Rio 2016: Na hÉireannaigh is mó a bhfuil seans acu bonn a bhuachan…

Cuirfear tús leis na Cluichí Oilimpeacha i Rio an deireadh seachtaine seo agus deis iontach ag scata Éireannach bonn a bhuachan sa Bhrasaíl

Rio 2016: Na hÉireannaigh is mó a bhfuil seans acu bonn a bhuachan…
Pictiúr: INPHO/Gary Carr
Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Michael Conlan – Dornálaíocht (56kg)

Ceann de na dornálaithe is cumasaí riamh a bhí ag Éirinn, beidh Conlan sa tóir ar bhonn óir sa Bhrasaíl. Ní raibh sé ach 20 bliain d’aois nuair a chaill sé sa bhabhta leathcheannais i Londain in 2012 ach tá sé anois in ard a réime.

Ba é an chéad Éireannach a bhuaigh bonn óir i gCraobh Dornálaíochta an Domhain nuair a d’éirigh leis an beart a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair 2015 agus aithnítear fós é mar an trodaí coileachmheáchain is fearr atá ann. Tá an chuma ar an scéal go n-iompóidh sé ar an dornálaíocht ghairmiúil i ndiaidh na gcluichí Oilimpeacha seo agus beidh sé ag iarraidh clabhsúr maith a chur ar a chuid laethanta le hÉirinn.

Cuirfear tús leis an gcomórtas Dornálaíochta 56kg ar an gCéadaoin, an 10 Lúnasa

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Padraig Harrington – Galf

Tugadh an deis do Harrington imirt i Rio ach tar éis do Rory McIlroy, Graeme McDowell agus Shane Lowry tarraingt as an gcomórtas agus imní orthu faoi víreas Zika, ach is í fírinne an scéil gur fearr atá fear Bhaile Átha Cliath ag imirt i láthair na huaire ná an triúr eile sin. Chríochnaigh Harrington sa 13ú háit sa PGA Championship an tseachtain seo caite agus níor éirigh le McIlroy, McDowell ná Lowry fiú an dara cuid den chomórtas a bhaint amach. Ní bheidh ach beirt a chríochnaigh os cionn Harrington i Baltusrol, Henrik Stenson agus Martin Kaymer, ag glacadh páirt sa chomórtas i Rio agus an cinneadh déanta ag leithéidí Adam Scott, Jordan Spieth agus Jason Day gan bacadh leis na Cluichí Oilimpeacha.

Cuirfear tús le comórtas gailf na bhfear ar an Déardaoin, an 11 Lúnasa

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Katie Taylor – Dornálaíocht (60kg)

Banríon an chró dornálaíochta, ba dheacair a cheapadh nach n-éireodh léi bonn a bhuachan i Rio. Is í an t-aon cheist ná cén dath a bheidh ar an mbonn sin? Ceithre bliana ó shin, is ar éigean gur leag duine ar bith lámh ar Taylor ach is léir le bliain anuas go bhfuil caighdeán na n-iomaitheoirí a bheidh léi ag dul i bhfeabhas.

I mí Aibreáin, chaill sí den chéad uair ó 2011 nuair a fuair Yana Alekseevna an ceann is fearr uirthi i mbabhta leathcheannais de chomórtas cáilithe na gCluichí Oilimpeacha. Mí ina dhiaidh sin, agus í ag troid ag Craobh an Domhain, fuair an Francach Estelle Mossely an ceann is fearr ar Taylor sa bhabhta leathcheannais. É sin ráite, beifear ag súil go mbeidh sí tagtha chuici féin faoin am a rachaidh sí sa ghleo i Rio agus ní haon chúis iontais a bheadh ann dá n-éireodh léi an beart a dhéanamh arís.

Cuirfear tús leis an gcomórtas Dornálaíochta 60kg ar an Aoine, an 12 Lúnasa

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Dan Martin – Rothaíocht (Rás Bóthair)

D’fhéadfadh foireann na hÉireann tús den scoth a chur leis na cluichí má éiríonn le Dan Martin bonn a bhaint amach agus é ag glacadh páirt sa rás bóthair an Satharn beag seo. D’éirigh go maith le Martin sa Tour de France, é ag críochnú sa 9ú háit, agus cé nach raibh mórán ama aige scíth a ligean idir an Tour agus na Cluichí Oilimpeacha, is ionann an cás acu siúd is mó a bheidh san iomaíocht leis, leithéidí Alejandro Valverde, Vincenzo Nibali agus Chris Froome.

Feileann leagan amach an chúrsa chnocaigh do stíl Martin agus beidh sé ag súil le beagán cabhrach óna chomhghleacaí, Nicolas Roche.

Beidh an Rás Bóthair sa rothaíocht ar siúl ar an Satharn, 6 Lúnasa

Pictiúr: INPHO/Gary Carr
Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Paddy Barnes – Dornálaíocht (49kg)

Má bhuann Barnes bonn i Rio an mhí seo, beidh sé ar an gcéad fhear as Éirinn a gheobhas bonn ag trí cinn de Chluichí Oilimpeacha as a chéile. Paddy Bronze a thugann siad ar fhear Bhéal Feirste tar éis dó boinn chré-umha a bhuachan i Beijing agus i Londain, ach beidh sé ag iarraidh céim chun cinn eile a thógáil agus babhta ceannais a shroicheadh an uair seo.

Cuirfear tús leis an gcomórtas Dornálaíochta 49kg ar an Satharn, an 6 Lúnasa

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Annalise Murphy – Seoltóireacht (Laser Radial)

Briseadh croí a bhí i ndán do Murphy ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain nuair a chríochnaigh an bádóir sa cheathrú háit tar éis di a bheith sa chéad áit den chuid is mó den chomórtas. Rinne sí teacht aniar chun Craobh na hEorpa a bhuachan in 2013 ach ní raibh gach aon rud ar sheol na braiche aici ó shin.

Dar le Murphy féin, beidh dian-iomaíocht sa chomórtas i mbliana agus cé nach bhfuil sí ach 26, beidh sí ag súil le leas a bhaint as an méid a d’fhoghlaim sí i Londain ceithre bliana ó shin.

Cuirfear tús leis an gcomórtas seoltóireachta Laser Radial ar an Luan, an 8 Lúnasa

©INPHO/Gary Carr
©INPHO/Gary Carr

Joe Ward – Dornálaíocht (81kg)

Dornálaí eile a bhfuil seans iontach aige bonn a bhuachan ná fear an trom-mheáchain éadroim, Joe Ward. Tá a mhianach cruthaithe aige roimhe seo agus bonn ór buaite aige faoi dhó ag Craobh na hEorpa, chomh maith le boinn airgid agus crú-umha ó Chraobh an Domhain.

Is é an fear céanna a bhuaigh ar Ward i mbabhta ceannais Chraobh an Domhain 2015, Julio La Cruz, rogha na coitiantachta i Rio agus seans maith go mbeidh ar Ward an Cúbach a chloí i mbabhta éigin más faoi an bonn óir a thabhairt abhaile leis.

Cuirfear tús leis an gcomórtas Dornálaíochta 81kg ar an Satharn, an 6 Lúnasa

Fág freagra ar 'Rio 2016: Na hÉireannaigh is mó a bhfuil seans acu bonn a bhuachan…'