RnaG ag scrúdú ainmneacha agus sloinnte

An craoltóir Gaeilge chun athbhreithniú a dhéanamh ar a bpolasaí maidir le hainmneacha imreoirí spóirt agus ionadaithe poiblí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge mar chuid dá Plean Straitéiseach 2014-2017

RnaG ag scrúdú ainmneacha agus sloinnte
Imreoirí ó Chiarraí agus ó Dhún na nGall roimh chluiche ceannais na hÉireann. Ar chóir do RnaG ainm agus sloinne gach imreoir a aistriú go Gaeilge?
Imreoirí ó Chiarraí agus ó Dhún na nGall roimh chluiche ceannais na hÉireann. Ar chóir do RnaG ainm agus sloinne gach imreoir a aistriú go Gaeilge? PIctiúr: Inpho

 

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar a bpolasaí maidir le hainmneacha imreoirí spóirt agus ionadaithe poiblí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.

Tugtar an méid seo le fios i Plean Straitéiseach RTÉ Raidió na Gaeltachta 2014-2017, a bhfuil cóip de feicthe ag Tuairisc.ie.

Deirtear sa phlean go bhféachfar ar ainmneacha agus sloinnte imreoirí spóirt agus ionadaithe poiblí a fhágáil “sa teanga a roghnaíonn siad féin, seachas bheith dhá n-aistriú”.

Cé go bhfuil aistriú sloinnte agus ainmneacha go Gaeilge ag teacht le polasaí teanga an chraoltóra Ghaeilge, ní ar an gcúis sin amháin a dhéantar an t-aistriúchán.

Dar leis an iarthráchtaire agus iarchraoltóir le RnaG, Mícheál Ó Sé, tá baint ag an bpolasaí aistriúcháin fadbhunaithe chomh maith le treoirlínte ón gCumann Lúthchleas Gael.

“’Is é polasaí CLG é go mbeadh na hainmneacha i nGaeilge. An leathnach a fhaigheann an réiteoir roimh chluiche is i nGaeilge uile a bhíonn na hainmneacha. Is don gCumann Lúthchleas Gael a dheinimis an t-aistriúchán,” a deir Mícheál Ó Sé a thug blianta i mbun tráchtaireachta ar chluichí móra.

Faoi láthair is é an polasaí atá ag RnaG ná go n-aistrítear na hainmneacha Béarla go Gaeilge i gcás na gcluichí Gaelacha amháin.

Ní dhéantar ainmneacha imreoirí sacair, rugbaí nó eile a aistriú, ach is léir ón bplean straitéiseach go bhféadfadh sé go n-éireofar as an gcleachtas ar fad.

“Ceist í seo a tharraingítear anuas ó am go chéile sa Raidió. Iarrtar orainn leagan faoi leith d’ainm a úsáid nó gan a úsáid. Ábhar plé atá ann le tamall, agus síleadh go mb’fhiú an cheist a scrúdú mar chuid den straitéis. Baineann sé le hainmneacha ionadaithe poiblí chomh maith le himreoirí spóirt,” a dúirt urlabharaí RnaG le Tuairisc.ie.

Deir Mícheál Ó Sé nach é seo an chéad uair go bhfuil an cheist áirithe seo tagtha aníos.

“Dúradh liom stad den aistriúchán sna cluichí mionúir ach ní stadfainn go deo á dhéanamh.”

Deir Ó Sé gurb é an fáth go bhfuil mearbhall fós ar dhaoine faoi cheist an aistriúcháin ná nach bhfuil polasaí CLG sách soiléir.

“Tá an cheist uile faoi chúram Uachtarán nó Ard-Stiúrthóir CLG agus ba cheart dóibhsean an rud a dhéanamh níos soiléire.”

Is é tuairim Uí Shé gur le gach duine a ainm fhéin agus aon duine atá ag iarraidh go mbeadh a ainm i mBearlá go bhfuil an ceart sin aige.

Deir sé, áfach, nach bhfuair sé oiread agus gearán amháin faoi a bheith ag aistriú ainmneacha go Gaeilge in imeacht na mblianta fada a thug sé i mbun tráchtaireachta.

“Is é polasaí Chumann Lúthchleas Gael atá ann agus is ag cloí leis sin a bhíos. Is é an rud atá scríte ar an bpáipéar an rud ceart. Bhíodh daoine romham, leithéidí Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh, á dhéanamh trí Ghaelainn agus leanas-sa ar aghaidh á dhéanamh san.”

