Róbat nua an Tuisil Ghinidigh ag scaipeadh a chuid gaoise ginidí ar líne

Tá Róbat an Tuisil Ghinidigh curtha ar fáil ag Kevin Scannell ar Twitter le samplaí randamacha den tuiseal ársa álainn achrannach a scaipeadh

Róbat nua an Tuisil Ghinidigh ag scaipeadh a chuid gaoise ginidí ar líne

Róbat a scaipeann samplaí d’úsáid an tuisil ghinidigh ar líne an áis is déanaí atá cruthaithe ag mórcheannródaí na Gaeilge ar líne, Kevin Scannell.

An tseachtain seo caite a cuireadh Róbat an Tuisil Ghinidigh ar fáil ag an gcuntas Twitter @AnGinideach agus tá roinnt céadta duine meallta ag a chuid gaoise ginidí cheana féin.

Chuir mórán Gael ar líne fáilte roimh fhógra Scannell go raibh ball nua ina “róbatarm” Gaeilge aige.

Is cosúil gur tvuít ón gcuntas Motherfoclóir a spreag Scannell chun an róbat nua a chruthú.

Mhínigh Scannell dá lucht leanta gur go huathoibríoch a chuireann Róbat an Tuisil Ghinidigh samplaí d’úsáid an tuisil ársa ar fáil.


16 comhartha gur gúrú gramadaí Gaeilge tú…


“Úsáideann sé cur chuige staitisticiúil chun na ranna cainte a phiocadh amach; tá sé go hiomlán uathoibríoch,” arsa Kevin Scannell.

Ar na samplaí randamacha atá curtha amach go dtí seo ag an róbat, tá ‘dáta an olltoghcháin’, ‘purgadóir na sraithe’, ‘cairde ban’, ‘cúl an chófra’ agus ‘tuin chainte’.

An t-aon eolas eile atá tugtha faoi Róbat an Tuisil Ghinidigh ná go dtugann sé le fios ar a phróifíl Twitter gurb é ‘Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir’ le Tadhg Mac Dhonnagáin an t-amhrán is ansa leis!

Tá Kevin Scannell, saineolaí ríomhaireachta as Ollscoil Missouri,

chun sé mhí a chaitheamh sa Ghaeltacht an bhliain seo chugainn ag obair ar thograí nua agus ag forbairt áiseanna Gaeilge.

Tá scoláireacht Fulbright faighte ag Scannell, a raibh baint aige le cuid de na forbairtí is mó ó thaobh na Gaeilge ar líne le tamall de bhlianta anuas, chun cónaí agus obair i gCarna i gConamara sa chéad leath de 2020. Beidh sé lonnaithe in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ansin idir Eanáir agus Iúil 2020.

Fág freagra ar 'Róbat nua an Tuisil Ghinidigh ag scaipeadh a chuid gaoise ginidí ar líne'