Rocky Ros Muc le taispeáint i bpictiúrlanna Mheiriceá chun cáiliú do na Academy Awards

Beidh deis ag an scannán faisnéise Gaeilge cur isteach ar na Oscars nuair a thaispeánfar é i Nua-Eabhrac agus Los Angeles níos deireanaí i mbliana

Rocky Ros Muc le taispeáint i bpictiúrlanna Mheiriceá chun cáiliú do na Academy Awards

Beidh deis ag an scannán Gaeilge Rocky Ros Muc cáiliú do na Academy Awards 2018 nuair a eiseofar sna Stáit Aontaithe é níos deireanaí i mbliana.

Bhí an première domhanda de Rocky Ros Muc, scannán faisnéise a insíonn scéal an iardhornálaí Seán Ó Mainnín, i mBostún i mí an Mhárta. Anois, tá sé fógartha go mbeidh an scannán á thaispeáint i bpictiúrlanna i Nua-Eabhrac agus Los Angeles san fhómhar, rud a chiallaíonn gur féidir leis an scannán bheith san iomaíocht chun áit a fháil ar ghearrliosta na Oscars an bhliain seo chugainn.

Tá sé i gceist ag an gcomhlacht léiriúcháin Below the Radar an scannán a thaispeáint in amharclanna in Éirinn, thuaidh agus theas, níos deireanaí in 2017 agus craolfar Rocky Ros Muc ar TG4 in 2018.

Deir stiúrthóir an scannáin, Michael Fanning, gur cúis áthais dóibh é go bhfuil an deis acu scéal Sheáin Uí Mhainnín a scaipeadh.

“Is trí leabhar Rónáin Mhic Con Iomaire ‘Rocky Ros Muc’ a chuir mé eolas ar scéal an Mhainnínigh agus thaitin an scéal go mór liom. Cé go raibh sé ar dhuine de na dornálaithe ab fhearr ar domhan, is fear umhal é Seán agus is scéal é a mbeidh an-spéis ag an lucht féachana ann, sílim,” a dúirt Fanning.

“Tá muid iontach bródúil go mbeidh an scannán seo le feiceáil anois ag daoine sna Stáit Aontaithe. Is ardú meanman don fhoireann ar fad é fosta go mbeidh an scannán cáilithe do na Oscars ar an bhliain seo chugainn. Tá muid ag súil go mór le haiseolas a fháil ó mhuintir na hÉireann  an tseachtain seo i nGaillimh.”

Beidh an chéad léiriú in Éirinn den scannán ar siúl anocht mar chuid de Fhleadh Scannán na Gaillimhe agus tá na ticéid uile díolta amach cheana féin.

Beidh Seán Ó Mainnín féin i láthair ag taispeántas speisialta den scannán i Ros Muc san oíche amárach.

Fág freagra ar 'Rocky Ros Muc le taispeáint i bpictiúrlanna Mheiriceá chun cáiliú do na Academy Awards'

  • Susan Folan

    Aon bhaol go dtaispeánfar arís anseo é? Chaill mé amach ar na ticéidí an babhta seo.