Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Tá eolas anseo faoi na hÉireannaigh uile a bheidh san iomaíocht inniu ag na Cluichí Oilimpeacha, faoi cé air ba cheart súil a choinneáil agus faoi na himeachtaí móra eile i Rio inniu

Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Aileen Reid. INPHO/Morgan Treacy

Dé Sathairn, 20 Lúnasa

Galf Rio banner

11:27 – Leona Maguire – Babhta 4

11:16 – Stephanie Meadow – Babhta 4

Triathlon-Rio-Banner

15:00 – Aileen Reid

Peantatlan-Rio-Banner

16:00 – Arthur Lanigan-O’Keeffe – Snámh

18:00 – Arthur Lanigan-O’Keeffe – Pionsóireacht

19:30 – Arthur Lanigan-O’Keeffe – Eachaíocht

22:00 – Arthur Lanigan-O’Keeffe – Rith agus Lámhach Piostail

Arthur Lanigan O'Keeffe. INPHO/Billy Stickland
Arthur Lanigan O’Keeffe. INPHO/Billy Stickland

Iomaitheoir an Lae – Arthur Lanigan-O’Keeffe – Peantatlan

Ba é Lanigan-O’Keeffe a bhuaigh Craobh na hEorpa anuraidh agus ó tharla gur Eorpaigh amháin a bhuaigh bonn óir sa Pheantatlan ag na Cluichí Oilimpeacha go dtí seo, bhí dóchas ann go n-éireodh go maith le fear na hÉireann. Is cinnte go raibh tréimhse ullmhúcháin níos fearr déanta aige do na Cluichí Oilimpeacha seo ná mar a bhí in 2012. An uair sin, ar saoire sa Ghréig a bhí Lanigan-O’Keeffe mí roimh na comórtais nuair a chuala sé gur díbríodh Polannach agus go raibh áit bainte amach aige féin sna cluichí, mar ar chríochnaigh sé sa naoú háit.

Tá neart oibre le déanamh ag fear Chill Chainnigh tar éis a bhabhta pionsóireachta Déardaoin, áfach. Chuir sé tús iontach leis an lá; bhuaigh sé cúig choimhlint agus níor chaill ach ceann amháin. Níor éirigh leis, áfach, coinneáil air agus chríochnaigh sé le 16 bua agus 19 cailliúint, toradh a d’fhág sa 25ú háit é.

É sin ráite, níl Lanigan-O’Keeffe as an áireamh ar fad tráthnóna ach an oiread. Beidh babhta eile pionsóireachta ann tráthnóna, chomh maith le babhtaí snámha, eachaíochta, reatha agus lámhach piostail. Athraíonn rudaí go tapa sa Pheantatlan agus d’fhéadfadh sé bonn a thabhairt leis go fóill.

Brazil_and_Croatia_match_at_the_FIFA_World_Cup_2014-06-12_(45)

Rogha an Lae

Ní dheachaigh Corn Sacair an Domhain 2014 mar ba chóir d’fhoireann na Brasaíle agus iad buailte 7-1 in aghaidh na Gearmáine sa bhabhta ceathrú ceannais, ach tá deis acu díoltas de shórt a bhaint amach anocht agus na foirne san iomaíocht don bhonn óir sa sacar ag 21:30.

Cé nach é an sacar an comórtas is tábhachtaí ag na Cluichí Oilimpeacha, tá an-chuid béime curtha ag an mBrasaíl ar chomórtas na bliana seo. Níl an bonn óir buaite riamh ag na Brasaíligh ach tá siad ag iarraidh an méid sin a chur ina cheart ar a bhfód féin. Tá foireann láidir roghnaithe acu don chomórtas agus Neymar ina cheannaire orthu.

Bhí imreoir Barcelona ar fheabhas sa chluiche leathcheannais, é ag scóráil taobh istigh de 14 soicind in aghaidh Hondúras i gcluiche a bhuaigh an fhoireann baile 6-0. Tá na Gearmánaigh iad féin ag breathnú láidir. Bhain siad áit amach sa chluiche ceannais tar éis dóibh an Nigéir a shárú 2-0 ach ba cheart go mbeadh dóthain d’údar spreagtha ag an Bhrasaíl chun an chreach a thabhairt leo tráthnóna.

Fág freagra ar 'Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…'