Righne agus cruálacht chóras dlí Meiriceá curtha os ár gcomhair in ‘The Innocence Files’

An rud is tábhachtaí i gcóras dlí agus cirt Mheiriceá ná an bua a fháil. Léirítear é sin go paiteanta i sraith ó Netflix faoi chásanna de chuid The Innocence Project

Righne agus cruálacht chóras dlí Meiriceá curtha os ár gcomhair in ‘The Innocence Files’

Ba bhliain chinniúnach í 1987 ó thaobh an chórais dlí agus cirt mar gur baineadh úsáid as tástálacha DNA den chéad uair le teacht ar dhúnmharfóir. Ní fada gur scaip an cleachtas eolaíochta is dlí seo ar fud an domhain agus is minic é ina bhunchloch iontaofa le cásanna dlí inniu.

Bhí Barry Scheck agus Peter Neufeld míshásta le blianta faoi neamhiontaofacht, righne agus cruálacht an chórais dlí agus cirt i Meiriceá. I 1992 chinn an bheirt dlíodóirí agus iarchosantóirí poiblí, The Innocence Project a chur ar bun in Nua-Eabhrac.

Déanann an eagraíocht seo fóirithint orthu siúd atá ciontaithe san éagóir agus is é an DNA an uirlis troda is cumhachtaí a bhíonn acu. Tá na céadta saortha acu i gcaitheamh na mblianta, cuid acu sin sáinnithe i scuaine an bháis. Is éard atá sa tsraith faisnéise seo ó Netflix ná súil siar ar chuid de na cásanna ba shuntasaí a raibh baint ag an eagraíocht leo.

Baintear úsáid as agallaimh leis na daoine a ciontaíodh agus daoine a bhí ar an dá thaobh den chás leis na scéalta tragóideacha seo a insint go tuisceanach tomhaiste.

Ní nach ionadh faigheann an eagraíocht na mílte litreacha gach aon bhliain agus daoine ag impí uirthi teacht i gcabhair orthu. Lá de na laethanta i mbliain an dá mhíle tháinig litir ó Kennedy Brewer, fear a ciontaíodh as cailín óg trí bliana d’aois a fhuadach agus a dhúnmharú i 1995. Chuathas ag tochailt agus níorbh fhada gur tháinig iomrall ceartas go barr uisce.

Ar an gcéad dul síos bhí dhá dhúnmharú sa cheantar céanna in Mississippi a bhí an-chosúil le chéile, ach ina ainneoin sin ciontaíodh beirt dhifriúla; Brewer agus fear darbh ainm Levon Brooks roimhe sin. Bhraith an dá chás go láidir ar “forensic ondontology;” sé sin dramheolaíocht faoi loirg ghreama.

Chuaigh fianaise an Dr. Michael West i bhfeidhm go mór ar na giúiréithe. Labhraíonn West é féin go neamhleithscéalach, uaibhreach agus go trodach le meitheal an chláir faoi na cásanna úd agus a ról féin iontu. Ní righne go dtí é.

Ní fhéadfaí trácht a dhéanamh ar Mississippi gan ciníochas a lua agus is cinnte gur imir sin tionchar ar an gcás. “White folks make the damn rules,” a fhógraíonn cara le Brooks go neamhbhalbh. Ní raibh in Brooks agus Brewer ach sceilpíní gabhair ag córas a bhí i seilbh an chine bháin.

Go deimhin bhí cara le Brooks óna óige, Bos Steven, ar an ghiúiré dá chás ach níor chuir seo as do lucht an ionchúisimh dar le Bos mar mheas siad go gciontódh an fear bán an fear dubh. Is ábhar cartlainne atá againn don ionchúisitheoir dúiche, Forrest Allgood, agus ach oiread le West níl sé sásta géilleadh gur ciontaíodh an bheirt san éagóir.

Cuireann an tsraith chumhachtach seo abhaile orainn abhaile go bhfuil cothrom na Féinne in áit na leathphingine i gcóras dlí agus cirt Mheiriceá go minic; an rud is tábhachtaí ná an bua a fháil.

Fág freagra ar 'Righne agus cruálacht chóras dlí Meiriceá curtha os ár gcomhair in ‘The Innocence Files’'