn cur leis agus dul i dteagmháil le dreamanna eile. Beid muidinne á dhéanamh bliana i ndiaidh bliana ar aon dóigh,” a dúirt Aislínn.

Tá gach eolas ar fáil faoi Leabhra Feabhra ar a suíomh idirlín, a leathanach Facebook  agus a gcuntas Twitter.


Rogha Leabhra Feabhra i gcomhar le Cormac ag a Cúig


Rogha Leabhra Feabhra Alan Titley don chlár Cormac ag a Cúig

Gealach le Seán Mac Mathúna (Cois Life)

An Peann Coitianta le Liam Ó Muirthile (Cois Life)

Iomramh Bhréanainn le Donall Mac Síthigh (An Sagart)

Éanlaithe Strae le Tagore/Gabriel Rosenstock (Salmon)

Buille Marfach le Anna Heussaff   (Cló-Iar Chonnachta)

Cailíní Beaga Ghleann Na mBláth le Éilís Ní Dhúibhne (Cois Life)

I dTír Strainseartha le Liam Mac Coil    (Leabhar Breac)

An tAthair Padraig  Ó Duinnín le Biddy Jenkinson  (Coisceim)

An Leabhar Nimhe le Panu Petteri Hoglund (Evertype)

An Béal Bocht le Myles na gCopaleen  (Cló Mhaigh Eo)


Rogha Leabhra Feabhra Anna Heussaf don chlár Cormac ag a Cúig

Ó Chósta go Cósta le Frank Reidy  (Cló Iar-Chonnachta)

Sobalsaol le Pádraig Standún  (Cló Iar-Chonnachta)

Filleann Seoirse le Éilis Ní Anluain (Leabhar Breac)

Gluaiseacht le Alan Titley (An Gúm)

Samhradh an Chéasta le Catherine Foley (LeabhairComhar)

Dúil le Liam Ó Flaithearta (Cló Iar-Chonnachta)

Sciorrann an tAm le Orna Ní Choileáin (Cois Life)

Filíocht Ghrá na Gaeilge in eag. Ciarán Mac Murchaidh (Cois Life)

Tintin agus Todóga na bhFarónna le Hergé, aistrithe ag Gabriel Rosenstock (DalenEireann)

Astérix na nGallach le Goscinny agus Uderzo, aistrithe ag Antain Mac Lochlainn (DalenEireann)


 

Fág freagra ar 'Rogha ‘Leabhra Feabhra’'

  • Eoin Bairéad

    Mo léan go bhfuil ainm an Phiarsaigh mí-cheart ar an bpóstaer.

  • Dónall

    Chuirfinn “An Litir”, le Liam Mac Chóil agus “Lámh Láidir” le Joe Steve Ó Neachtain ar mo rogha liosta féin.