Dé hAoine, 12 Lúnasa
13:36 – Padraig Harrington – Babhta 2
12:52 – Séamus Power – Babhta 2
14:00 – Judy Reynolds – Eachaíocht
23:30 – Éire v an Airgintín – Grúpa B (Cluiche 5)
14:55 – Mark English – 800m (Babhta Cáilithe)
15:10 – Fionnuala McCormack – 10,000m (Babhta Cáilithe)
18:30 – Rob Heffernan & Alex Wright – Siúlóid 20km (Babhta Ceannais)
00:30 – Ciara Mageean – 1500m (Babhta Cáilithe)
14:32 – Sinéad Jennings & Claire Lambe – Bád Beirte Éadrom (Babhta Ceannais A)
14:44 – Gary & Paul O’Donovan – Bád Beirte Éadrom (Babhta Ceannais A)
17:10 – Sanita Puspure – Bád Aonair (Babhta Leathcheannais C/D)
15:20 – Scott Evans v Marc Zwiebler (an Ghearmáin) –Grúpa K (Cluiche 1)
01:05 – Chloe Magee v Karin Schnaase (an Ghearmáin) – Grúpa P (Cluiche 2)
17:05 – Matt McGovern & Ryan Seaton – 49er na bhFear (Rás 1)
17:05 – Andrea Brewster & Saskia Tidey – 49er FX na mBan (Rás 1)
17:05 – Annalise Murphy – Laser Radial (Rás 7)
17:15 – Finn Lynch – Laser (Rás 7)
18:05 – Matt McGovern & Ryan Seaton – 49er na bhFear (Rás 2)
18:05 – Andrea Brewster & Saskia Tidey – 49er FX na mBan (Rás 2)
18:30 – Annalise Murphy – Laser Radial (Rás 8)
18:40 – Finn Lynch – Laser (Rás 8)
19:05 – Matt McGovern & Ryan Seaton – 49er na bhFear (Rás 3)
19:05 – Andrea Brewster & Saskia Tidey – 49er FX na mBan (Rás 3)
Iomaitheoir an Lae – Ciara Mageean
Chuir gortuithe srian le Mageean agus í ag iarraidh áit a bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha ceithre bliana ó shin ach tá bean Aontroma i mbarr a maitheasa faoi láthair agus í réidh do Rio. Rinne sí éacht an mhí seo caite nuair a bhuaigh sí bonn cré-umha ag Craobh na hEorpa agus bhain sí sáriarracht phearsanta amach sa 800m cúpla seachtain ó shin.
Agus scoth lúthchleasaithe an domhain mhóir anois ina coinne i Rio, beidh sé deacair ag Mageean bonn a bhaint amach sa 1500m ach má dhéanann sí chomh maith agus is féidir léi, ba cheart go mbeadh sí in ann an fód a sheasamh i mbabhta ceannais.