Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Tá eolas anseo faoi na hÉireannaigh uile a bheidh san iomaíocht inniu ag na Cluichí Oilimpeacha, faoi cé air ba cheart súil a choinneáil agus faoi na himeachtaí móra eile i Rio inniu

Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

19:05 – Andrea Brewster & Saskia Tidey. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Lúthchleasaíocht-Rio-banner

13:45 – Tori Pena – Léim Chuaille (Babhta Cáilithe)

01:49 – Thomas Barr – Cliathrás 400m (Babhta Leathcheannais)

Seómharcaíocht-Rio-banner

14:00 – Greg Broderick – Seóléimneach (Babhta Cáilithe)

Tumadóireacht-Rio-banner

14:00 – Oliver Dingley – Lingchlár 3m (Babhta Leathcheannais)

Dornálaíocht Rio banner

15:30 – Michael Conlan v Vladimir Nikitin (an Rúis) – Coileachmheáchan 56kg (Babhta Ceathrú Ceannais)

Sports Rio Banner

17:05 – Annalise Murphy – Laser Radial (Rás na mBonn)

17:05 – Matt McGovern & Ryan Seaton – 49er na bhFear (Rás 10)

17:05 – Andrea Brewster & Saskia Tidey – 49er FX na mBan (Rás 10)

18:05 – Matt McGovern & Ryan Seaton – 49er na bhFear (Rás 11)

18:05 – Andrea Brewster & Saskia Tidey – 49er FX na mBan (Rás 11)

19:05 – Matt McGovern & Ryan Seaton – 49er na bhFear (Rás 12)

19:05 – Andrea Brewster & Saskia Tidey – 49er FX na mBan (Rás 12)


Thomas Barr. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Thomas Barr. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Iomaitheoir an Lae – Thomas Barr – Cliathrás 400m

Rinne gortuithe scrios ar shéasúr an Déisigh go dtí seo i mbliana ach breathnaíonn sé go bhfuil rudaí ag dul i bhfeabhas díreach ag an am ceart do Barr. Chríochnaigh sé sa dara háit ina rás cáilithe inné, gan é ach aon cheathrú soicind níos moille ná an tsáriarracht phearsanta atá aige. Bhí Barr sa chúigiú háit agus é thart ar 150m ón deireadh ach chríochnaigh sé go láidir taobh thiar de Keisuke Nozawa na Seapáine.

Is beag seans go mbeidh Barr in ann macasamhail ghaisce Bob Tisdall a dhéanamh. Éireannach ab ea Tisdall a bhuaigh bonn óir sa chliathrás 400m ag na Cluichí Oilimpeacha i 1932, ach má tá sé in ann cúpla aon deichiú de shoicind a bhaint den 48.93 a rith sé inné, beidh deis mhaith ag Barr áit a bhaint amach sa bhabhta ceannais.

Simone Biles Rio 2016e
Simone Biles

Rogha an Lae

Tá Simone Biles ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil caint tarraingthe aici ag na Cluichí Oilimpeacha seo. Níl sárú an ghleacaí seo le fáil agus trí bhonn óir buaite aici cheana féin i Rio. Cé nach bhfuil sí ach 19, meastar Biles cheana féin ar cheann de na gleacaithe is fearr a bhí ann riamh agus tá níos mó bonn buaite aici ag Craobhacha an Domhain ná mar atá ag aon duine eile. Anocht ag 18:47, tabharfaidh sí faoin disciplín is láidre atá aici, an cleachtadh urláir agus gach cuma ar an scéal go dtabharfaidh sí bonn óir eile léi.

Fág freagra ar 'Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…'