RIO 2016: Glór an phobail! Cuirtear ar a súile d’eagraíochtaí móra spóirt nach bhfuil siad beag beann ar an dlí…

Bíonn Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha ar a míle dícheall ag iarraidh an spórt a scaradh ón bpolaitíocht. Ach tá cead a gcinn tugtha ag Cúirt Uachtarach Fheidearálach na Brasaíle do lucht agóide ag na Cluichí in Rio. Is maith sin, a scríobhann ár gcolúnaí

RIO 2016: Glór an phobail! Cuirtear ar a súile d’eagraíochtaí móra spóirt nach bhfuil siad beag beann ar an dlí…

Pictiúr: Tomaz Silva / Agência Brasil

Rinne Cúirt Uachtarach Fheidearálach na Brasaíle cinneadh suntasach – agus, seans, conspóideach – oíche Dé Luain: thug an Chúirt cead do dhaoine agóid shíochánta a dhéanamh ag imeachtaí de chuid na gCluichí Oilimpeacha, atá ar siúl i gcathair Rio de Janeiro faoi láthair.

Bíonn Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha ar a míle dícheall an spórt a scaradh ón bpolaitíocht. Go hiondúil ní bhíonn cead ag an lucht féachana aon agóidíocht pholaitiúil a dhéanamh ag na himeachtaí. Ach ó cuireadh tús le Cluichí Rio Dé hAoine seo caite, tá aird á tarraingt ag cuid mhaith Brasaíleach sa lucht féachana ar an ngéarchéim pholaitiúil ina dtír. 

Is é an chaoi go bhfuil uachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff, curtha ar fionraí le tamall de mhíonna anuas. Tá cuntasaíocht chruthaitheach curtha ina leith; beidh a fhios ag deireadh na míosa seo an éireoidh leis an iarracht táinseamh a dhéanamh uirthi. Tá cuid mhór de mhuintir na Brasaíle in amhras faoina dhaonlathaí is atá an próiseas seo ar fad, áfach, agus ní mó ná sásta atá siad leis an uachtarán eatramhach Michel Temer atá i gcumhacht fad is atá Dilma Rousseff ar fionraí.

Cé go dtugtar le fios go soiléir ag na hionaid ina bhfuil na himeachtaí Oilimpeacha á reáchtáil nach bhfuil cead aon agóidíocht pholaitiúil a dhéanamh, thug na céadta Brasaíleach atá i gcoinne rialtas an uachtaráin eatramhaigh Michel Temer fógraí cairtchláir leis an mana ‘Fora Temer!’ (‘Amach le Temer!’) isteach chuig na comórtais ó thosaigh na Cluichí. 

Go dtí cinneadh na Cúirte Uachtaraí Feidearálaí oíche Dé Luain, d’úsáid fórsaí slándála na Brasaíle an lámh láidir chun na hagóideoirí seo a chur amach as na hionaid Oilimpeacha. Cé go ndearna mórmheáin na Brasaíle neamhaird den scéal seo, scaip íomhánna ina raibh brúidiúlacht na bhfórsaí slándála le feiceáil go sciobtha ar na meáin shóisialta. 

Cé go ndúirt na fórsaí slándála nach raibh siad ach ag cur rialacha na gCluichí Oilimpeacha maidir le hagóidí polaitiúla i bhfeidhm, ba léir don dall gur fheil an riail áirithe seo go seoigh do rialtas an uachtaráin eatramhaigh Michel Temer. Chuir an freasúra i leith an rialtais go raibh an tsaoirse chainte á sárú, agus is léir gur aontaigh an t-údarás is airde sa tír, an Chúirt Uachtarach Fheidearálach, leis an dearcadh sin.

Ní hamháin gur chinn an Chúirt go gcaithfear cead a gcinn a thabhairt do lucht agóide ag na himeachtaí Oilimpeacha, chinn siad go ngearrfar fíneáil deich míle real (díreach faoi bhun trí mhíle euro) ar na húdaráis gach uair a ndéanfar iarracht agóideoir a ruaigeadh as imeacht de chuid na gCluichí.

Is fíor nach dtagann agóidíocht pholaitiúil le spiorad na gCluichí Oilimpeacha. Ar an láimh eile, tá saoirse chainte níos tábhachtaí ná spiorad na gCluichí Oilimpeacha. Is maith ann cinneadh Chúirt Uachtarach Fheidearálach na Brasaíle; cuirfidh sé ar a súile d’eagraíochtaí móra spóirt nach bhfuil siad beag beann ar an dlí.

Fág freagra ar 'RIO 2016: Glór an phobail! Cuirtear ar a súile d’eagraíochtaí móra spóirt nach bhfuil siad beag beann ar an dlí…'