RIO 2016: An ghoimh agus an gliondar, an gaisce agus an éagóir…

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Scéal an dá bhonn a bhí againn i Rio, an ceann a buadh le dua agus an ceann a sciobadh uainn go héagórach

RIO 2016: An ghoimh agus an gliondar, an gaisce agus an éagóir…

An ghoimh agus an gliondar. An gaisce agus an éagóir. Scéal an dá bhonn; an ceann a buadh le dua agus an ceann a sciobadh uainn go héagórach. An bonn airgid crochta léi ag Annalise Murphy agus an babhta ceathrú ceannais caillte ag Michael Conlon ar shlí a chuir fiú saineolaithe neodracha ag tochas a gcinn.

Cé go mb’fhéidir ná déanfaidh a fhocail cháinteacha nó an pictiúr de ag tabhairt na méire do na moltóirí aon mhaith do Mhichael amach anseo, thuigfeá gur rudaí iad a dúradh is a deineadh le neamh-meabhair ar ala na huaire.

Agus, ar ndóigh, is féidir a rá ar a shon chomh maith go raibh an ceart aige.

A leithéid de lá i Rio agus é sin ar fad agus an gaisce tumadóireachta atá déanta ag Oliver Dingley ó mhaidin.

Níor thuigeas féin riamh an débhríocht agus an abláil a bhain le vótáil na dornálaíochta agus bhí dornálaithe na hÉireann thíos leis dhá uair le dhá lá.

Michael Conlon

Bhí alltacht agus déistin ar chloigne cainte RTÉ (Bernard Dunne, Mick Dowling agus Michael Carruth) maidir le cinneadh d’aon ghuth na moltóirí. Bhí painéal RTÉ ar fad d’aon ghuth go raibh an bua ag Michael agus gur náire shaolta í an scóráil agus an eagraíocht féin, go deimhin.

Is truamhéalach an scéal é scéal na ndornálaithe ag na Cluichí seo.

‘Ní bhíonn in aon ní ach seal,’ a deirtear linn.

Thosaigh an nath sin ag ráthaíocht i m’intinn i ndiaidh do Mira Potkonen an ceann is fearr a fháil ar Katie Taylor inné. Is dornálaí cumasach, ceannródaíoch í Katie a raibh cuma dhochloíte uirthi ar feadh na mblianta. Go deimhin mhaífeadh mórán nach mbeadh dornálaíocht na mban sna Cluichí Oilimpeacha dá huireasa. Is léanmhar turnamh na dtréan.

Níor chuir Bernard Dunne ná Mick Dowling fiacail ann tar éis an chomhraic. Ní nach ionadh, níorbh fhada gur tosaíodh ag trácht ar bheirt dá giollaí gualainne nach bhfuil, ar chúis amháin nó ar chúis eile, taobh léi a thuilleadh. Dar le beirt RTÉ, (beirt tráchtairí deisbhéalacha, eolgaiseacha lena gceart a thabhairt dóibh) níl Katie os cionn a buille ó d’imigh a hathair Pete agus Billy Walsh.

Bhí conach ar chuid díobh siúd ina cúinne agus iad den tuairim go raibh an bua faighte go maith aici ar a céile comhraic ach ní mar a síleadh a bhí.

An cheist atá ag dó na geirbe ag an bpobal anois ná cad a dhéanfaidh Katie amach anseo. Tá an té a bhí á fhéachaint léi inné cúig bliana déag ar fhichid agus ní bheadh Katie ach ceithre bliana déag ar fhichid dá mba mhian léi na miotóga a tharraingt uirthi i Tokyo. Le bonn óir Oilimpeach ina glac agus lán a dhá dorn de chraobhacha Domhanda agus Eorpacha aici, is cinnte go mairfidh sí sa Táin, is cuma cá bhfuil a triall.

B’ábhar mór díomá é easpa gaisce na ndornálaithe trí chéile agus fé mar a dúirt leábharaic amháin, bhí an comhrac idir Shane Ross agus Pat Hickey i bhfad Éireann níos suimiúla. Tá smut Shane ar an scáileán de shíor agus é ag iarraidh ciall a dhéanamh den castróvaics ticéad; agus gan aon ní déanta aige nach bhféadfadh bheith déanta aige ar an bhfón ón mbaile.

A Murphy

Ba dhiail an cúpla lá spóirt é. Dheineas amach, tar éis mórachrainn, go raibh tuairim is 50 uair an chloig spóirt ar an teilifís ón Satharn go maidin Luain, le clúdach cuimsitheach á dhéanamh ar imeachtaí Rio agus Pháirc an Chrócaigh araon. Lena cheart a thabhairt do RTÉ bíonn siad snasta, pointeáilte i mbun an spóirt (agus cúrsaí reatha).

I gcaitheamh an deireadh seachtaine bhí Usain Bolt ag buachtaint ar a bhogstró, amhras á chaitheamh ag Sonia O’Sullivan ar bhua reathaí ón Aetóip, an gleacaí Simone Biles ar thóir na curiarrachta agus gaiscí badmantain Scott Evans. Ba dhóbair go ndeineamar dearmad ar Mourinho agus Man Utd.

Ní dhéanfaimid dearmad ar chluichí iomána an deireadh seachtaine, áfach, mar a raibh comhrac an bhradáin sa dá chluiche. Níorbh aon damhsa capall é seo. Bhí gaiscí Austin Gleeson chomh héachtach le haon rud atá le feiscint i Rio. Tá teipthe ar an nGaillimh arís eile deireadh a chur leis an ngorta agus ba thruamhéalach an feic í an léaráid a cuireadh ar scáileán an Sunday Game inar cuireadh buanna faoi aois agus sinsir na Gaillimhe i gcomparáid le scéal Chill Chainnigh.

Le barr lúbaireachta deirim leis na Gaillimhigh i gcónaí, agus ní thaitníonn sé leo toisc drochmeas a bheith ar a gcomharsana, go bhfuil gaisce níos mó déanta ag Maigh Eo sa chaid le deich mbliana anuas ná mar atá déanta ag na Gaillimhigh sna camáin.

Fág freagra ar 'RIO 2016: An ghoimh agus an gliondar, an gaisce agus an éagóir…'