Rinne an ‘Bodyguard’ gaisce don BBC, ach céard faoi ‘Bodyguard’ a dhéanamh lonnaithe in Éirinn na 1940idí?

Tráthúil go maith agus í ar dhuine de na milliúin daoine a bhí sáite sa chlár ‘Bodyguard’ ar an BBC, tháinig ár gcolúnaí le déanaí ar threoir don Gharda Síochána maidir le ‘Cosaint d’Airí Rialtais’ i 1940

Rinne an ‘Bodyguard’ gaisce don BBC, ach céard faoi ‘Bodyguard’ a dhéanamh lonnaithe in Éirinn na 1940idí?

Is é Bodyguard an dráma is mó cáil ar theilifís BBC le fada an lá. Bhí na milliúin ag féachaint air agus d’fhéach 11 milliún air an oíche dheiridh. Ceann de na rudaí is suntasaí faoi, ná an t- ardú mór a tháinig ar líon na ndaoine a léirigh suim sna póilíní mar ghairm bheatha ina dhiaidh.

Spreag an tsraith díospóireacht sa mBreatain faoi cé chomh réalaíoch is a bhí an scéal.

Chuir an t-údar Jed Mercurio a ladar féin sa díospóireacht ag rá go raibh sé ar fad bunaithe ar thaighde a rinne sé ar an bpost agus ar mhodhanna oibre na bpóilíní. I radharc amháin tá an Rúnaí Gnóthaí Baile faoi ionsaí ina carr stáit. Tá duine éigin ag caitheamh urchair ina treo le gunna ardchumhachta. Istigh sa charr atá an ‘bodyguard’. Is fada go dtagann aon duine i gcabhair orthu.

Anois, agus mé ag póirseáil thart i seanpháipéir le gairid, céard a fuair mé ach treoir don Garda Síochána, ‘Cosaint d’Airí Rialtais’ a eisíodh i Meitheamh 1940. Doiciméad stairiúil é seo a tugadh do dhuine a bhí sa Bhrainse Speisialta, agus a raibh de chúram air cosaint a thabhairt d’Aire Rialtais nó don Taoiseach.

Le linn d’Fhianna Fáil a bheith i gcumhacht sna 1930idí, ba é Éamonn Broy a bhí i gceannas ar na gardaí. Tugadh na ‘Broy Harriers’ ar an mBrainse Speisialta sin, mar shórt leasainm, imeartas focal ar na Bray Harriers, cumann seilge a bhí ann ag an am.

Earcaíodh na fir seo go speisialta mar nár thrust Dev agus Fianna Fáil na gardaí a bhí ann rompu faoi stiúir Eoin Uí Dhufaigh. Seacht leathanach atá clóscríofa go dlúth atá sa doiciméad seo. Tá an chosúlacht air gur bundoiciméad é – ní léir go raibh ‘cóipeanna’ á ndéanamh do chuile gharda. B’fhéidir nach raibh fótachóipeáil ann ag an am? Cinnte, níor priontáladh é seo.

Tá na seacht leathanach seo eisithe ‘in éineacht’ leis na treoracha ginearálta a bhí ann cheana féin. Is cosúil gur bhain siad seo leis an Aire áirithe a bhí le cosaint. Ta ‘rúnda’ scríofa ar a bharr chomh maith le hainm an gharda féin.

Tuigim gurbh é Éamon de Valera an duine a bhí á chosaint ag an ‘Broy Harrier’ seo. Is léir nach duine amháin a bhí i mbun na cosanta. Deirtear sa treoir gur chóir gach taobh de theach an Aire a bheith faoi chosaint ag gach nóiméad- cuirtear in iúl gur ar ‘beat’ atá na gardaí agus ní cheadaítear dóibh a bheith ina suí nó ag léamh an pháipéir.

Ní tharlódh eachtra áirithe mar a tharla sa ‘Bodyguard’, nuair a bhí urchair lochtacha sa ghunna, do na gardaí seo –‘each member should daily examine their weapons….similarly examine their ammunition’.

Cuirtear fainic orthu a bheith san airdeall an t-am ar fad.

Má bhíonn beirt acu ar dualgas – caithfidh siad a bheith scartha óna chéile agus a bheith ag faire amach d’áit a mbeidís in ann gunnaí a scaoileadh ar an bpointe. Ní fhéadfaidís aon mhuinín a bheith acu as an bpobal ach an oiread- go háirithe na daoine sin a raibh cuma amhrasach orthu – ‘persons reading newspapers, or with hands in pockets which might allow of the use of a concealed weapon, will be regarded with suspicion’.

