‘Ridiculous hair’ Trump agus ‘butchering the Irish language’ – an chéad díospóireacht

Neamhanamúil go maith a bhí an díospóireacht uachtaránachta tráthnóna idir ceathrar den seisear iarrthóirí

‘Ridiculous hair’ Trump agus ‘butchering the Irish language’ – an chéad díospóireacht

Má chuir Micheál D Ó hUigínn tús láidir lena fheachtas toghchánaíochta inné, neamhanamúil go maith a bhí an chéad díospóireacht idir na hiarrthóirí.

Ar ndóigh, ní raibh Ó hUigínn ná Seán Gallagher i láthair do The News At One Debate, agus caillte go maith a bhí an plé dá n-uireasa.

B’fhéidir go raibh baint ag an leagan amach srianta ar an gclár leis sin, ach déarfá gurbh amhlaidh gur ag tástáil a dteachtaireachtaí agus ag cur snas ar a ‘soundbites’ atá an ceathrar eile go fóill.

‘Mentoring, motivating and mobilizing’ na buanna atá ag Gavin Duffy, mar shampla, trí ‘m’ a mheabhrófar dúinn go minic sna seachtainí romhainn amach, bí siúráilte de.

‘Heart agus compassion’ bun agus barr an scéil do Joan Freeman, cé go bhfuil an ‘grit, resilience and energy’ aici don chúram leis.

‘Uachtarán nua, d’Éirinn nua’ an mana atá ag Liadh Ní Riada, iarrthóir Shinn Féin nach bhfuil Sinn Féin luaite ar a cuid póstaer toisc gur uachtarán nua don uile dhuine san Éire nua a bheadh inti.

Údar mórtais dóibh ar fad an ‘fuinneamh’ atá iontu, agus ráineodh go bhfuil baint ag aois an uachtaráin féin leis an ndúil atá acu sa bhfocal áirithe sin.

‘The incumbent’ a thug cathaoirleach na díospóireachta Áine Lawlor ar Mhicheál D Ó hUigínn aon uair ba ghá tagairt a dhéanamh dó, teideal a mheabhródh do dhuine ainm mionlaoch sa tsraith Marvel nó clár teilifíse réaltachta.

Pé scéal é, ní dócha go mbeadh ‘The Incumbent’ ag breith chuige féin le heagla má bhí leathchluas aige leis an raidió agus é ag fanacht ar chuairt Phrionsa Edward na Breataine tráthnóna.

Is beag a d’fhoghlaimíomar dáiríre faoin gceathrar seachas go bhfeictear dóibh ar fad go bhfuil Éire ag athrú agus gurb iadsan is fearr chun an t-athrú sin a láimhseáil, ag cur san áireamh nach mbeidh aon chumhacht dáiríre acu mar go bhfuil an uachtaránacht ‘above politics’.

Bhí a fhios againn cheana, mar shampla, go bhfuil Peter Casey den tuairim nach mbaineann neodracht na hÉireann le hábhar a thuilleadh agus gur chóir dúinn dul i bpáirtíocht le NATO. Ní raibh a fhios againn go dtí inniu, áfach, go raibh Peter Casey ag iarraidh a bheith ina uachtarán ó bhí 1982 ann, tráth ar phléigh sé an scéal lena mháthair roimh imeacht chun na hAstráile dó.

Dealraíonn sé gur bhean shuimiúil í sin a bhíodh ag tabhairt amach faoi iarrthóirí toghcháin a bheith “butchering the Irish language” ar an dteilifís.

Bean a bhí chun cinn ar chách, ní foláir.

Maidir le ceist na teanga, ní gá a rá, is dócha, go bhfuil grá mór acu ar fad di agus go bhfoghlaimeodh an triúr nach bhfuil sí acu cheana í dá dtoghfaí iad. Chuaigh an Seanadóir Joan Freeman le báiní ar fad agus dúirt sí go ndéanfadh sí ranganna Gaeilge fiú mura mbeadh sí ina hUachtarán. Anois sin agat ‘grit and resilience’.

Plámás agus buaileam sciath na comharthaí sóirt is mó a bhíonn ar dhíospóireachtaí uachtaránachta agus níorbh aon eisceacht an ceann seo.

Dá mbeadh breith ar a haiféala aici, seans nach ndéarfadh Liadh Ní Riada go gcuirfeadh sí ceist ar Donald Trump faoina “ridiculous hair” dá mbeadh sé ar cuairt aici san Áras. Cé nár chaith sí aon amhras ar bhreith mhíthrócaireach an Fheisire Eorpaigh ar ghruaig Trump, mheabhraigh Áine Lawlor di nár chóir di a leithéid a rá agus í ina huachtarán. Dúirt Ní Riada gur jóc a bhí ann, ach déarfá go raibh ceacht foghlamtha aici mar sin féin.

B’aite freagra Peter Casey ar an gceist chéanna faoin bhfáilte nó an easpa fáilte a chuirfí roimh Trump go dtí an tÁras. Dúirt Casey gur ‘disgrace’ agus ‘serial womanizer and abuser’ é Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá ach go gcuirfeadh sé fáilte roimhe mar sin féin. B’fhiú an cheist a chur cad a chaithfeadh fear na gruaige aite a dhéanamh chun nach gcuirfeadh Casey fáilte roimhe.

Seachas an iarracht sin ar ghreann thug bean na Gaeltachta taispeántas maith uaithi, cé gur tháinig iarrthóir Shinn Féin, mo leithscéal iarrthóir an uile dhuine, faoi bhrú arís maidir lena dearcadh i leith na vacsaíne HPV, ceist is cosúil a mbeidh sé deacair í a ruaigeadh ón bplé.

Ar a shon sin go léir, ba í bean Mhúscraí agus an fear gnó Gavin Duffy ba shoiléire agus b’údarásaí ina gcuid cainte i ndíospóireacht a bhí leamh agus uiscealach go maith.

An comhartha an babhta scáthdhornálaíochta seo ar a bhfuil romhainn, nó an mbeidh a thuilleadh gearradh in allagar an Árais ach a rachaidh ‘The Incumbent’ agus Gallagher sa ghleo?

 

Fág freagra ar '‘Ridiculous hair’ Trump agus ‘butchering the Irish language’ – an chéad díospóireacht'

  • An Teanga Bheo

    Nach bac le gruaige Trump is uachtaráan Stáit Aontaithe é gan baint ar bith aige le ríocht easaontaithe na tíre seo. Uachtarán do na Gaeil uilig atá uainn sa domhan seo !

  • Eoin Ó Murchú

    Má bhí an díospóireacht seo in ann dul ar aghaidh agus beirt iarrthóir as láthair, cén fáth nach féidir díospóireacht Ghaeilge a reachtáil agus ceathrar as láthair?