Aon uair amháin ariamh a chroith mé lámh le Jimmy Doyle agus bhí mo theanga ag sciorradh uaim go gceistneoinn an t-iománaí ba sciliúla a bhí feicthe agam le linn m’óige.
Ach, níor labhair ceachtar againn lena chéile. Ní bheadh sé oiriúnach dul ag clabaireacht i gceartlár an Aifrinn i Séipéal Naomh Seosamh agus Naomh Bríd i nDúrlas, cúpla uair an chloig roimh Chluiche Ceannais Iomána de chuid na Mumhan tuairim scór blianta ó shin.
Ar aon dath ní mba fear mór gaisce é Jimmy agus ní raibh sé ann de réir a nádúir a bheith ag déanamh mórtais as a chuid éachtaí. Rinne sé cion beirte ar an bpáirc agus d’fhág sé an chaint faoi dhaoine eile.
Ina shuí le m’ais i suíochán an tséipéil ba léir gur bheag athrú a bhí air ón am a dtugadh sé scúirseáil do chosantóirí na tíre. Ní raibh unsa meáchain air, é éatrom ar a chos i gconaí agus cuma na hóige fós ar a éadan.
Caithfidh mé a admháil gur ag cuimhniú ar cheisteanna a d’fhéadfainn a chur a chaith mé an chuid eile den Aifreann, seachas a bheith ag paidreoireacht.
“Cé chomh scanraithe agus a bhí tú i 1954 agus tú i do bháireoir ar fhoireann Thiobraid Árann a d’imir os comhair 84,000 duine i gCluiche Ceannais Mionúir na hÉireann agus gan tú ach 15 bliain d’aois ar éigean?”. “Cé hé an t-imreoir ba salaí a d’imir i d’aghaidh, mar bhí go leor acu ann?” . “Cén mheas atá agat ar iománaíocht an lae inniu?”
Ach ní bhfuair mé an seans. “Imigí faoi shíochán”, a d’fhógair an sagart. Amach le Jimmy Doyle as Séipéal Naomh Seosamh agus Naomh Bríd ar Bhóthar na Naomh, taobh le Staid Semple, áit ar léadh Aifreann a shochraide ag deireadh na seachtaine seo caite agus thug mise faoi bhaile Dhúrlais ar thóir bricfeasta.
B’fhada ó iompar naoimh a chleacht cuid de na himreoirí a rinne iarracht Jimmy Doyle a cheansú sa saol imeartha a d’fhág 9 gCraobh Shinsearach de chuid na Mumhah, 6 cinn de chuid na hÉireann agus 7 mbonn sraithe aige agus é i mbarr a réime idir 1957 agus 1971.
Facthas a chruthúnas sin sa ngiota imeartha a spáineadh ar an teilifís an lá faoi dheireadh agus scéal a bháis á fhógairt. Pictiúr gráinneach dubh agus bán den Dúilleach, an camán ina chiotóg, an sliotar greamaithe dó agus fogha á thabhairt aige trí chúlaithe Chill Chainnigh. Tugann sé na sála don té atá á mharcáil, ach ansin tagann cosantóir eile trasna agus faoin am a bhfuil a iarradh siúd tugtha, níl fágtha ina lámh ag Doyle ach tuairim 6 horlaigh de chos a chamáin féin. Fós déanann sé iarracht an sliotar a bhualadh leis an mbun atá fanta, ach tá an fheadóg séidte ag an réiteoir. Sampla maith a bhí ann den íde a fuair Jimmy Doyle i rith a shaoil iomána.
Tar éis dó imirt sa gcúl i gCluiche Ceannais Mionúir na hÉireann sin i 1954, áit ar bhuaigh Áth Cliath orthu, bhuaigh sé 3 bhonn as a chéile sa ngrád sin, ina chaptaen don 3ú ceann i 1957.
Faoin tráth sin, bhí áit bhuan aige ar fhoireann shinsearach an chontae agus faoin am a raibh sé scór bliain d’aois bhí Craobh Shinsearach na hÉireann agus dhá bhonn Sraithe Náisiúnta buaite aige le Tiobraid Árann mar aon le ceithre bhonn sinsear contae as a chéile le Sáirséalaigh Dhúrlais.
I bhfoisceacht cúpla cead slat den pháirc iomána is cáiliúla in Éirinn a rugadh, a tógadh agus a mhair Jimmy Doyle. Uair ar bith a mbíodh imirt á déanamh ar Pháirc Semple, ansiúd a bhíodh sé – cuma a mba cluiche faoi aois nó Craoibhe na Mumhan a bhí ar siúl. Nuair a thagadh Christy Ring chun imeartha, théadh Doyle óg chomh fada leis an ostán go bhfeicfeadh sé a laoch ag ithe. Ina dhiaidh sin leanadh sé timpeall an bhaile é agus nuair a thosaíodh an cluiche chinnteodh Jimmy go mba ar taobh Christy den pháirc a bheadh sé féin suite. Nuair a thagadh an dara leath d’athraíodh sé bráca sa gcaoi agus go mbeadh feiceáil mhaith i gconaí aige air.
Faoin am ar éirigh sé as an iománaíocht, bhí ocht mbonn de chuid an Bhóthair Iarainn buaite ag Jimmy Doyle agus 22 bliain idir an chéad cheann acu agus an ceann deireanach. Ba údar mór bróid dó go raibh Ring mar chomrádaí imeartha aige nuair a bhuaigh sé leath acu gan é ach ocht mbliana déag nuair a thug Cúige Mumhan an chraobh sin leo i 1958.
Inniu táim faoi bhrón ag a bhás agus faoi aiféala gur thug mé aird ar mo mháthair bhocht nuair a dúirt sí liom fadó nár cheart a bheith ag caint le linn Aifrinn.
Fág freagra ar 'Rinne Jimmy Doyle cion beirte ar an bpáirc agus d’fhág sé an chaint faoi dhaoine eile'