Rishi Sunak agus Liz Truss le haghaidh a thabhairt ar a chéile do cheannaireacht na dTóraithe

Tháinig Sunak, an t-iarsheansailéir, agus Truss, an rúnaí gnóthaí eachtracha, slán ón mbabhta deireanach vótála ag feisirí parlaiminte na dTóraithe

Rishi Sunak agus Liz Truss le haghaidh a thabhairt ar a chéile do cheannaireacht na dTóraithe

Rishi Sunak agus Liz Truss an bheirt a bheidh san iomaíocht le teacht i gcomharbacht ar Boris Johnson mar cheannaire na dTóraithe agus Príomh-Aire na Breataine. 

Tháinig Sunak, an t-iarsheansailéir, agus Truss, an rúnaí gnóthaí eachtracha, slán ón mbabhta deireanach vótála ag feisirí parlaiminte na dTóraithe nuair a díbríodh an tríú hiarrthóir, Penny Mordaunt, an rúnaí trádála idirnáisiúnta.

137 vóta a fuair Sunak, 113 a bhí ag Truss agus 105 a bhí ag Mordaunt.

An 160,000 ball den pháirtí a shocróidh anois cé acu Sunak nó Truss a bheidh mar an chéad cheannaire eile. Ón  lá amárach, an 21 Iúil, roghnóidh baill an pháirtí duine den bheirt chun teacht i gcomharbacht ar Boris Johnson a d’fhógair níos túisce an mhí seo go raibh sé ag éirí as.

Fógrófar toradh deiridh an chomórtais ar an 5 Meán Fómhair.

Bhí Liz Truss go mór i mbéal an phobail in Éirinn le tamall mar gurb í a bhrúigh chun cinn an reachtaíocht chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal an Tuaiscirt. Chuirfeadh an reachtaíocht sin deireadh go haontaobhach le go leor den phrótacal, an comhaontú a rinne an tAontas Eorpach le Rialtas na Breataine chun teorainn chrua a sheachaint ar oileán na hÉireann. 

Dúirt an uile dhuine de na hiarrthóirí sa chomórtas ceannaireachta go rachaidís ar aghaidh leis an reachtaíocht chonspóideach, Sunak san áireamh.

Deir daoine áirithe, áfach, nach bhfuil Sunak chomh diongbháilte faoin scéal is atá Truss.

Dúirt Stephen Ferry, Feisire Parlaiminte de chuid Alliance, mar shampla, ‘dá dhonacht é’ Rishi Sunak ‘b’fhearr é’ ná na hiarrthóirí go léir eile a bhí sa rás. 

Dúirt Ferry gur tuigeadh dó go bhfuil amhras léirithe go príobháideach ag Sunak níos mó ná uair amháin faoi chuid d’iompar an rialtais i dtaobh an Phrótacail iarBhreatimeachta. 

Cuid den mhargadh Breatimeachta an Prótacal a choimeádann an Tuaisceart i margadh aonair an AE d’earraí ionas nach mbeidh teorainn chrua de chuid na Breataine in Éirinn. 

Tá an DUP ar son an Phrótacail agus iad ag diúltú filleadh ar roinnt na cumhachta in Stormont nó go ndéanfar na leasuithe atá uathu air.

Cé go raibh Sunak go maith chun cinn sa rás go dtí seo, léirigh pobalbhreith nua ó YouGov an tseachtain seo go gcaillfeadh Sunak go holc sa deireadh in aghaidh aon cheann de na hiomaitheoirí a bhí fágtha.

Fág freagra ar 'Rishi Sunak agus Liz Truss le haghaidh a thabhairt ar a chéile do cheannaireacht na dTóraithe'