Rogha dheas de sheaicéid samhraidh ar phraghsanna idir €40 agus €235

Teastaíonn seaicéad deas le caitheamh nuair a thagann fionnuaire an tráthnóna fiú ar na laethanta is teo sa mbliain

Rogha dheas de sheaicéid samhraidh ar phraghsanna idir €40 agus €235

Anois agus aimsir an tsamhraidh agus tráth saoire buailte linn bhí mé ag breathnú thimpeall ar thóir seaicéad deas a bheadh oiriúnach le caitheamh sa tráthnóna nó san oíche nuair a fhaigheann an aimsir níos fionnuaire.  Fiú ar na laethanta is teo sa mbliain ní féidir dul amach san oíche gan seaicéad éigin a bheith leat. Agus roghanna á ndéanamh agam bhí ag lorg cinn a d’fhéadfaí a chaitheamh le jíons, treabhsair nó os cionn gúna. Tá rogha dheas aimsithe agam anseo ar phraghsanna idir €40 agus €235.

Seaicéad ‘bomber’ sróil ar fáil ó H&M ar phraghas €39.99. Is breá liom an patrún bláthach agus bheadh sé iontach le jíons agus barr nó os cionn gúna.

Tá an seaicéad álainn seo ó Zara lán le ruifilí, ribíní agus bobailíní, stíl atá go mór i bhfaisean an samhradh seo. Tá ardchaighdeán déantúsaíochta sa gceann seo agus é ar fáil ar €49.95.

 

Níl an seaicéad svaeid seo saor ar €235 ó Topshop ach ceapaim féin gur fiú go mór an infheistíocht a dhéanamh mar go mairfidh sé ar feadh na mblianta. Stíl chlasaiceach i gceist agus dath deas gorm air.

 

Is maith liom an stíl fhearúil atá i gceist sa seaicéad denim dubh seo ó River Island ar €73.00. Níor cheart ceann le toise níos mó ná mar a chaithfeá de ghnáth a roghnú mar gur stíl ‘rómhór’ atá anseo.

 

Praghas €49 ar an kimono álainn seo ó Miss Selfridge atá iontach don tráth seo bliana mar go bhfuil sé deas éadrom le crochadh leat go dtí go dteastóidh sé uait.

 

Stíl shimplí chlasaiceach le denim álainn atá i gceist anseo ó New Look ar phraghas €44.99. cheannaíonn tú an seaicéad seo, measaim go mbeidh tú ag baint uait as ar feadh na mblianta.

Fág freagra ar 'Rogha dheas de sheaicéid samhraidh ar phraghsanna idir €40 agus €235'