Sa tsraith teilifíse, ionsaíodh carr an Aire i lár Londan. Bhí na húdaráis i 1940 in Éirinn réidh i gcomhair ionsaí mar sin. Bheadh córas cumarsáide riachtanach agus bheadh córas rabhaidh ann freisin: The efficiency of the (alarm) system will…depend…. on the care of the individual to avoid being surprised. An alarm may be given by whistle, or by discharging a shot’.

Anois, bheadh sé riachtanach sa chás sin go mbeadh an garda in ann an scéal a chur in iúl don stáisiún áitiúil. ‘The possibility of speedily communicating with a garda station should be considered. It may be possible to do so by using a telephone from the Minister’s house’.

Ach céard a dhéanfadh sé sa gcás nach raibh aon teileafón ag an Aire? Nuair a bhí Gerry Boland ina Aire ní raibh aon teileafón aige – bhí sé ina Aire Poist agus Teileagraf. Bhuel, sa chás sin, bheadh ar an ngarda the position of the nearest telephone should be known, and a covered route of egress thereto (if available) noted’. Agus bheadh sé ag súil nach mbeadh an mháistreás poist ag éisteacht leis an Nuacht ar an raidió agus é ag iarraidh glaoch ‘a chur tríd’.

Tá rannóg iomlán sna treoracha faoi ‘Passwords’, ach ó tharla go raibh drochlá agam inné le pasfhocail ní fhéadfainn drannadh leis. Ach, tugaim faoi deara  ‘each post will have a different password which will be changed every six hours…’ Agus cheap mé go raibh Airtricity go dona.

Is cinnte nach mbeadh sé éasca ag lucht ionsaithe nó treallchogaithe an t-ionsaí i lár Londan a tharla sa Bodyguard, a dhéanamh. Carr amháin a bhí sa radharc seo sa tsraith teilifíse – bheadh dhá charr i gceist i 1940 – carr an Aire agus an carr a bhí á thionlacan. Bheadh an carr chun tosaigh in ann rabhadh a thabhairt do na daoine i gcarr an Aire. ‘A system of simple signals…information of a possible danger to the following car…Handkerchief waves are suggested…as the motor horn may not be sufficiently distinctive’.

Is léir go raibh an-bhéim ar shábháilteacht agus ar shlándáil sna 1940idí in Éirinn – díreach mar atá i Londain sa lá atá inniu ann.

Is fiú súil a chaitheamh ar na cúinsí polaitiúla a bhí ann ag an am in Éirinn.

Bhí Fianna Fáil i gcumhacht agus an Dara Cogadh Domhanda ar siúl. Ní raibh rudaí ag dul go maith don Bhreatain. Bhí an Fhrainc tar éis titim. Fud fad chósta na hÉireann bhí buamaí ag titim ar longa cogaidh agus ar bháid lastais. Bhí fomhuireáin na Gearmáine cruógach. Ar bord ceann acu, ar a bhealach ar ais go hÉirinn tar éis a bheith sa nGearmáin agus é ag foghlaim faoi phléascáin shabaitéireachta, bhí Seán Russell, ceannaire san IRA. D’éag sé ar bord. Bhí Éamon de Valera tar éis lucht míleata in Éirinn a shlógadh ar an tuiscint go n-ionsódh an Ghearmáin an Bhreatain.

I mí an Mheithimh, d’fhógair an tAire Frank Aiken gur chóir do dhaoine bia a stóráil agus ‘áit foscaidh’ a aimsiú. Mí na Nollag roimhe sin, bhí an IRA tar éis ionsaí a dhéanamh ar arm agus armlóin i bPáirc an Fhionnuisce.

Bhain na hionsaithe agus na bagairtí ba mhó ar airí rialtais leis an bpolaitíocht ag baile. I rith an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh 2,000 fear i bpríosún faoi imtheorannú. Maraíodh cúigear gardaí. Cuireadh seisear ón IRA chun báis. Ba é Gerry Boland, an fear nach raibh teileafón aige nuair a bhí sé ina Aire Poist agus Teileagraf, an tAire Dlí agus Cirt.

Ba é Gerry Boland a thug isteach na cúirteanna míleata, imtheorannú agus an Chúirt Choiriúil Speisialta. Nach ndéanfadh sé sin sraith teilifíse agus gan aon fhocal ficsin ann?

Fág freagra ar 'Rinne an ‘Bodyguard’ gaisce don BBC, ach céard faoi ‘Bodyguard’ a dhéanamh lonnaithe in Éirinn na 1940idí?'