‘Molaimís imreoirí na hÉireann,
Thuaidh, thoir, thoir theas agus thiar,
Táid uile faoi bhrat na hÉireann,
Ach is anseo i gCiarraí atá ár gcroí.’
Tá geall le mí ó cuireadh clabhsúr ar bhiaiste peile na bliana 2014 agus cé gur dheacair do lucht leanúna na gcluichí i mórán contae aon ghealchuimhne a bhreith leo ón mbliain, beidh a mhalairt de scéal ag Ciarraí as seo nó go gcuirfear tús in athuair leis an tsraith náisiúnta peile san earrach.
Cé gur mó tréith a bhí sa treis i mbua na Ríochta, bhí dhá thréith ar leith a chinntigh a 37ú craobh dóibh – b’shin iad tréithe na humhlaíochta agus na solúbthachta.
Murach umhlaíocht a mbainisteora agus solúbthacht i gcur chuige na n-imreoirí, ní bheadh an chraobh tugtha leo ag Ciarraí in aon chor.
Arbh iad Ciarraí an fhoireann ab fhearr i gcaitheamh na craoibhe?
Ba dheas a shamhlú gurb amhlaidh a bhíonn ag an gcuraidhe gach uile bliain ach ní dóigh liom go ngéillfeadh daoine i gCiarraí féin fiú go raibh coinne acu i dtús an tsamhraidh gurb iad a gcontae féin a bheadh in uachtar sa deireadh.
Is fiú an cheist a chur arís – arbh iad Ciarraí an fhoireann ab fhearr i gcaitheamh na craoibhe?
Déarfadh scata gurbh iad Áth Cliath an fhoireann sin agus gurb amhlaidh go mbeireadh amuigh orthu ar an nDomhnach deireanach de mhí Lúnasa i mbliana nuair a nocht Dún na nGall na heasnaimh atá in imirt agus i samhlaíocht na Dubs.
Tá níos mó ná slí amháin chun peil a imirt a dúradh linn ag an am, agus le breith agus ciall ceannaithe níl aon amhras anois ná gur shaonta an múnla a bhí ag curaidhe na bliana seo caite chun a gcraobh a chosaint. Tá géillte le tamall anuas ag bainisteoir Átha Cliath, Jim Gavin, gur gá dó féin agus a bhuíon imreoirí féachaint arís ar an tslí a chuireann siad chun páirce agus bí siúráilte go mbeidh i bhfad níos mó béime ar an gcosaint feasta. Tar éis a thuigtear gach beart.
Ceist eile; dá n-imreodh na Conallaigh agus Ciarraí arís inniu, an mbuafadh Ciarraí?
Dá mba chúl seachas íochtar polla a bhí i ndán d’iarracht Cholm Antaine McFadden i bhfíordheireadh na himeartha agus dá gcaithfeadh curaidhe agus tánaiste tabhairt faoi arís, cé leis a bheadh rith an ráis?
Bua Chiarraí i mbliana a mbris an bhliain seo chugainn. Toisc iad bheith ag ithe na mine go ciúin i gcaitheamh an tsamhraidh, d’éirigh leo craobh a bhuachtaint i ngan fhios. Cad as a thiocfaidh an t-iontas agus an
t-athnuachan nuair atá an iomarca den aithne ag méadú an tarcaisne id’ leith?
B’fhéidir go mbeadh freagra na ceiste sin i bhfilleadh Tommy Walsh ón Astráil agus ins an bhfonn a bheidh ar an nGooch spriocanna nua a chur roimis agus críocha nua a ghabháil san earrach.
B’fhéidir, leis, go mbeadh sé i ndán do Mhaigh Eo dúléim na guaise a chur díobh i ndeireadh thiar thall. B’fhéidir go mbláthódh na síolta go léir atá ar gor i gCorcaigh, in Ard Mhacha agus sa Ghaillimh, ach níl ann ach b’fhéidir.
Má tá aon ní foghlamtha ó chraobh na bliana seo, is é sin gurb iad umhlaíocht agus solúbthacht saintréithe bunriachtanacha an aistir.
Gan iad, ní fiú tabhairt faoi.