Rogha an dá dhíogha tugtha don DUP ag Peter Robinson

Ní féidir an Prótacal iarBhreatimeachta a fheidhmiú agus feachtas a rith ina choinne ag an am céanna, a deir iarcheannaire an DUP

Rogha an dá dhíogha tugtha don DUP ag Peter Robinson

Tharraing an chomhairle a thug iarcheannaire an pháirtí, Peter Robinson don DUP aird in Éirinn, sa Bhreatain agus sa Bhruiséil. Mhaígh roinnt gur mhol sé d’Arlene Foster agus a comhghleacaithe éirí as Stormont chun stop a chur leis an teorainn i Muir Éireann. 

Ní hé sin go beacht a bhí ina alt san nuachtán an News Letter ach b’in ceann den dá rogha a bhí ag aontachtaithe, dar leis. Ba bheag an chabhair í a chomhairle dá chomharba, Arlene Foster, an duine a roghnaigh seisean mar thríú ceannaire an DUP. Bhí sí faoi bhrú cheana féin ag eite den pháirtí, an dream faoi ndear an feachtas chun an Prótacal iarBhreatimeachta a chealú murab ionann agus na fadhbanna a bhaineann lena fheidhmiú a réiteach. Thug alt Robinson ugach do dhaoine atá ag éileamh oll-ionsaí ar an bPrótacal, siúl amach as Stormont san áireamh. 

Ní féidir an Prótacal iarBhreatimeachta a fheidhmiú (dualgas dlí an Fheidhmeannais) agus feachtas a rith ina choinne ag an am céanna, a scríobh Robinson. D’fhágfadh sé sin go gcaithfeadh an DUP rogha a dhéanamh idir Stormont a scrios nó an Prótacal a chur i bhfeidhm agus cuid de na fadhbanna reatha a fhuascailt.

Ní raibh Robinson an-tógtha le feachtas an DUP in aghaidh an Phrótacail. Bhí sé soiléir gur beag éifeacht a bheadh ag achainí, cuma cén líon daoine a shíneodh í, ná ag stocaireacht i measc na dTóraithe ná ag díospóireacht sa Pharlaimint. 

Níor chuir sé fiacail ina theachtaireacht. A cheist ‘An bhfuil cealú an Phrótacail níos tábhachtaí ná marthanas Stormont?’ 

Mura bhfuil de phlean ag an bpáirtí ach an feachtas reatha b’fhearr dícheall a dhéanamh chun oiread feabhsuithe agus is féidir ar an bPrótacal a bhaint amach, ar sé. Mhúin taithí na mblianta dó nach ngéillfeadh rialtas mura mbeadh sé ró-mhíchompordach leanúint ar an gcúrsa conspóideach.

Ní ribín réidh é cothú an mhíchompoird sin, is cosúil, cúrsa sách dainséarach é. Murach an phaindéim, bheadh daoine ar na sráideanna cheana féin ag agóidíocht in aghaidh an Phrótacail, a dúirt Robinson. Thug sé foláireamh faoin mbaol foréigin a bhainfeadh le feachtas sráide. Dhéanfadh aindlí dochar as cuimse ach b’annamh, ina thaithí féin, a d’éirigh le ceannairí aontachtacha smacht a choinneáil ar dhaoine a roghnaigh an foréigean. Ní dhearna sé tagairt do na feachtais pholaitiúla a raibh foréigean na bparaimíleataigh dhílseacha bainteach leo ach tá dalladh samplaí againn – na léirsithe in aghaidh Sunningdale, i gcoinne Chomhaontú Angla-Éireannach 1985 agus Droim Crí, gan ach dornán a lua.

Ní hiontas é gur ghlac Robinson leis an léamh aontachtach ar an bPrótacal: chinn sé gur ‘diktat’ (téarma a bhí coitianta sa bhfeachtas in aghaidh Chomhaontú 1985) é a chuir polaiteoirí i mBaile Átha Cliath agus a gcairde san Aontas Eorpach anuas sa mhullach ar Thuaisceart Éireann. B’iontas é áfach nár scrúdaigh sé an bhuncheist. Is í sin an bhfuil aidhmeanna an DUP inaimsithe?

Mar thaca lena bhreithiúnas thagair sé cúpla babhta san alt dá thaithí féin. Níor dhúirt sé áfach gurb é a thaithí gur shaothar in aisce iad a ionradh ar Chluain Tiobrad i 1986, na léirsithe ag Maryfield an bhliain chéanna, ná iliomad feachtas eile i gcaitheamh scór go leith bliain. Tá a fhios ag Robinson gur mó a bhaintear amach ar mhodhanna polaitiúla ná le agóidíocht; bheadh sé do-shamhlaithe nár fhoghlaim sé an ceacht sin.

D’fhoghlaim aontachtaithe eile é freisin agus níl fonn ar bith ar a bhformhór an bonn a bhaint de Stormont. Dá ndéanfadh siad é sin tá an chuma ar an scéal go gcaillfeadh siad a thuilleadh vótaí. Seans go meallfadh siad ar ais cuid de na daoine atá ag bogadh i dtreo Jim Allister TUV ach údar mór imní dóibh oiread aontachtaithe atá á mealladh ag Alliance. Bhrostódh gníomhartha neamhghéilliúla an DUP Michelle O’Neill, Sinn Féin, go dtí an Chéad-Aireacht san chéad Thionól eile, buille talamhchreathach don DUP. 

Fiontar an-chontúirteach a bheadh ann aistarraingt as Stormont. Is mar rogha an dá dhíogha a thairg Peter Robinson an cúrsa sin don DUP. Tá sé sothuigthe, gan a bheith pragmatach, má ghlactar leis go mbaineann an Prótacal an bonn d’fhéiniúlacht aontachtaithe, fiú más go siombalach é. 

Má ghlactar leis, ar an láimh eile gur socruithe trádála amháin atá i gceist ní drochrogha é na fadhbanna a fhuascailt agus an Prótacal a fheidhmiú. Sin é a theastaíonn ó mhóramh den lucht gnó. Teastaíonn uathu buntáiste a bhaint as an dá mhargadh aonair (An Ríocht Aontaithe agus An tAontas Eorpach). Tá an chosúlacht ar an scéal, i bhfianaise na ráitis ó Michael Gove agus Maroš Šefčovič, gur féidir na deacrachtaí trádála a chur ina gceart ach nach bhfuil seans ar bith go gcuirfear an Prótacal ar ceal.

An mbeidh dóthain daoine san DUP gurbh fhearr leo éan ins an dorn ná dhá éan ar an gcraobh? Agus má bhíonn, an mbeidh an ceannaire in ann cuma na maitheasa a chur air agus a freasúra inmheánach a chur ó dhoras?

Fág freagra ar 'Rogha an dá dhíogha tugtha don DUP ag Peter Robinson'