‘Ríthábhachtach’ aghaidh a thabhairt ar an éileamh ar ghaeloideachas – Kyne

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil ceist an chórais faoina mbunaítear scoileanna lán-Ghaeilge lárnach do chur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

‘Ríthábhachtach’ aghaidh a thabhairt ar an éileamh ar ghaeloideachas – Kyne

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfaighfí réiteach ar cheist an chórais faoina mbunaítear scoileanna lán-Ghaeilge. 

Ag labhairt dó sa Dáil, dúirt Kyne go raibh ceist an éilimh ar an ngaeloideachas i measc an phobail lárnach do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus da bharr go raibh faoi an cheist a phlé athuair leis an Aire Oideachais.

Dúirt sé go raibh cainteanna neamhfhoirmeálta cheana aige faoin ábhar seo leis an gCoimisinéir Teanga, le Conradh na Gaeilge agus le Gaeloideachas.

Rinne an Foras Pátrúnachta agus na sé cheanneagraíocht Ghaeilge achainí ar an Aire Oideachais Joe McHugh ag deireadh na bliana seo caite seasamh le lucht an ghaeloideachais agus dlús a chur le bunú an chórais atá molta ag an Roinn Oideachais féin chun a gceart a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh scoil lán-Ghaeilge a chur ar bun.

Is mar thoradh ar chinneadh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcás an éilimh ar Ghaelscoil nua do Dhroim Conrach a gealladh go ndéanfaí leasú ar an gcóras maidir le bunú scoileanna nua chun go mbeadh sé níos éasca scoil lán-Ghaeilge a bhunú. 

Ní raibh an córas nua sin bunaithe in am, áfach, do phróiseas pátrúnachta na bliana seo.

Dúirt an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua go raibh “dul chun cinn maith” á dhéanamh ag an Roinn Oideachais i dtaobh cheist na gaelscolaíochta agus go raibh eolas curtha ar fáil acu maidir le conas a d’fhéadfaí cur leis an soláthar gaeloideachais.

Dúirt roinnt Teachtaí Dála sa Dáil an mhí seo caite go ndéantar éagóir sa chóras bunaithe scoileanna ar an ngaeloideachas.

Fág freagra ar '‘Ríthábhachtach’ aghaidh a thabhairt ar an éileamh ar ghaeloideachas – Kyne'

  • Tomás Ó Cualáin

    Is fada ón lá a chaill Fine Gael a náire mar a dúirt an Cadhnach!

  • Lonán Ó Lorgnáin

    A Hugh 7 a Joe, a Airí Rialtais, cuirigí gach scoil úr in Éirinn ina Gaelscoil! Bíonn formhór na scoileanna sa Fhrainc ina scoileanna Fraincise, scoileanna sa Ghearmáin ina scoileanna Gearmáinise, scoileanna i Sasana ina gcinn an Bhéarla. Éirímis as an gcur i gcéill faoi dheireadh thiar.

  • Sibéal

    De réir suirbhé an ESRI ba mhaith le 23% de thuistí Gaeloideachas dá bpáistí da mbeadh se ar fail in aice leo. Cé go bhfuil 8.3% de bhunscoileanna na 26 contae in a nGaelscoileanna nil ach 6% de pháistí bunscoile na 26 contae ag freastal ar Ghaelscoil. Dá mbeadh an rialtas ag iarraidh freastal ar an éileamh ar Ghaeloideachas bheadh urthu 17% de bhunscoileanna na tíre a thiontú ina nGaelscoileanna.
    Le déanaí d’fhógair an Rialtais go bhfuil 42 scoileanna nua le bunú sna ceithre bliana amach romhainn, 2019-2022. Socráíodh go mbunófaí 10 mbunscoil nua agus 2 Gaelscoil nua i mbliana. Is as iarrachtaí na dtuismitheoirí a throid le haghaidh oideadachas LánGhaeilge dá bpáistí a tháinig ar fás an nGaeloideachas. Ní mór do ghrúpaí tuismitheoirí teacht le chéile agus feachtais a thosú chun scoileanna LánGhaeilge a bhunú seachas do bheith ag fanacht ar an bhForas Pátrúntacha. Ní mór do ghrúpaí tuistí dul i dteagmháíl le bunscoileanna áitiúla féachaint an mbeadh siad sásta thiontú ina nGaelscoileanna.
    Ar shuíomh idirlín an Roinn Oideachais tugadh cuireadh do thuismitheoirí a rogha pátrúnachta a chur in iúl don scoilbhlain 2019 ag https://patronage.education.gov.ie Ba chóír do thuistí atá ag cuartú Gaelscoil nua súil a choinneáíl ar shuíomh an Roinn Oideachais.

  • Tuismitheoir

    Cad as an bhfuil na múinteoirí le Gaeilge d’ardchaighdeáin le teacht? Uair amháin bhí na Gaelscoileanna in ann ghlacadh leis go mbeadh Gaeilge chruinn agus líofa ag múinteoirí de bhunadh na Gaeltachta ach faraor níl sin fíor a thuilleadh.
    Teastaíonn i bhfad níos mó chúrsaí tré mheán na Gaeilge chun múinteoirí bunscoile agus meánscoile a oiliúint don Ghaeloideachais. Ní fiú agóidíocht ar son Gaelscoileanna nuair nach bhfuil na múinteoirí le hardchaighdeán Gaeilge ar fáil. Teastaíonn agóidíocht le haghaidh coláistí oideachias LánGhaeilge freisin. Gan múinteoirí le Gaeilge mhaith ar fáil tá leithscéal an Roinn Oideachais bac a chur ar fhobairt an Ghaeloideachais.

  • Lonán Ó Lorgnáin

    A Joe 7 a Sheáin*…