Rogha i ngan fhios atá romhainn sa toghchán

Mura n-athraíonn meon an phobail roimh an olltoghchán, bunófar rialtas gan choinne ina dhiaidh

endakenny

Rinne Enda Kenny cur síos breá beacht ar an rogha a dhéanfar san olltoghchán, nuair a chuir mé agallamh air le gairid. Rogha idir seasmhacht agus anord* atá romhainn, dar leis. Ní mór líon na vótóirí a aontaíonn leis.

Bhí ráiteas an Taoisigh intuigthe, tharla nach bhfuil rogha comhrialtais á tairiscint ag dream ar bith seachas páirtithe an rialtais reatha. Go deimhin, ní chloistear ó Fhianna Fáil agus ó Shinn Féin ach síordhiúltú a bheith páirteach i gcomhrialtais lena chéile nó na páirtithe eile.

Ní haon iontas é mar sin go bhfuil ath-thoghadh an chomhrialtais á mholadh mar atá ag Enda Kenny. Ach níl a léamh ar an rogha atá romhainn ag teacht leis an bhfíorléargas polaitiúil.

Breathnaigh i dtosach báire ar thorthaí gach olltoghcháin sa tír le tríocha bliain anuas, agus ar an gcéatadán vótaí céad-rogha is ísle a ghnóthaigh páirtí/páirtithe a chuaigh i mbun comhrialtais ina dhiaidh (44 faoin gcéad). Níor bunaíodh rialtas ná comhrialtas ar bith sa tréimhse sin gan an céatadán sin ar a laghad a bheith bainte amach acu.

Breathnaigh ina dhiaidh sin ar an anailís a rinne an saineolaí toghcháin Seán Donnelly ar 86 pobalbhreith a foilsíodh le trí bliana anuas. Tá na torthaí cíortha ag Seán chun teacht ar mheán-leibhéal tacaíochta na bpáirtithe/grúpaí éagsúla. Seo a leanas a chur síos (agus céatadáin an olltoghcháin i 2011 idir lúibíní):

POBALBHREITHEANNA 2013-2015
Fine Gael: 25-27 faoin gcéad (36.1).
Lucht Oibre:  8-9 faoin gcéad (19.4).
Fianna Fáil: 19-20 faoin gcéad (17.4).
Sinn Féin: 19-20 faoin gcéad (9.9).
Neamhspleáigh/Eile: 27-28 faoin gcéad (16)

Is léir láithreach ón léargas fadtéarmach seo ar na pobalbhreitheanna nach bhfuil comhthacaíocht Fhine Gael agus an Lucht Oibre (36 faoin gcéad, ar a mhéid) i ngiorracht móraimh sa Dáil nua.

Tá súil ag an dá pháirtí go mbeidh scata vótóirí a roghnaigh mionpháirtithe nó neamhspleáigh sna pobalbhreitheanna toilteanach tacú leo san olltoghchán. Níl fianaise ar bith ar fáil fós go bhfuil bunús faoina ndóchas.

Ní foláir tagairt freisin den éiginnteacht atá ann maidir le Fianna Fáil. Má éiríonn leis an bpáirtí 25 faoin gcéad den vóta a bhaint amach (mar a rinne sa toghchán áitiúil anuraidh), bheadh údar dóchais acu go mbeadh thart ar 40 suíochán acu sa Dáil nua. Ach ní beag an ‘má’ é.

Má chuirtear i leataobh tairngreacht an Taoisigh agus neamhthoil pháirtithe roghanna nua comhrialtais a phlé, ní léir ach trí fhéidearthacht rialtais sa Dáil nua. Tá na féidirtheachtaí thíos bunaithe ar fhigiúirí amháin, agus ar mheon an phobail mar a léiritear é i ngach pobalbhreith:

1 Comhrialtas idir Fine Gael agus Fianna Fáil. (B’fhéidir go mbeadh tacaíocht ó neamhspleáigh/mionpháirtithe riachtanach lena choinneáil ar snámh.)

2 Comhrialtas mionlaigh, agus Fine Gael sa diallait. Bheadh sé ionann agus cinnte nach mairfeadh rialtas dá leithéid ach ar feadh achair ghairid.

3 Comhrialtas idir Fianna Fáil, Sinn Féin, agus an Lucht Oibre. Is féidir socrú mar seo a chur as an áireamh ar mhórán cúiseanna. Ach cuimhnigh gur cuntas é seo ar roghanna atá indéanta de réir uimhreacha amháin.

Ní theastaíonn na cineálacha rialtais seo ó mhórán. Ach má bhíonn míshásamh in uachtar i dtír ar bith ina bhfuil córas cothrom vótála i bhfeidhm, ní cinnteacht ach a mhalairt a dheimhníonn toradh olltoghcháin.

– Is láithreoir ar an gclár ‘Morning Ireland’ ar RTE é  Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Rogha i ngan fhios atá romhainn sa toghchán'

  • Caitríona McClean

    De bharr an ‘gender quota’ beidh na páirtithe ag rith le b’fheidir níos mó ná gur cheart. Meas tú cén difríocht don toradh?