Róbhog a ghéill an Rialtas d’uabhar Ursula von der Leyen

Is gnó dúinn féin amháin é ár gCoimisinéir a roghnú cé gur dhóigh leat nach dtuigeann an Rialtas sin

Róbhog a ghéill an Rialtas d’uabhar Ursula von der Leyen

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Is uirísliú don tír seo gur ghéill an rialtas don ordú ó Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, nach muidne a roghnódh Coimisinéir nua na tíre seo san Eoraip ach go gcuirfeadh muid beirt ar aghaidh le go roghnóidh von der Leyen é nó í.

Níl tagairt ar bith i gconarthaí an Aontais do bheartas dá leithéid, ach is comhartha eile é ar easpa cnámh droma an rialtais agus uaisle na tíre i leith an Aontais.

Ní dochar ar bith go gcuirfeadh von der Leyen i gcuimhne don rialtas go bhfuil sí ag iarraidh mná a chur chun cinn, ach tá sí ag dul thar fóir nuair a chuireann sí brú orthu ligean dise an Coimisinéir Éireannach a roghnú.

Ar ndóigh, tuigeann an Rialtas anois, ní hamháin go bhfuair siad réidh le Phil Hogan in iarracht fearg an phobail i leith Golfgate a mhaolú, ach nach bhfuil seans dá laghad ann go gcoinneoidh muid cúram na trádála.

Tá siad ag iarraidh tóin an Uachtaráin a lí ionas go bhfaighidh muid post éigin a mbeadh tábhacht de chineál éigin ag baint leis. Sin é an fáth gur ghéill siad don uabhar seo. Beag seans, ceapaim, agus is beag an t-ionadh go raibh drogall ar Simon Coveney a ainm féin a chur chun cinn ar fhaitíos gur íobairt in aisce a bheadh ann.

I ndáiríre, ní dóigh liom gur theastaigh ón rialtas go ndíbreofaí Hogan as an bpost. Labhair siad go dána ceart go leor, ag iarraidh airsean machnamh a dhéanamh ar ár n-iompar féin, ach ní dóigh liom gur chreid siad go gceapfadh von der Leyen go rabhadar i ndáiríre.

Is ag iarraidh daoine sa mbaile a shásamh a bhí siad ach tá siad i ndiaidh olc a chur ar von der Leyen, ar an gCoimisiún is ar an mBunaíocht san Eoraip. Ó thaobh na hEorpa de, measadh go raibh sé ag déanamh jab maith, go háirithe maidir leis an gcaidreamh leis na Stáit Aontaithe.

Nílim cinnte an raibh an oiread sin tairbhe le baint ag an tír seo as Hogan a bheith ina choimisinéir trádála.

Smaoinigh ar Mercosur agus an clamhsán glórach a rinne feirmeoirí na hÉireann faoi, agus an chosaint a rinne Hogan ar an margadh sin le tíortha móra Mheiriceá Theas.

Ach caithfidh an tAontas maireachtáil leis an gcinneadh anois, agus caithfidh an Rialtas s’againne déanamh amhlaidh.

Luaitear an Breatimeacht go minic agus daoine ag caint faoi scéal Hogan, ach is cosúil gur beag an tionchar a bhí aige dáiríre ar an scéal sin, nó má bhí, níor éirigh rómhaith leis leas na tíre seo a chur chun cinn.

Tá an trádáil le Sasana níos tábhachtaí don tír seo ná d’aon tír eile san Aontas, agus bheadh sé go mór chun leas na tíre socrú tuisceanach a fháil idir an Bhreatain agus an Eoraip – socrú a chosnódh trádáil bhia na tíre seo le Sasana.

Ach níl Michel Barnier sásta iarracht a dhéanamh teacht ar shocrú den chineál sin. Tá sé ag iarraidh go mbeidh sé le feiceáil ag an saol go bhfuil pionós i ndán d’aon tír a fhágfaidh an tAontas.

Agus tá sé soiléir, mar tá sé ráite aige féin, go gcuirfeadh Barnier teorainn chrua idir Tuaisceart agus Deisceart na tíre seo dá mbeadh a leithéid ag teastáil le sláine an Mhargaidh Aonair a chosaint.

Tá sé níos éasca againne, ó tharla muid a bheith chomh dílis sin don Aontas, an milleán a chur ar na Sasanaigh, ach níl teorainn chrua ag teastáil uathusan ach an oiread linn féin. Is é an tAontas Eorpach a chruthóidh í má tharlaíonn sí.

Tá muid ag teacht go gasta níos gaire don Bhreatimeacht gan mhargadh, ach féach orainn is muid fós ag rith thart gan dóigh.

Ar deireadh thiar ní dhéanfaidh sé aon difear don tír cé a bheas ina Choimisinéir againn. Ní bheidh aon tionchar fiúntach aige nó aici ar na rudaí atá tábhachtach dúinne ar aon chuma.

Ach is fiú a rá nach bhfuil taithí riaracháin ar bith ag Mairéad McGuinness, cé go mbíonn sí ar an teilifís in Éirinn gan stad, agus aire a bhí i Frances Fitzgerald ar theip uirthi sa deireadh.

Duine cumasach is ea Simon Coveney, ach is fearr i bhfad an mhaitheas a d’fhéadfadh sé a dhéanamh dá bhfanfadh sé sa mbaile.

Ar deireadh thiar, is cinneadh dúinn féin an cinneadh seo. Níl ceart dá laghad ag eachtrannach ar bith a ladar a chur sa scéal. Trua nach bhfuil dóthain measa ag an rialtas air féin leis sin a chur in iúl go fórsúil do na hEorpaigh.

Fág freagra ar 'Róbhog a ghéill an Rialtas d’uabhar Ursula von der Leyen'

  • Lillis Ó Laoire

    “Ag deireadh thiar, is cinneadh dúinn féin an cinneadh seo.” In Éirinn a rinneadh an cinneadh.

  • Niall

    Tógtar an tAontas ar chomhoibriú agus comhghéilleadh ar thóir leasanna roinnte (m sh. comhionannas inscne). Nach bhfuilimid in ann fear agus bean a ainmniú don phost tábhactach seo gan a bheith ag caint faoi ‘uirísliú’ náisiúnta?

  • Traolach Ó Sioradáin

    De réir na dtuairiscí, deireadh Henry Ford le lucht ceannaithe na ngluaisteán gurbh fhéidir leo dath an ghluaisteáin a roghnú ach, más ea, go gcaithfeadh sé a bheith dubh.
    De réir na ráflaí, bhí cead ag an rialtas an dá iarrthóir a roghnú ach, más ea, go raibh muintir na hEoropa ag glacadh leis go mbeadh ainm Mairead McGuinneas ar an liosta

  • Eoin O Murchu

    Roghnaíonn gach tír eile an té atá le bheith ina choimisinéir. Ach dúradh linn beirt a ainmniú ionas go ndéanfadh von der Leyen an roghnú. Ní in Éirinn a dhéanfar an cinneadh faoi cé bhéas ina coimisinéir Éireannach. Ní bhaineann sé le comhionannas inscne: mar a dúirt mé san alt bheadh sé ceart go leór do von der Leyen cur i gcuimhne duinn go raibh sí ag iarraidh tuilleadh mná sna postanaseo, ach bhí sí ag dul fóir is ag déanamhm beag dínn a rá gur choir an roghnú deireannach a bheith aici féin. Masla is uilísliú ceart.

  • Traolach Ó Sioradáin

    “Táim i gceannas le cead mo chéile”, ar seisean