Rogha faisin do chóisirí Zoom na Nollag ar phraghsanna idir €20 agus €70

Veilbhit, ruifilí, seacainí agus an dath dearg go mór san áireamh ag ár gcomhfhreagraí do chóisirí neamhghnácha na bliana seo

Rogha faisin do chóisirí Zoom na Nollag ar phraghsanna idir €20 agus €70

Níl dabht ar bith faoi ach ní bheidh cóisirí oibre na Nollag againn i mbliana mar a bhíodh blianta eile. Tá a fhios agam go maith go bhfuil neart daoine ann a mbíonn an ghráin acu ar an teacht le chéile bliantúil sin ach measaim go mbaineann an chuid is mó againn sásamh agus pléisiúir as gléasadh go faiseanta d’ócáid foirne amháin ar a laghad in aghaidh na bliana.

Ní gá a rá go mbíonn cóisir Nollag Tuairisc.ie ar cheann de na hócáidí sóisialta is eisiaiche agus is galánta gach bliain!

Cóisirí ar Zoom a bheidh ag cuid mhaith daoine faoi Nollaig i mbliana agus ciallaíonn sin nach gá dúinn muid féin a réiteach don ócáid ach ón mbásta aníos! Is maith a d’fheilfeadh íochtar pitseámaí agus na slipéir is compordaí atá agat fad is go mbíonn siad as amharc lionsa Zoom.

Caithfear cúram ceart a dhéanamh don smideadh agus don ghruaig, ar ndóigh agus slabhra agus fáinní cluaise deasa a chaitheamh ach is ar an mbarréide is mó a bheidh na súile dírithe. Mar is gnáth faoi Nollaig is féidir a bheith ag súil le neart éadaigh dearga, fabraicí veilbhite, ruifilí agus seacainí.

Seo rogha de seacht bpíosa a bheadh go deas le caitheamh ar chóisir Zoom

 

Barr dubh le muinchillí borrtha ó Dunnes Stores ar €24.60

Tá praghas iontach ar an mbarr galánta seo le muinchillí borrtha atá go mór sa bhfaisean faoi láthair. Is breá liom go háirithe an bhróidnéireacht álainn atá ar an gceann seo.

 

Barr dearg le rufa ó River Island ar €43

Dath dearg na Nollag ar an gceann seo go cinnte. Tá an rufa mór ar mhuineál na gualainne aonair an-tarraingteach. Ní theastódh mórán seodra ar bith leis an mbarr seo.

 

Barr le loinnir mhiotalach ó Zara ar €39.95

Mheall an barr seo mo shúil ar an bpointe – dathanna glasa, dearga agus órga air – ba dheacair barr níos feiliúnaí a fháil do shéasúr na Nollag. Bheadh an ceann seo breá compordach freisin.

 

Barr dúghorm le seacainí ó Marks & Spencer ar €47.50

Ní rachaidh tú riamh ar strae le seacainí aimsir na Nollag.  Tá an ceann seo ó M&S go hálainn agus is breá liom go háirithe an dath dúghorm sin. Tá an barr seo ar fáil i ndubh freisin.

 

 

Barr rímhín dearg ó Arnotts ar €70

An muineál ard le rufaí chomh maith leis na muinchillí rímhín a chuir an barr seo ar bharr mo liosta féin don Nollaig. Is breá liom an dearadh nua-aimseartha agus an dath bríomhar dearg.

 

Barr v-mhuiníl ó H&M ar €19.99

Tá veilbhit ar cheann de na fabraicí is fearr liomsa agus é te teolaí don tráth seo bliana. Is maith liom na stodaí beaga a chuireann cuma fhaiseanta air – galántacht gan stró atá i gceist anseo. Tá praghas réasúnta ar an mbarr seo freisin.

 

Cairdeagan ar a dtugtar ‘Leilani’ ó iClothing ar €26.99

Tá dath álainn, dath an fhíona, ar an gcairdeagan seo atá líonta le seacainí. Bheadh sé seo iontach os cionn barr dubh agus béaldath ar dhath na fíona freisin. Agus bheadh gloine nó dhó fíona go deas leis freisin.

Fág freagra ar 'Rogha faisin do chóisirí Zoom na Nollag ar phraghsanna idir €20 agus €70'