Róchinnteacht agus imní an dá chomhartha sóirt is mó ar an DUP

Ag cur cos i dtaca in aghaidh mhargadh Breatimeachta Theresa May atá an DUP, ach tá míshuaimhneas sa pháirtí freisin faoi chúrsaí toghcháin

Róchinnteacht agus imní an dá chomhartha sóirt is mó ar an DUP

Arlene Foster agus Nigel Dodds. Pictiúr: Twitter.com/DUPLeader

Ní raibh sí mar a bhíodh comhdhálacha bliantúla roimhe seo. Tháinig toscairí an DUP le chéile ag deireadh na seachtaine i láthair nua, gan bratach na Ríochta Aontaithe ar gach cathaoir, gan Sammy Wilson a bheith ag spalpadh maslaí faoi éinne nach n-aontaíonn leo in óráid ar an teilifís roimh aitheasc an cheannaire. Bhí suim mhór ag na meáin idirnáisiúnta sna himeachtaí i mbliana i bhfianaise an chor is deireanaí sa scéal fada ar an anró – an Breatimeacht.

D’ainneoin brú ó lucht gnó, feirmeoirí, an earnáil dheonach agus na príomhpháirtithe eile, cé is moite den UUP, bhí sé fógartha cheana féin ag an bpáirtí go raibh margadh an Phríomh-Aire May, an cúlstad go háirithe, doghlactha agus go vótálfadh a ndeichniúr feisirí ina aghaidh in Westminster.

Bhí malairt réitigh le fáil agus ba cheart do Theresa May a dhul sa tóir air, a dúirt Arlene Foster, ceannaire an DUP.

Bheadh deis ag Foster in aitheasc an cheannaire an saghas réitigh atá i gceist aici a shoiléiriú. Sin a cheapfá, ó tharla an crú a bheith ar an tairne anois. Má bhí toscairí ag súil le fís an DUP don Bhreatimeacht a bhfuil siadsan cíocrach chuige, bhí thiar orthu. Níor leagadh amach na critéir don Bhreatimeacht ‘inghlactha’ a mbíonn Arlene Foster ag caint faoi go seasta.

Bhí dhá eite na gCaomhach ag cuimilt meala leo ag an gcomhdháil i mBéal Feirste. Bhí an Seansailéir Philip Hammond ar thaobh an Phríomh-Aire ag iarraidh a chur ina luí orthu gurbh fhiú tacaíocht a thabhairt don mhargadh. Ba é crann taca an Bhreatimeachta Boris Johnson a thug an óráid roimh aitheasc Arlene Foster; bhain an slua sásamh as cuid de, ach seans go ndeachaigh sé chun leadráin.

Rinneadh go leor tagairtí don ról tábhachtach atá ag an DUP i ngnóthaí na Ríochta Aontaithe agus iad ag cosaint na tíre ó Jeremy Corbyn. Shéan siad go raibh a margadh soláthair agus muiníne leis na Caomhaigh briste, ach dúirt go gcaithfeadh siad athbhreithniú a dhéanamh air dá n-éireodh le Theresa May tacaíocht na Parlaiminte a fháil.

Bhuail siad le hionadaithe lucht gnó ar an Luan agus dúirt leo nár theastaigh Breatimeacht gan margadh uathu. Dé Máirt dúirt Arlene Foster in agallamh teilifíse go raibh Theresa May ag cur ama amú ag iarraidh a réiteach aistarraingthe ón Aontas Eorpach a dhíol. Ach arís eile ní raibh de phlean á thairiscint acu ach ‘téigh ar ais chun na Bruiséile agus abair leo nach bhfuil an margadh seo sásúil’.

Céard a bheadh sásúil? An cúlstad a chur ar ceal nó cead a bheith ag an Ríocht Aontaithe deireadh a chur leis beag beann ar an Aontas Eorpach. Níl rud ar bith eile soiléir. Ní ghlacann siad leis in aon chor gur imeacht gan margadh ar bith an toradh a bheadh ar a seasamh. Is léir go bhfuil droim láimhe á tabhairt acu do Theresa May agus iad ag dul a luí le Jacob Rees-Mogg, Johnson agus a gcairde.

D’ainneoin chomh cinnte is atá siad faoina seasamh bhí míshuaimhneas le brath ag a gcomhdháil bhliantúil agus daoine a bheidh ag seasamh sna toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn imníoch faoina bhfuil i ndán dóibh. Tá an t-easaontas le lucht gnó agus cumann na bhfeirmeoirí gan fasach. Anuas ar mhíchlú an DUP i dtaca le scannal an RHI, iompar na Spad (comhairleoirí neamhthofa) agus a gcur chuige meata i leith mhí-iompar Ian Paisley a thuill fionraíocht an-fhada ón bParlaimint, tá údar imní acu.

Ba léir gurbh fhaoiseamh do na toscairí é gur ghabh Arlene Foster leithscéal faoi iompar an pháirtí, fiú murar leithscéal as a hiompar féin ab ea é. Bhíodh ag caint san DUP sna blianta sular éirigh Peter Robinson as oifig ar an ngá a bhí le pleanáil chun tacaíocht a mhealladh ó vótóirí nua. Ba bheag a cluineadh ag a gcomhdháil bhliantúil a chuirfeadh an chluain ar aon duine nár thacaigh leo cheana. A mhalairt a tharla – imní a bhí le brath go gcaillfeadh an páirtí an tacaíocht bhreise, nó cuid di, atá bailithe aige le cúig bliana déag.

Fág freagra ar 'Róchinnteacht agus imní an dá chomhartha sóirt is mó ar an DUP'