Ró-throm nó ró-thanaí – maslaí náireacha a ba cheart a bheith mídhleathach

Mar ghreann agus mar mhagadh a chuirtear i láthair go minic na maslaí agus na hionsaithe a dhéantar ar daoine faoina meáchan ach ní haon ábhar grinn é

belly

Tá Sorcha, bean chéile Ross O’Carroll Kelly sa cholún grinn san Irish Times ar an Satharn ag iarraidh meáchan a chailliúint faoi láthair sula dtéann siad ar saoire go Toronto chuig a cara, Claire. Ocht bpunt a chaill sí le seachtain anuas. “Yeah, no, malnutrition certainly seems to be the way to go, Babes,” a deir Ross. Tugann sé a thuairim dúinn freisin faoina cara lena mbeidh siad ag fanacht i gCeanada. “Claire? From what I remember, Babes, she’s no stranger to a Snack Box herself.”

Colún grinn é, ar ndóigh, agus is cliste an scríbhneoir é Paul Howard. Ach is cinnte gur mar ghreann agus mar mhagadh a chuirtear i láthair go minic na maslaí agus na hionsaithe a dhéantar ar dhaoine faoi a bheith ró-throm nó ró-thanaí. Náirítear daoine go rialta de bharr a gcuid meáchain agus is cinnte go ngortaíonn sé go mór iad. Tá iarrachtaí áirithe á ndéanamh dul i ngleic leis an gcoincheap ar a dtugtar ‘body-shaming’ ach níl sé éasca déileáil leis, go háirithe ar na meáin shóisialta.

Ba chéim mhór chun cinn é an cinneadh a rinne méara nuathofa Londan Sadiq Khan cosc iomlán a chur ar aon fhógra ar chóras iompar poiblí na cathrach sin a dhéanfadh náiriú ar dhuine ar bith de bharr a gcuid meáchain. Thug sé treoir don eagraíocht Transport for London diúltú feasta d’fhógraíocht a bheadh maslach faoi mheáchan tar éis do 70,000 duine a n-ainmneacha a chur le hachainí cosc a chur ar fheachtas fógraíochta faoin teideal “Beach body ready” ag stáisiúin na dtraenacha faoi thalamh.    

Tá beirt iníonacha atá sna déaga ag Méara Londan agus a bhean chéile agus dúirt sé go raibh sé “extremely concerned about this kind of advertising which can demean people, particularly women, and make them ashamed of their bodies”. Tá sé thar am deireadh iomlán a chur leis an gcineál seo fógraíochta mar nár cheart go mbeadh aon duine faoi brú maidir le “unrealistic expectations surrounding their bodies” agus iad ag taisteal ar bhus nó ar thraein, a dúirt sé.

Is minic gurbh iad na réalta mór le rá i saol an cheoil agus na siamsaíochta is mó a bhíonn á náiriú agus faoi ionsaí mar gheall ar mheáchan. Dúirt an craoltóir aitheanta ón mBreatain Katie Hopkins faoin gceoltóir Kelly Clarkson, “Did she eat all of her backing singers? Happily I have wide-screen.”

Dúirt an t-aisteoir Meiriceánach Raven-Symoné anuraidh gur tosaíodh ag piocadh uirthi faoina cuid meáchain nuair nach raibh sí ach 7 mbliana d’aois agus páirt aici sa sraith The Cosby Show. “And I remember people were like, ‘You can’t eat that. You’re getting fat.’ I’m like, ‘I’m 7! I’m hungry!’”

Bhí freagra maith ag an aisteoir Gabourey Sidibe a bhí ainmnithe do ghradam Oscar don scannán Precious nuair a ionsaíodh í faoi phictiúir di a tógadh ag gradaim na Golden Globes sa bhliain 2014:  “To people making mean comments about my GG pics, I mos def cried about it on that private jet on my way to my dream job last night,” a scríobh sí mar fhreagra orthu.

Rinneadh ionsaithe gránna den chineál céanna ar Kim Kardashian ach ní ramhar a bhí sí ach ag súil lena céad páiste sa bhliain 2013. Ghortaigh agus mhaslaigh na hionsaithe sin í.  “It’s not cool and it’s not fair. People are saying, ‘you’re so fat!’ I’m like, ‘Dude, I’m pregnant!’” a dúirt sí le US Weekly.

D’úsáid an scríbhneoir J.K. Rowling twitter le pictiúir a scaipeadh di féin agus an laoch leadóige Serena Williams. Masla a fuair sí mar fhreagra ó dhuine amháin a dúirt go raibh Serena Williams “built like a man”. Bhí freagra ag an scríbhneoir ar an duine sin nuair a sheol sí amach pictiúr álainn eile de Williams i ngúna gleoite dearg: “Yeah, my husband looks just like this in a dress. You’re an idiot,” a scríobh Rowling.

Ní iomarca meáchain is siocair leis na hionsaithe a dhéantar ar Emma Stone ach cheal meáchain, í a bheith ró-thanaí. Dúirt sí go ndeir daoine fúithi ‘eat a sandwich’ nó ‘she looks sick’, ach níl sí tinn agus itheann sí ceapairí. Cuireann sé as di mar go gcreideann sí go mbeidh drochthionchar ag an gcineál sin tuairimíochta ar chailíní óga – “We’re shaming each other and we’re shaming ourselves, and it sucks,” a dúirt sí.

Teastaíonn iarracht mhór leis na mbulaíocht ghránna seo a stopadh. Tá sé ráite ag an réalta teilifíse ón mBreatain Ferne McCann gur cheart go mbeadh an cleachtas daoine a náiriú faoina gcolainn ina ghníomh mídhleathach ar na meáin shóisialta. Déarfainn gur cheart tacú léi.

Fág freagra ar 'Ró-throm nó ró-thanaí – maslaí náireacha a ba cheart a bheith mídhleathach'

  • Pól Réamonn

    Níl cinsireacht an freagra.

  • padraig

    Ni greann e sin ag Dross O Carul Kelly ach searbhas, cinefhuath agus b’fheidir roinnt mhaith den fheinfhuath trid freisin. Ni maith liom e agus ni maith liom an ‘greann’ a chuireann se os comhair an phobail gach seachtain, ni hionann greann agus an t-aithisu agus an t-ionsai ach diolann se nuachtain dar ndo’ agus da thaire e an spidiuchan seo is ea is mo a thaitnionn se leis an mbraon laburthe agus leis an gcomontacht (sea leitheoiri an Irish/London Times ata i gceist agam). Bionn fallaing na sofaisticiulachta air toisc gur greann BAC 4 e agus ni mor duit a bheith sofaisticiuil finealta chun geilleadh dho, dar leo, ach NIL SE GREANNMHAR. Agus deirim fairis sin nach bhfuil FATHER TED aon phioc greannmhar ach oiread, is paddywhackery gan bhri gan doimhneacht gan tathag e.Cleachtaionn fuirseoiri airithe an taire cheanna nuair a tharraingionn siad chucu an bhromannach mar abhar grinn. Is gaire leathnairithe tri fhiacla a spreagann an cacamas sin seachas gaire brea croiuil a spreagfadh na fuirseoiri mora amhail Tommy Cooper, Buster Keaton…..dala iad sin caithfidh tu domhaintuiscint a bheith agat ar an tragoid sula dtuigfidh tu ‘greann’.