Rishi Sunak rogha láidir na coitiantachta agus Boris Johnson éirithe as

Bheadh Rishi Sunak, iarsheansailéir an státchiste, ar an gcéad duine nach den chine geal é le bheith ina phríomh-aire ar an mBreatain

Rishi Sunak rogha láidir na coitiantachta agus Boris Johnson éirithe as

Is é Rishi Sunak rogha láidir na coitiantachta le bheith mar an chéad phríomh-aire eile ar an mBreatain i ndiaidh do Boris Johnson éirí as an rás.

Mhaígh Boris Johnson aréir go raibh tacaíocht 102 feisire parlaimint aige, beirt níos mó ná mar a theastódh le dul san iomaíocht chun teacht i gcomharbacht ar Liz Truss.

60 feisire parlaiminte a dúirt go poiblí go raibh siad ag tacú le Johnson.

Dúirt Johnson, a d’éirigh as mar phríomh-aire an samhradh seo caite mar gheall ar chonspóidí éagsúla, gur shocraigh sé nárbh é an rud ceart le déanamh seasamh don phost arís. Mhaígh sé go raibh an-seans ann go mbeadh an bua ag na Tóraithe in olltoghchán 2024 dá mbeadh sé i gceannas orthu ach nárbh é seo “an t-am ceart” a bheith ag filleadh.

Dúirt Rishi Sunak go mbeadh daoine buíoch i gcónaí as an méid a rinne Johnson le linn na paindéime agus le linn an chogaidh san Úcráin. 165 feisire parlaiminte atá ag tacú le Sunak, iarsheansailéir ar Státchiste na Breataine, agus gan ina choinne ach Penny Mordaunt a bhfuil i bhfad níos lú ná 100 feisire ag tacú léi go dtí seo.

2pm inniu an sprioc atá ag Mordaunt chun tacaíocht 100 feisire parlaiminte a fháil.

Tuairiscíodh sna meáin i Sasana aréir nach raibh ach tacaíocht 30 feisire ag Mordaunt agus go raibh brú á chur uirthi éirí as an rás agus géilleadh gurb é Sunak a bheadh ar an gcéad cheannaire eile ar an bPáirtí Caomhach.

Tuairiscíodh nach raibh Sunak ag déanamh “talamh slán” de gur aige a bheadh an bua ach is beag duine a raibh aon toradh eile á thuar aréir acu.

Bheadh Rishi Sunak, a tháinig sa dara háit i ndiaidh Liz Truss sa toghchán ceannaireachta deireanach a bhí ag na Tóraithe, ar an gcéad duine nach den chine geal é le bheith ina phríomh-aire ar an mBreatain.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Keir Starmer arís aréir gur chóir olltoghchán a bheith ann mar gheall “ar an bpraiseach” a bhí déanta ag na Tóraithe den tír.

“Tá na Tóraithe ar tí eochracha na tíre a thabhairt do Rishi Sunak agus gan oiread agus focal amháin ráite aige faoi cad a dhéanfadh sé dá mbeadh sé á rialú.

“Níor vótáil aon duine dó seo. B’fhéidir nach aon iontas é go bhfuil sé ag iarraidh scrúdú a sheachaint. Tar éis an tsaoil, bhí sé chomh holc gur stánáil Liz Truss é roinnt seachtainí ó shin,” arsa Starmer.

 

Fág freagra ar 'Rishi Sunak rogha láidir na coitiantachta agus Boris Johnson éirithe as'