Rogha ar bith ag ‘mná tí’ na Gaeltachta ach cúrsa faoi chosaint leanaí a dhéanamh as Béarla

Faoin Acht um Thús Áite do Leanaí is gá do mhná agus fir tí na gcoláistí samhraidh cúrsa traenála a dhéanamh faoi chosaint leanaí, ach i mBéarla amháin atá an cúrsa sin á chur ar fáil ag TUSLA

Rogha ar bith ag ‘mná tí’ na Gaeltachta ach cúrsa faoi chosaint leanaí a dhéanamh as Béarla

Níl aon rogha ag mná agus fir tí a bhfuil sé i gceist acu scoláirí a choinneáil an samhradh seo ach cúrsa traenála nua faoi chosaint leanaí a dhéanamh i mBéarla cheal rogha Ghaeilge a bheith ar fáil.

Is gá do ‘mhná tí’ a choinníonn scoláirí na gcoláistí samhraidh an cúrsa traenála seo a dhéanamh de bharr na bhfreagrachtaí breise a leagann an tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015 ar eagraíochtaí, institiúidí oideachais agus daoine aonair a mbíonn páistí faoina gcúram.

Tá trí chuid ag baint leis na freagrachtaí nua seo sa reachtaíocht úr a tháinig isteach an mhí seo caite; grinnfhiosrúchán an Gharda, measúnú riosca agus cúrsa traenála i gcosaint leanaí.

Faoi láthair, tá daoine in ann an cúrsa traenála i gcosaint leanaí a dhéanamh ar shuíomh TUSLA, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, ach is i mBéarla amháin atá sé ar fáil.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Maria Nic Dhonncha, Feidhmeannach Forbartha Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, go bhfuil mná agus fir tí fágtha gan “aon rogha” ach an cúrsa traenála i gcosaint leanaí a dhéanamh i mBéarla.

“An fhadhb atá againn ná go bhfuil chuile eagraíocht Bhéarla sa tír in ann dul ar líne  agus an traenáil a dhéanamh. Tá sé oscailte do chuile dhuine ach níl sé i nGaeilge agus níl aon áis ann do na heagraíochtaí Gaeilge an traenáil seo a dhéanamh,” a dúirt Maria Nic Dhonncha.

Dúirt Nic Dhonncha go bhféadfaí mná agus fir tí a thabhairt isteach le ceardlanna a dhéanamh chun na riachtanais traenála a chomhlíonadh ach gur “ceist ama, airgid agus acmhainne í”.

“Níl aon rogha againn fanacht. Tá easpa ama ann an cúrsa a dhéanamh agus caithfear é a dhéanamh roimh thús na gcúrsaí samhraidh. Is coir é gan é a bheith déanta.”

Tá 700 bean agus fear tí Gaeltachta cláraithe le CONCOS agus tá comhairle tugtha ag na coláistí samhraidh dóibh cheana féin maidir leis na cáilíochtaí breise a fháil roimh thús mhí Mheithimh.

Dúirt Nic Dhonncha go bhfuil “áis iontach” ar líne curtha ar fáil ag TUSLA agus gur “mór an trua” nach bhfuil sí ar fáil i nGaeilge.

“Ar nós aon suíomh stáit, ba chóir go mbeadh daoine in ann teacht ar an eolas i nGaeilge ach tá chuile rud ar shuíomh TUSLA i mBéarla agus níl aon rogha agat,” a dúirt Nic Dhonncha.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta go bhfuil an cheist seo ardaithe ag a roinn le TUSLA agus gur léir go bhfuil “gá” agus “éileamh” ar sheirbhís trí Ghaeilge. 

“Cé gur ceist í seo go príomha do TUSLA, ós rud é go n-aithníonn an Roinn an tábhacht a bhaineann lena leithéid de chúrsa a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge, tá an cheist tógtha roimhe seo aici le TUSLA féachaint an bhféadfaí aghaidh a thabhairt air seo.”

Dheimhnigh urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga go bhfuil gearán faighte acu maidir le heaspa leagan Gaeilge den chúrsa.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar TULSA faoin scéal seo.

Fág freagra ar 'Rogha ar bith ag ‘mná tí’ na Gaeltachta ach cúrsa faoi chosaint leanaí a dhéanamh as Béarla'

  • Áine

    ní aon iontas é go ndeirtear agus go gcreidtear nach fiú an Ghaeilge nuair nach fiú leis na gníomhaireachtaí Stáit sa tír seo seirbhísí bunúsacha a chur ar fáil dúinn inár dteanga féin, níl sé seo sách maith beag ná mór, cur i gcéill ceart nuair nach bhfuil fiú ROGHA ar fáil do mhuintir na Gaeltachta an dualgas dlíthiúil seo a dhéanamh trí Ghaeilge,,,, an Béarla á bhrú síos inár muiníl arís,., ach glacfar leis mar gheall ar easpa ama, easpa áiseanna, easpa acmhainní mar is hiondúil,… agus anois is cion é gan an cúrsa seo a dhéanamh i mBéarla!!!!!!obair mhaith á dhéanamh i gcoirnéal amháin faoin nGaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge ach arís muid á ligean síos ag an Stát na seirbhísí a chur ar fáil ar chomhchéim i nGaeilge agus i mBéarla….léiriú eile gur cur i gcéill ceart í Bliain seo na Gaeilge…. mánaí, póstaeir agus cur chun cinn ar pháipéar ach gan aon tiomantas dáiríre á léiriú ag rialtas i ndiaidh rialtas i ndiaidh rialtas agus muintir na Gaeltachta ag glacadh leis…..fan go mbeidh Coláistí Samhraidh á gcur ar fáil taobh amuigh den Ghaeltacht…. beidh orthu dúiseacht an t-am sin ach beidh sé ró-dhéanach

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Pól Ó Braoin

    An béarla éigeantach in athuair… cás eile de atá ann… Bliain na Gaeilge… Bliain an chuir i gcéill…