Rogha gúnaí do Rásaí na Gaillimh – cuir cúpla euro ar ASOS

Ar an bhfaisean seachas ar na capaill a bhí ár gcomhfhreagraí ag smaoineamh agus féile mhór rásaíochta na bliana i mBaile an Bhriotaigh ag teannadh linn

Rogha gúnaí do Rásaí na Gaillimh – cuir cúpla euro ar ASOS

Níl ach coicís fágtha go dtosóidh Rásaí na Gaillimhe agus é thar am anois gúna nua a fháil do cheann de na hócáidí faisin is mó in iarthar na tíre gach bliain.

Chuaigh mé féin i muinín an tsuímh ghréasáin ASOS le mo rogha a dhéanamh agus margadh a aimsiú.

Tá cúiseanna maithe le ASOS a úsáid don chúram seo – tá rogha leathan éadaigh ar fáil ann ar phraghsanna réasúnta go maith. Déantar gach rud a sheachadadh chugat saor in aisce agus ní thógann sin ach cúpla lá. Agus is féidir leat aon rud nach dtaitníonn leat a sheoladh ar ais saor in aisce agus aisíoc iomlán a fháil ar do chaiteachas.

Go deimhin tá tús curtha le seirbhís nua le tamaillín beag sa tír seo ag ASOS faoina dtugann siad barántas go seachadfar chugat laistigh de 24 uair an chloig aon rud a cheannaíonn tú uathu ach táille aon-uaire €18.99 a íoc sa mbliain. Fágann sin nach bhfuil fanacht fada ort go bhfaighidh tú do rogha agus lánchead agat gach rud a sheoladh ar ais mura dtaitníonn a bhfuil faighte agat leat.

Tá dóthain ama fós ann, mar sin, le leas a bhaint as seirbhísí ASOS le feisteas faiseanta a aimsiú le haghaidh na rásaí.

Seo seacht gcinn de ghúnaí a thaitin go mór liom féin agus bheinn breá sásta aon cheann acu a chaitheamh go Baile an Bhriotaigh faoi cheann coicíse.

 

Gúna dearg le bobailíní ar €82.95 ó  River Island ar ASOS

Is breá liom an dath atá ar an ngúna seo – deirtear gur dath dearg é ach i ndáiríre is gaire do dhath oráiste é agus gearradh álainn air. Tá mionghnéithe deasa air agus luach maith ar airgead é.

Gúna fada gorm le triopall ar €58.07 ó ASOS DESIGN

Is rogha mhaith é seo dóibh siúd nach maith leo gúnaí atá róghearr. Fágfaidh an ceann seo na lámha clúdaithe agus é breá fada, ach fós féin an-fhaiseanta. Tá patrún álainn air freisin.

Gúna bróidnithe ar €103.69 ó ASOS DESIGN

Is rogha iontach é seo do na rásaí go háirithe ag an tráth seo bliana. Is maith liom an dhá shraith den bhróidnéireacht álainn chun tosaigh a mheallann an tsúil. Tá sé sách daor ach mairfidh sé ar feadh na mblianta mar gur gúna clasaiceach é nach bhfuil ag brath ar fhaisean na bliana seo.

Gúna go colpa le muinchille cimeonó ar €52.54 ó ASOS

Stíl chídeoige atá ar an ngúna seo – stíl a tháinig san fhaisean cúpla bliain ó shin agus atá fós linn go tréan. Tá an ceann seo an-éasca le caitheamh mar gheall nach bhfuil sé rófháiscthe agus cuireann sé cuma dheas ar an duine atá á chaitheamh. 

Gúna ildaite ar €80.19 ó Little Mistress ó ASOS

Éadaí ócáide a dhéanann an branda seo ar ASOS agus is é an gúna ildaite go colpa seo mo rogha féin. Bím féin tugtha do na dathanna dubh, bán agus liath ach mheall éagsúlacht na ndathanna ar an ngúna seo mo shúil. Seo ceann eile a mhairfidh sa vardrús ar feadh na mblianta agus nach mbeadh náire ort é a tharraingt amach agus a chaitheamh ort aon samhradh.

Gúna fíorshíoda ar dhath corcra ar €103.69 ó ASOS

Mheall an gúna álainn seo mo shúil mar go mbreathnaíonn sé cosúil le barr gearr maisithe os cionn sciorta iontach déanta as fíorshíoda. Chuireadh sé an cineál  gúna a bheadh ar bhanphrionsa i síscéal i gcuimhne duit. Seo gúna a bheadh an-chompordach lá fada ag na rásaí

Gúna dúghorm gan ghuaillí ó Bec & Bridge ar €311.06 ó ASOS

Seo an gúna don té a atá cinnte go bhfuil an leid cheart acu don rás mór agus nach mbeidh aon ghanntanas airgid orthu dá bharr sin. Sea, tá sé daor go maith ach é deartha ag an mbranda ardfhaiseanta Bec & Bridge ón Astráil. Gúna clasaiceach é seo nach rachaidh as faisean ar iompú do bhoise.

Fág freagra ar 'Rogha gúnaí do Rásaí na Gaillimh – cuir cúpla euro ar ASOS'