Beidh an an t-iardornálaí cáiliúil, Seán Ó Mainnín, i láthair ag taispeántas speisialta den scannán faisnéise faoina shaol, Rocky Ros Muc, ar a fhód dúchais an tseachtain seo chugainn.
Is sa Chrannóg i Ros Muc Déardaoin seo chugainn, an 13 Iúil, a chraolfar an scannán ag ócáid atá á heagrú ag TG4 mar chuid d’Fhleadh Scannán na Gaillimhe 2017.
Tá fáilte roimh an bpobal a bheith i láthair nuair a thaispeánfar an scannán nua i Ros Muc. Ag braith ar éileamh, is féidir ticéid a fháil saor in aisce ach ríomhphost a sheoladh chuig rocky@tg4.ie.
Thug an scannán leis gradam na féile ag Féile na Scannán Éireannacha Boston níos luaithe an samhradh seo agus mheall an scannán an slua is mó i stair na féile nuair a chraoladh é.
Déanann Rocky Ros Muc, atá bunaithe ar leabhar Rónán Mhic Con Iomaire, cur síos ar shaol an Mhainnínigh, a rugadh i Ros Muc in iarthar na Gaillimhe ach a chuaigh ar imirce nuair a bhí sé ina dhéagóir i lár na seachtóidí.
Agus é ina chónaí in Dorchester, dhírigh Ó Mainnín ar an dornálaíocht agus i 1984 throid sé do Chraobh Mheánmheáchain WBA an Domhain in Madison Square Garden, cath a chaill sé in aghaidh Mike McCallum atá aitheanta ar dhuine de mhórdhornálaithe na linne sin.
Scrúdaíonn Rocky Ros Muc an spiorad a bhain le bheith ag troid sa chró agus na fadhbanna a bhí ag an Máinníneach lasmuigh de chomh maith. Pléann sé leis le cúrsaí imirce agus an tionchar a bhíonn ag an imirce ar fhéiniúlacht an duine.
Léiriú de chuid Below the Radar é Rocky Ros Muc agus rinneadh an scannán faisnéise i gcomhar leis an ILBF, MG Alba agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Michael Fanning a stíuraigh an scannán agus Máire Bhreathnach a léirigh.
Fág freagra ar '‘Rocky Ros Muc’ ag filleadh ar an bhfód dúchais agus ticéid le hais an fháinne ar fáil'