‘Rochtain ar sheirbhísí’ tugtha mar chúis gan ionad IPAS a chur i gCarna

Dúirt an Roinn Dlí agus Cirt nach bhfuil an t-óstán á mheas a thuilleadh mar gheall ar cheisteanna faoi rochtain ar sheirbhísí

‘Rochtain ar sheirbhísí’ tugtha mar chúis gan ionad IPAS a chur i gCarna

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Dlí agus Cirt do Tuairisc nach bhfuil an t-iarratas a rinneadh le hionad d’iarrthóirí tearmainn a dhéanamh d’Óstán Chuan Charna á mheas aici a thuilleadh mar gheall ar cheisteanna faoi rochtain ar sheirbhísí.

Chuir an comhlacht Mulcahy Steel, ar leis an t-óstán, iarratas faoi bhráid na Roinne Lánpháirtíochta, a bhí i gceannas cúrsaí teifeach ag an am,  le lóistín a chur ar fáil do 84 iarrthóir tearmainn. Dúirt an Roinn chéanna i mí an Mhárta go raibh an cinneadh le cur siar trí mhí le deis a thabhairt do mhuintir na háite an scéal a phlé leis na húinéirí.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne le Tuairisc gur beartaíodh gan dul níos faide leis an iarratas ó úinéirí Óstán Chuan Charna mar gheall ar mheasúnú a rinneadh ar an rochtain a bheadh ag na hiarrthóirí tearmainn sa gceantar ar sheirbhísí agus ar an éileamh atá ar ionad mar é “san earnáil faoi láthair”.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 aréir go bhfuair an grúpa feachtais a bhí ag cur in aghaidh an ionaid do dhaoine a bhí ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta sa tír seo scéala ó ionadaithe tofa nach mbeifí ag dul ar aghaidh leis an iarratas. Dheimhnigh urlabhraí de chuid na Roinne an méid sin do Tuairisc inniu.

Dúradh sa ráiteas a cuireadh ar fáil tráthnóna go ndéanann oifigigh na Roinne athbhreithniú ar gach iarratas a chuirtear faoina mbráid “de réir gnásanna caighdeánaithe measúnaithe”.

“Cuirtear áitribh ó gach ceantar tríd an bpróiseas follasach céanna, lena n-áirítear na seiceálacha riachtanacha comhlíontachta agus measúnú réimse leathan fachtóirí tábhachtacha,” a dúradh sa ráiteas.

Míníodh go gcuirtear san áireamh oiriúnacht an tsuímh, an tairbhe a bhainfí as an ionad, ceisteanna pleanála, agus oibreacha a chaithfí a dhéanamh ar an áitreabh sula mbeifí in ann é a úsáid. Dúradh chomh maith go dtugtar aird ar an rochtain atá sa cheantar ar sheirbhísí, ar shláinte agus sábháilteacht na dteifeach, agus an gá atá le hionaid san earnáil.

Dúnadh Óstán Chuan Charna don phobal in 2022 le lóistín a chur ar fáil do dhaoine as an Úcráin a bhí ar a dteitheadh ón tír sin mar gheall ar ionradh na Rúise i mí Feabhra 2022. Cuireadh 25 seomra ar fáil do na teifigh agus tháinig 50 duine ar fad ann i dtús aimsire. Tá 14 Úcránach fanta san óstán anois.

Bhí conspóid mhór ann i mí an Mhárta faoi iarratas a rinne úinéirí nua, a cheannaigh an t-óstán tar éis 2022, go bhfeidhmeodh an t-óstán mar ionad IPAS chun seirbhísí lóistín d’iarrthóirí tearmainn a chur ar fáil.

Chuir cuid de mhuintir Charna i gcoinne an phlean agus mhaígh go ndéanfadh a leithéid d’ionad dochar mór don cheantar. Chruinnigh lucht agóide taobh amuigh den óstán ar feadh aon oíche dhéag agus iad spreagtha ag ráfla nach raibh fíor go raibh bus ar a bhealach chuig an mbaile beag Gaeltachta le teifigh a chur san óstán. Dúirt bainisteoir an óstáin ag an am nach raibh aon fhírinne sa scéal go raibh bus ar an mbealach agus níor tháinig aon bhus sa deireadh.

Fág freagra ar '‘Rochtain ar sheirbhísí’ tugtha mar chúis gan ionad IPAS a chur i gCarna'

  • Siob

    Tá Tuairisc.ie devastated faoin nuacht seo :D :D :D