Dé Céadaoin, 10 Lúnasa
13:00 – Sinéad Jennings & Claire Lambe – Bád Beirte Éadrom (Babhta Leathcheannais A/B)
13:10 – Gary & Paul O’Donovan – Bád Beirte Éadrom (Babhta Leathcheannais A/B)
14:00 – Judy Reynolds (Eachaíocht)
17:05 – Finn Lynch – Laser (Rás 5)
17:15 – Annalise Murphy – Laser Radial (Rás 5)
18:30 – Finn Lynch – Laser (Rás 6)
18:40 – Annalise Murphy – Laser Radial (Rás 6)
17:47 – Fiona Doyle – Snámh Brollaigh 200m (Réamhbhabhta)
03:11 – Fiona Doyle – Snámh Brollaigh 200m (Babhta Leathcheannais)*
*Ní foláir do Fiona Doylr cáiliú níos túisce sa lá don bhabhta seo a bheidh ar siúl ar an gCéadaoin
23:15 – Joe Ward v Carlos Mina (Eacuadór) – Trom-mheáchan Éadrom 81kg (Babhta an 16)
Iomaitheoir an Lae – Judy Reynolds (Eachaíocht)
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag Reynolds agus a capall, Vancouver K, le 18 mí anuas agus ardú tobann déanta aici sa rangú domhanda ó 144 go dtí 25. Bhí dea-thaispeántas aici ag Corn an Domhain níos luaithe sa bhliain, áit ar chríochnaigh sí san ochtú háit agus beidh sí ag iarraidh coinneáil uirthi ag feabhsú i Rio.
Gaisce dochreidte a bheadh ann bonn a bhaint amach ach beidh Reynolds ar a laghad ag iarraidh áit a bhaint amach i measc an 18 iomaitheoir is fearr sa bhabhta ceannais an Luan seo chugainn.
Rogha an Lae
Agus na rothaithe ag dul amach ina nduine agus ina nduine, níl aon bhaol ann go mbeidh triail ama na bhfear chomh tubaisteach céanna agus a bhí an rás bóthair Dé Sathairn seo caite, ach, fós féin, tá dianchúrsa leagtha amach ag na heagraithe. 37.5km a bhí an cúrsa triail ama ab fhaide a bhí sa Tour de France i mbliana ach tá an ceann i Rio beagnach 50% níos faide, agus é 54.6km ar fad.
De bharr an líon rothaithe a gortaíodh an deireadh seachtaine seo caite, cuireadh roinnt ionaid bhreise ar fáil sa triail ama. Tá áit faighte ag an mBriotanach Geraint Thomas dá bharr ach is é a chomhghleacaí, Chris Froome, curadh an Tour de France, atá i measc roghanna na coitiantachta. Is iad Tom Dumoulin (an Ísiltír), Fabian Cancellara (an Eilvéis) agus Tony Martin (an Ghearmáin) is mó a thabharfaidh dúshlán Froome nuair a thosóidh an rás ag 14:00 tráthnóna.
Fág freagra ar 'Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…'