RnaG le breathnú ar urraíocht do chláracha

Luaitear i bplean straitéiseach RnaG foinsí seachtracha ioncaim agus urraíocht ar chláracha mar chuid den iarracht cur le hacmhainní agus lucht éisteachta an stáisiúin as seo go ceann cúpla bliain.

RoBeo14-0464
Rónán Mac Aodha Bhuí i mbun an chláir Rónán Beo ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne an deireadh seachtaine seo caite. Luaitear a chlár i bplean straitéiseach trí bliana RnaG.

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta chun scrúdú a dhéanamh ar leas a bhaint as foinsí seachtracha ioncaim agus urraíocht a lorg do chláracha mar chuid de Phlean Straitéiseach an stáisiúin.

Ní cheadaítear urraíocht ná aon saghas fógraíochta eile ar RnaG faoi láthair, ach d’fhéadfadh athrú teacht ar an scéal sin sna blianta amach romhainn, de reir Plean Straitéiseach RTÉ Raidió na Gaeltachta 2014-2017.

Luaitear na foinsí seachtracha ioncaim seo mar chuid d’iarracht RnaG cur le hacmhainní agus lucht éisteachta an stáisiúin.

Deirtear sa phlean chomh maith go bhféachfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta le forbairt a dhéanamh ar bhranda na seirbhíse ionas go mbeidh an stáisiún níos ionadaíoch do shochaí na linne seo, agus ag teacht níos mó le déimeagrafaic Ghaeilge an lae inniu.

Tá lucht an stáisiúin chun díriú ar lucht éisteachta níos leithne a mhealladh chucu as seo go ceann cúpla bliain.

Deirtear sa phlean nach féidir neamhaird a dhéanamh den ardú suntasach atá tagtha ar an líon cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le tamall de bhlianta agus gur cheart cláracha a chur in oiriúint don athrú sin sa tslí is go mbeidh siad ina scáthán air.

Luaitear go sonrach sa phlean an gá atá le tuilleadh daoine óga a mhealladh.

Admhaítear go bhféadfaí a áiteamh go raibh easnamh i sceideal Raidió na Gaeltachta san am a caitheadh ó thaobh cláracha don óige.

In ainneoin Anocht FM a bheith ann, b’éigean an tseirbhís sin don óige a laghdú le tamall de bharr easpa acmhainní agus chun an sceideal lárnach a chosaint, a deirtear.

Áitítear sa phlean go bhfuil roinnt bheag cláracha ann le blianta beaga ar éirigh leo freastal ar phobail Ghaeltachta agus ar an mórphobal Gaeilge araon. Luaitear go sonrach sa chomhthéacs seo na cláracha Rónán Beo agus Cormac ag a Cúig.

Admhaítear sa phlean straitéiseach gur deacair tuilleadh éisteoirí a mhealladh d’uireasa aiseolas cruinn maidir le líon na ndaoine a thugann cluas do chláracha an stáisiúin.

Is mar gheall ar an deacracht seo atá sé i gceist ag RnaG córas ‘ceart’ monatóireachta agus taighde ar an lucht éisteachta a chur ar bun.

Fág freagra ar 'RnaG le breathnú ar urraíocht do chláracha'

  • roibeard ó conaing

    tá súil agam nach gciallaíonn bheith “ina scáthán” ar chainteoirí lasmuigh den ghaeltacht ardán a thabhairt do na drochnósanna teanga atá ag cuid mhaith daoine (laistigh agus lasmuigh den ghaeltacht) sa lá atá inniu ann – Tá TG4 ina bhun sin go tréan cheana féin. Má islíonn RnaG a chaighdeáin teanga tá sé chomh maith againn an chúis ar fad a chaitheamh i dtraipisí! Tá feidhm thábhachtach oideachasúil ag na meáin i gcoitinne ó thaobh teanga de, agus tá an fheidhm sin seacht n-uaire níos tábhachtaí i gcás na gaeilge (cé go bhfuil TG4 ag loiceadh ar a dhualgas mar staistiún Gaeilge – cé a mhaífeadh nach stáisiún dátheangach i bhfírinne é?). Ní féidir le héinne, bíodh sé ina chainteoir dúchais nó dóchais, ardleibhéal cumais a bhaint amach mura bhfuil an dea-shampla ar fáil dó. Sé RnaG foinse an dea-shampla sin faoi láthair. Bagairt mhór don teanga aon laghdú air sin.