Rinne mé botún áit éigin in aice le Cill Cholgáin is d’fhógair go raibh linn snámha san óstán…

Thug ár gcolúnaí agus a líon tí aghaidh ar Bheanntraí i gCo. Chorcaí maidin Dé hAoine seo caite. N’fheadar sí an mbeidh sí mar an gcéanna go deo arís…

8c180cfd9e04591fc2c2360d875446b7
ÍOMHÁ: www.spail[in.com

Chuir muid an triúr isteach sa gcarr i nGaillimh maidin Dé hAoine agus thug muid aghaidh ar Bheanntraí i gCo. Chorcaí. Níl a fhios agam an mbeidh mé mar an gcéanna go deo arís.

Is dócha gur cheart dúinn sracfhéachaint a bheith tugtha againn ar mhapa sular bhuail muid bóthar ach bhí muid soineanta an uair sin. Níor thuig muid cé mar a luíonn an bóthar isteach ar do chroí nó go bhfuil dearmad déanta agat ar do shaol sular thug tú faoin aistear agus tú ag imeacht sa gceo ar thóir an N71.

Thosaigh rudaí amach go maith. Bhí na málaí pacáilte in am, bhí sneaiceanna ag ‘chuile dhuine agus bhí ardghiúmar orainn uilig. Chuaigh an gháir amach sa gcarr, ‘seo linn go Beanntraí!’

Rinne mé botún mór áit éigin in aice le Cill Cholgáin agus d’fhógair go raibh linn snámha san óstán a raibh muid le fanacht ann. Bhí sé de cheart agam an t-eolas sin a bheith coinnithe faoi rún nó go raibh muid seasta ar bhruach na linne agus na togs orainn. ‘An mbeidh muid uilig ag gabháil ag snámh?’ – ‘Beidh’. ‘Chuile dhuine?’ – ‘Sea.’ ‘Cén uair?’ – ‘B’fhéidir tráthnóna, b’fhéidir maidin amárach.’ ‘Huraí, beidh muid ag snámh tráthnóna!’

Lean an mionphlé ar cheist an snámha ar aghaidh. D’imigh na bailte beaga tharainn gan oiread agus amharc amach an fhuinneog. Ba chuma cén t-iontas a maíodh a bheith sna garantaí; Breathnaigh – ba bainne. Breathnaigh – capalla. Breathnaigh – dragún! Ba chuma.

Ansin chonaic mé comhartha bóthair do bhaile na Sionainne. ‘Tá muid i gCo. an Chláir. An bhfuil aon amhrán agaibh faoi sin?’ a dúirt mé go lag agus creathán i mo ghlór. Thosaigh leagan bríomhar de Beidh Aonach Amárach i gCo. an Chláir nach raibh cloiste agam roimhe sin agus is dócha nach gcloisfidh arís.

Bhí linn nó gur tháinig muid go cathair Chorcaí. An bóthar siar a bhí uainn. Ach bhí an tOileán Beag ag glaoch orainn mar a rinne na spéirmhná ar Uiliséas agus a chriú fadó. Ní raibh aon éalú uaidh. ‘Faoi Zeus atá sé anois,’ a dúirt muid.

Chaithfeadh gur chuala siad ár nguí ar Shliabh Oilimpeas. Go tobann, chonaic muid an N71 ag síneadh amach go gléigeal álainn. Bhí na déithe linn. Apalló féin a chuir fáilte romhainn nuair a tháinig muid go Cuan Bheanntraí sa deireadh thiar agus linn snámha an óstáin ag lonrú faoi sholas órga an tráthnóna.

Fág freagra ar 'Rinne mé botún áit éigin in aice le Cill Cholgáin is d’fhógair go raibh linn snámha san óstán…'

  • Fearn

    Bhal, bíonn súil le muir, fiú muna bhfuil ann ach poll snámha :-)