 

Fág freagra ar 'RnaG ag scrúdú ainmneacha agus sloinnte'

  • Páid Ó Donnchú

    Iontach go bhfuil Plean Stráitéasach ag RnaG chun muid a thabhairt ar ais go dtí 1017. Na Lochlannaigh buaillte agus Gaeilge mhílis I mbéal gach éinne.

    • Pádraic Ó Ciardha

      Botún sin ceartaithe anois, go raibh maith agat!

  • Mise Áine

    Hmmm… dá mbeadh páiste ag Cristiano Ronaldo dos Santos Aveiro sa tír seo, agus fonn air/uirthi peil ghaelach a imirt, abair, am éigin amach anseo, meas tú cén leagan Gaeilge a bheadh ar ainm an pháiste sin? Ceist don CLG, b’fhéidir..:-)

    • Críostóir Ó Faoláin

      Bheadh ‘Mac Ránaill San Abheiro’ ina iarracht mhaith ;)

  • Séamas Mac Coitir

    Tá fadhb na sloinnte Gaeilge an-chasta. Bhí beirt fhear den sloinne ‘Gill’ ag obair in éineacht liomsa blianta ó shin. Bhí dhá shloinne éagsúla ag an mbeirt acu .i. Ó Goill ag duine acu, agus Mac Giolla ag an duine eile! D’fhéadfainn samplaí a lua, ach fágfaidh mé mar sin é. Tá deacracht eile ag baint leis an sean-litriú agus an caighdeán atá in úsáid go ginearálta anois. Cuir i gcás an sloinne Ó Lúing agus an sean-leagan Ó Lubhaing. An dream gurb ansa leo an sean-litriú, bheadh sé ionann is dodhéanta a chur ina luí orthu go mbeadh sé níos áisiúla dóibh athrú go dtí an litriú nua. S. Mac Coitir.

  • Iasón Ó Riabhaigh

    Cuirfidh mé tús le seo:
    Jason – Iasan / Iasón (foghraítear “EEaSon”)
    Mar shampla…Jason Sherlock – Iasan Ó Scorlóg
    Agus an tsloinne Ray/Rea = Ó Riabhaigh
    ar eagla na h-eagla muna bhfuil sé seo ar eolas acu!!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ar dá chúis d’fháilteoinn roimh athrú polasaí i gCasla faoi cheist na n-ainmneacha i gcás na gcluichí.

    Tá sé thar am do RnaG agus don CLG glacadh le rogha ainm na n-imreoirí. Ní ghlacaimse le daoine ag iarraidh an leagan Béarla de mo ainm. Bím ar buile nuair a iarrtar orm ‘What’s that in English’. Ní dóigh liom go bhfuil sé cheart mar sin go mbeadh institiúd Ghaeilge ag brú ainm i nGaeilge ar dhuine nach n-usáideann an leagan sin dá ainm ina ghnaithí laethúil.

    (Sonc sna heasnachaí a bhí mé ag iarraidh a thabhairt le fada: más Dinny Mc Ginley an t-ainm a d’úsáid iar Aire Stáit na Gaeltachta ar a chuid postaeirí, ní dóigh liom go mba cheart aon cheo eile a thabhairt air ach an t-ainm is ansa leis féin.)

    Tá an taobh eile den argóint. B’fhearr liomsa éisteacht le tráchtaireacht ar RnaG ó Sheán Bán ar chluiche iománaíochta lá ar bith ná le aon tráchtaire spóirt eile de chuid RTÉ. SBB is fearr sa tír i gceachtar teanga, dar liomsa, ó ghéill Micheál Ó Muircheartaigh an míc. Ach nuair a bhíonn ar leagan Ghaeilge de ainmneacha na n-imreoirí a usáid, ní bhím in ann an chluiche a leanacht chomh maith céanna agus casaim ar ais go tráchtaireacht i mBéarla go minic, má tá spéis faoi leith agam sa gcluiche.

    Ná bíodh a thuilleadh smaoineamh faoi i gCasla.

  • Aedraen Ó Dubhghaill

    Is ábhar fíor-aisteach agus cásta é , sloinnte na Gaeilge. Toisc go mbíonn an oiréad sin difríochtaí bainteach leo ó thaobh litriú de agus a leithéad. Cuir i gcás an sean-litriú i gcomparáid leis an gceann nua aimsire, bíonn difríochtaí faghraíochta bainteach leo scaití. Agus Is dóigh go bhfuil ráite chéanna ach bíonn leagacha difriúla ann chomh maith, ag braith ar cibé áit sa tír ina bhfuiltear.